Déanfar ceiliúradh speisialta ar Oíche Fhéile Sin Seáin i nGaeltacht Chonamara i mbliana.
Is sa Teach Dóite a bheidh an seó ‘Lóchrann Chonamara’ ar siúl mar chuid den tionscadal de chuid Ghaillimh 2020, ‘Bailte Beaga Smaointe Móra’.
Cumann Forbartha Chois Fharraige agus Coiste Pobail na Fairche atá ag cur an oíche mhór siamsaíochta ar fáil i gcomhar leis an gcompántas drámaíochta Fíbín, an damhsóir comhaimseartha Eoin Mac Donncha agus Pyre Productions.
Beidh ceol agus damhsa, seó sráide agus tine mhór chnámh mar chuid den cheiliúradh ar Oíche Shin Seáin, a bhí áirithe i measc na bhféilte ba thábhachtaí ar fhéilire na nGael.
Deir lucht eagraithe Lóchrann Chonamara go bhfuil “cuid de na gnéithe is saibhre de sheantraidisiúin Oíche Fhéile Sin Seáin ag dul i léig le blianta beaga anuas” agus go bhfuil fúthu na traidisiúin sin a “athmhúscailt” le cabhair ceoltóirí, aisteoirí, damhsóirí daoine óga agus táirgeoirí bia áitiúil.
Ócáid saor in aisce faoin aer a bheidh ann agus cuireadh tugtha ag lucht a heagraithe don phobal go léir “ceiliúradh a dhéanamh ar an nasc atá againn leis an nádúr agus leis an tírdhreach i gConamara, ar ár n-oidhreacht, ár dteanga agus ár gcultúr”.
Ar shuíomh na marglainne, taobh le Tigh Pheacocke, a bheidh an tsiamsaíocht á cur ar fáil.
Beidh ceol ar siúl ó 8pm go dtí meán oíche. Lasfar an tine chnámh le titim na hoíche agus gealltar “searmanas mórthaibhseach” thart ar 10.30pm.
Déanfaidh baill ó chlubanna siúlóide áitiúla “an lasair” lena lasfar an tine chnámh, a iompar thar shléibhte agus phortaigh go dtí láthair an cheiliúrtha.
Beidh an damhsóir comhaimseartha aitheanta Eoin Mac Donncha, ag cur damhsa nua a coimisiúnaíodh don ócáid i láthair i dteannta scoláirí ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán.
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe ó Chumann Forbartha Chois Fharraige go dtabharfadh an ócáid muintir Chonamara go léir le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcultúr agus a n-oidhreacht.
“‘Castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte’ an sean-nath cainte a tháinig chun cuimhne nuair a tháinig Cumann Forbartha Chois Fharraige aníos leis an smaoineamh Lóchrann Chonamara a eagrú.
“Sin go díreach atá ar bun againn, ‘sé sin daoine ó Chonamara Theas agus ó Chonamara Thuaidh a thabhairt le chéile chun saibhreas cultúrtha an cheantair a cheiliúradh, idir theanga, cheol, bheatha agus na traidisiúin. Is iontach an deis é seo do dhaoine ó gach cearn de Chonamara, chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár bpobal agus an méid atá le tairiscint ag ceantar Chonamara mar chuid de Ghaillimh 2020.”
Dúirt Liz Kelly, Léiritheoir Cultúir le Gaillimh 2020 go raibh “ríméad” ar an eagraíocht a bheith ag tacú le Lóchrann Chonamara agus gur “eiseamláir iontach” a bhí ann den obair atá á déanamh mar chuid den chlár ‘Bailte Beaga Smaointe Móra’ a dhéanann an mheitheal agus obair mheithle a cheiliúradh.
Clár na hOíche
Seastáin: 7.00pm ar aghaidh ag díol bia mara agus uaineoil sléibhe
20.00 -21.00pm: Cillín
21.00- 22.00: Marcus Ó hIarnáin agus a chlann in éindí le Don Stiffe
22.00 -00.00: Cogar Céilí Band le haíonna speisialta
22.30: An Tine Chnámh á lasadh le seó speisialta á léiriú ag Fíbín agus damhsóirí óga ó Choláiste Cholmcille, á stiúradh ag Eoin Mac Donncha
– Breis eolais (091) 593185, lochrannchonamara@gmail.com
Fág freagra ar 'Ceiliúradh spleodrach ar Oíche Fhéile Sin Seáin geallta ar an Teach Dóite'