Céim mhór chun cinn agus tástáil nua don ghalar Alzheimer forbartha

NOD DON EOLAÍ: Toisc nach bhfuil tástáil éasca agus áisiúil ar fáil faoi láthair, is minic nach mbíonn a fhios an galar Alzheimer a bheith ar othar go dtí go ndéantar scrúdú iarbháis

Céim mhór chun cinn agus tástáil nua don ghalar Alzheimer forbartha

Tá eolas faoi thástáil chruinn chun fáil amach an bhfuil an galar Alzheimer ar dhuine foilsithe san eagrán is déanaí den iris eolaíochta Nature.  Le linn trialacha, bhí an fhoireann ábalta an galar a dhiagnóisiú i 98% de na hothair a raibh an galar orthu.  Táthar ag súil go mbeidh an tástáil ar fáil amach anseo nuair a bheidh níos mó forbartha agus tuilleadh trialacha déanta air.

Tá an-ráchairt ar thástáil fola a bheas in innimh fáil amach an bhfuil an galar Alzheimer ar othar nó ar tí a theacht ar dhuine.  Leis an tástáil fola seo, bheadh dochtúirí ábalta sampla fola a ghlacadh ó othar agus é a sheoladh fhad le saotharlann chun tástáil a dhéanamh air.

Tá dhá thástáil ann cheana féin chun fáil amach an bhfuil an galar Alzheimer ar dhuine.  Ar an drochuair tá ceann acu, iomháú PET an-chostasach agus neamhphraiticiúil.

Tá an tástáil eile míchompordach agus contúirteach.  Is amhlaidh a ghlactar sampla den leacht ó inchinn nó ó dhromlach an othair agus anailís a dhéanamh air. 

Toisc nach bhfuil tástáil éasca agus áisiúil ar fáil, is minic nach mbíonn a fhios an galar Alzheimer a bheith ar othar go dtí go ndéantar scrúdú iarbháis. 

Tá an tástáil nua bunaithe ar theicneolaíocht a aithníonn blúire faoi leith den bhéite-phróitéin amalóideach san fhuil.  Agus an galar Alzheimer ag forbairt, táirgtear barraíocht den phróitéin seo sa néarchóras agus scaoiltear cuid di isteach san fhuil. 

Ní fheidhmíonn na néaróga i gceart de bharr an méid sin béite-phróitéin amalóideach a bheith sna cealla. Tar éis tamaill, faigheann cealla sna néaróga bás agus glantar amach as an néarchóras iad.  Is é seo an fáth go mbíonn inchinní na n-othar a bhfuil an galar Alzheimer orthu níos lú ná gnáth-inchinní.

Chruthaigh foireann taighdeoirí ón tSeapáin agus ón Astráil dóigh níos cruinne chun an méid béite-phróitéin amalóideach san fhuil a thomhas. Thig leis an teicneolaíocht úr píosaí beaga den bhéite-phróitéin amalóideach a aithint i sampla fola ar éasca teacht air.

Tá dhá bhuntáiste ag an tástáil fola seo,  tástáil atá éasca agus saor. Beifear ábalta an galar a dhiagnóisiú go luath.  Faoi láthair, ní aithnítear an galar go dtí go mbíonn fadhbanna móra ag an othar.  Dá mbeifí ábalta an galar a dhiagnóisiú níos túisce, bheifí ábalta cóir leighis a chur ar fáil níos luaithe ná mar a dhéantar faoi láthair.

Tá buntáiste eile leis fosta.  Le blianta beaga anuas theip ar neart drugaí in aghaidh an ghalair Alzheimer i dtrialacha.  Ní fios go cinnte cad ina thaobh go dteipeann orthu chomh minic seo.

Táthar ann a mheasann go bhfuil ag teip orthu toisc go mbíonn na hothair sna trialacha róthinn sula dtugtar na drugaí sin dóibh.  Ach go dtí gur foilsíodh an tástáil fola nua an tseachtain seo caite, bhí sé thar a bheith deacair a theacht ar othair a raibh an galar orthu, ach nach raibh róthinn leis.

Dá mbeadh othair nach raibh chomh tinn sásta páirt a ghlacadh sna trialacha, meastar go mbeadh seans níos fearr ag na taighdeoirí a theacht ar dhrugaí a bheadh ag feidhmiú go luath in aghaidh fhorbairt an ghalair.

Is céim mhór chun cinn é forbairt na teicneolaíochta seo.  Meastar go mbeifear ábalta an galar a dhiagnóisiú agus cóir leighis a thosú níos luaithe ná mar a dhéantar faoi láthair.  Sa mhullach air sin táthar ag súil go mbeidh lucht taighde in innimh trialacha níos fearr a chur ar bun chun cóir leighis a fháil don ghalar tubaisteach seo.

Fág freagra ar 'Céim mhór chun cinn agus tástáil nua don ghalar Alzheimer forbartha'