Ceiliúradh le déanamh ar fhéile an Oireachtais a reáchtáladh ar an gCeathrú Rua 40 bliain ó shin

Oíche Déardaoin a chuirfear tús leis an gceiliúradh i gCasla in Oifigí an Oireachtais mar a mbeidh taispeántas de shaothar ealaíne le beirt d'ealaíontóirí na Ceathrún Rua - Charles Lamb agus Pádraic Reaney

Ceiliúradh le déanamh ar fhéile an Oireachtais a reáchtáladh ar an gCeathrú Rua 40 bliain ó shin

Ceathracha bliain ó shin i 1983 a tionóladh féile an Oireachtais ar an gCeathrú Rua i gConamara agus chun an ócáid stairiúil sin a cheiliúradh tá Oireachtas eile á eagrú an deireadh seachtaine beag seo ag grúpa oibre faoi chúram na heagraíochta pleanála teanga Pobal Rua agus Coiste Cultúir agus Oidhreachta na Ceathrún Rua.

Is iontach go deo an clár atá curtha le chéile ag an gcoiste agus maoiniú á chur ar fáil ag Pobal Rua. Cá bhfios nár spreag spleodar is mórtas na féile sin i 1983 muintir na dúiche le greim a choinneáil ar an nGaeilge agus gurbh amhlaidh a bheadh ag glúin óg an lae inniu a gheobhas deis an tOireachtas seo a bhlaiseadh ar a dtairseach féin.

Oíche Déardaoin ag a 7.00pm a chuirfear tús leis an gceiliúradh i gCasla in Oifigí an Oireachtais mar a mbeidh taispeántas de shaothar ealaíne le beirt d’ealaíontóirí na Ceathrún Rua – Charles Lamb agus Pádraic Reaney. Beidh plaicíní agus súimíní le fáil ag an seoladh seo chomh maith le deis lán do chuid súl a bhaint as pictiúir nach mbíonn ar taispeáint de ghnáth.

Ina dhiaidh sin beidh caint ón amhránaí Antaine Ó Faracháin faoin ealaíontóir fonnadóireachta Máire Cholman Nic Dhonnchadha, as an gCeathrú Rua, a mheall na sluaite lena guth diamhair agus lena meon mánla geanúil. ‘Máire Cholman: Croí Cúthail’ teideal na cainte agus tá pribhléid agus pléisiúr i ndán duit. Ceann de léachtaí míosúla Chumann Béaloidis Chonamara a bheidh anseo ach an ócáid ar siúl i gCasla seachas thiar san Acadamh mar is iondúla.

Más tuilleadh ceoil is comhluadair atá uait ansin, ní bheidh i bhfad le ghabháil agat síos Tigh Kitt mar a mbeidh Club na Féile.

Más spéis leat fonnadóireacht agus más gráin leat moltóireacht is iomaíocht, bí i Séipéal Mhic Dara oíche Dé hAoine ag 7.00pm mar a mbeidh laochra an tsean-nóis le cloisteáil. Beidh sárfhonnadóirí an Oireachtais ansin, daoine a chuir a n-ainm ar Chorn Uí Riada agus duine acu, Máirtín Tom Sheáinín á gcur inár láthair. Nach deacair a chreidiúint gur i 1983 a chroch MTS leis Corn Uí Riada agus nach minic ó shin a chuir sé an ócáid mhór i láthair ar Raidió na Gaeltachta.

Sibhse a bhfuil tóir agaibh ar an bhfiach bígí sa leabharlann bhreá ar an gCeathrú Rua ag a 11.00 maidin Dé Sathairn mar a mbeidh na sealgairí focal Máire Feiritéar agus Áine Ní Chonghaile ag ‘Fiach Focal’ agus ag roinnt saibhreas na n-amhrán leis an té a bhfuil sin uaidh.

Beidh fonnadóirí agus Cumadóirí na Ceathrún Rua á bplé agus le cloisteáil agus cuid acu ag cur agus ag cúiteamh iad féin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag 1.30pm.

Ar fhaitíos go gceapfaí nach bhfuil i gConamara ach sean-nós beidh an nua-nós le cloisteáil sa gCrompán ag a 8.00pm agus plód grúpaí is ceoltóirí ansin le fuinneamh is brí na hóige a choipeadh is a cheiliúradh. Seo cuid de na hamhránaithe agus na ceoltóirí a bheidh ansin: Peadar Ó Flatharta, Pádraig Jack, Na hEasógaí, Brian Terry Mac Donnacha, Aerach, Glór na dTonn, Na Ceannabháin, Ann Marie & Martin Joe, agus Ceann Gólaim.

Níl aon dearmad déanta ar an aos níos óige, beidh bailiúchán logainmneacha a chruinnigh Rang 6 Scoil Mhic Dara anuraidh á sheoladh ag meán lae Déardaoin. Ar an Domhnach beidh an-lá ag na gasúir ag ‘Ceiliúradh na nÓg’ sa gCrompán mar a mbeidh comórtais amhránaíochta, damhsa agus comórtais sna healaíona béil ar fad. Ní Oireachtas gan an iomaíocht, mo léan.

Ag a 6.00pm an tráthnóna sin beidh taispeántas damhsa ar an sean-nós i dteach ósta An Chistin ar an gCeathrú Rua agus geallaimse duit go mbainfear deatach as clár ansin. Nach iomaí céipear breá a rinneadh ansin ag féile Pléaráca.

Deirtear linn anois nach féidir féile an Oireachtais a eagrú ach in ionad nó baile ollmhór mar gheall ar an tóir atá ar fhéile na nGael. Cuimhnigh nach raibh ar an gCeathrú ach an Scoil Chuimsitheach, Halla Éinne agus óstán beag i 1983 agus gur tionóladh Corn Uí Riada go breá istigh san halla sa Scoil Chuimsitheach agus an tUachtarán, Máirtín Ó Direáin, ag déanamh a bhealaigh suas agus anuas céimeanna géara cúnga an ardáin.

Is iontach an t-athrú atá ar an saol agus ar an Oireachtas sna ceathracha bliain sin. Ní bheadh halla na scoile sin sách fairsing anois d’fhoireann TG4 agus an Raidió na Gaeltachta astu fhéin. Bhí mé in ann lán bus daltaí dara leibhéal na hardchathrach a thabhairt liom ag an Oireachtas úd i 1983 agus leapacha a fháil dóibh gan banc a robáil.

Ní bheadh áit ann dóibh inniu agus go Galltacht a chaithfinn iad a thabhairt le ghabháíl ag féile na nGael. An t-iontas is mó a thugadar abhaile leo ná bheith ag comhrá le Gaeilgeoir as Albain a bhí ag an gcéilí linn agus iad ag tuiscint a chéile. Oscailt súl dóibhsean a bhí níos luachmhaire ná Stair na Litríochta an tsiollabais.

Ceann de na cuimhní barrúla atá agam fhéin ón Oireachtas sin ná seoladh an úrscéil Súil le Breith. Chuir mná cráifeacha airgead siar liom le cóipeanna a cheannach dóibh den leabhar leis an Athair Pádraig Standún, sagart na háite i 1983, a bhí á sheoladh sa scoil agus í tagtha te bruite ón gclódóir. Bhí siad cinnte go mbeadh comhairle, paidreacha is nóibhéiní Mhaigh Eo ag an sagart ina leabhar. A thiarna, nach minic ina dhiaidh sin a caitheadh an t-úrscéal sin i mo bhéal! Ní raibh an Maigh Eoch ach ina thús agus is iomaí sin leabhar atá foilsithe aige ó shin agus is géar a theastaigh siad ó lucht léite na Gaeilge. Nár thriomaí a pheann.

Cuirfear deireadh leis an bhféile Dé Luain an 27 Samhain le léiriú speisialta den chlár teilifíse Viva Mary faoi Mhary Lamb-Waugh, iníon leis an ealaíontóir Charles. Cathal Ó Cuaig as Cill Chiaráin a léirigh an scannán iontach seo ina bhfeictear treallús is stuaim mhná Chonamara!

Tuilleadh eolais: Pobal Rua 087 2563317 nó pobalrua@gmail.com

Fág freagra ar 'Ceiliúradh le déanamh ar fhéile an Oireachtais a reáchtáladh ar an gCeathrú Rua 40 bliain ó shin'