Ceathrar i scuad na hÉireann den chéad uair agus Craobh na Sé Náisiún ar na bacáin

Tá Rory Best ainmnithe mar chaptaen na foirne, agus áit i scuad na hÉireann den chéad uair ag Ultan Dillane, CJ Stander, Josh Van der Flier agus Stuart McCloskey

Bainisteoir na hÉireann, Joe Schmidt. INPHO/Billy Stickland
Bainisteoir na hÉireann, Joe Schmidt. INPHO/Billy Stickland

Tá scuad na hÉireann don chéad dá chluiche de Chraobh na Sé Náisiún fógartha tráthnóna ag Joe Schmidt agus a fhoireann ag iarraidh an comórtas a bhuachan don tríú bliain as a chéile

I measc an 35 imreoir, tá ceathrar – Ultan Dillane, CJ Stander agus Josh Van der Flier agus Stuart McCloskey – nár imir don fhoireann náisiúnta roimhe seo. Bhí daoine ag súil go roghnófaí McCloskey agus Stander, atá anois cáilithe chun imirt don tír seo, ach tháinig an scéala faoi Dillane agus Van der Flier aniar aduaidh ar daoine ó tharla nach mbíonn áit acu ar an gcéadfhoireann ina gcúigí féin.

D’ainmnigh Schmidt chomh maith an t-Ultach Rory Best mar chaptaen nua na hÉireann. Bhí captaen ag teastáil tar éis do Paul O’Connell éirí as i ndiaidh Chorn an Domhain agus is é Best an t-imreoir is mó sa scuad a bhfuil taithí aige agus 89 cluiche imeartha aige.

go bhfuil go leor de na himreoirí céanna a d’imir i gCorn an Domhain fós ann, beidh roinnt mhaith acu in easnamh mar gheall ar ghortaithe, go háirithe sna tosaithe. Meastar go gcaillfidh Mike Ross, Cian Healy agus Chris Henry amach ar an gcéad dá chluiche agus tá gortaithe níos measa fós ag cur as do Iain Henderson, Peter O’Mahony agus Tommy Bowe.

Ar an dtaobh eile den scéal, dea-scéal é go bhfuil Tommy O’Donnell, Luke Marshall agus Andrew Trimble, triúr a chaill amach ar Chorn an Domhain an fhómhar seo caite, sa scuad an athuair.

Imreoidh Éire a gcéad chluiche in aghaidh na Breataine Bige i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach, an 7 Feabhra. Ba é an cluiche i gcoinne na mBreatnach an t-aon cheann a chaill siad sa chomórtas anuraidh.

Imreoidh foireann Schmidt i gcoinne na Fraince i bPáras an Satharn ina dhiaidh sin agus níl aon amhras ach go bhfuil coicís chrua amach rompu.

Tosaithe (19)

Rory Best (Cúige Uladh)

Sean Cronin (Cúige Laighean)

James Cronin (Cúige Mumhan)

Ultan Dillane (Cúige Chonnacht)

Tadhg Furlong (Cúige Laighean)

Jamie Heaslip (Cúige Laighean)

Rob Herring (Cúige Uladh)

Mike McCarthy (Cúige Laighean)

Jack McGrath (Cúige Laighean)

Martin Moore (Cúige Laighean)

Sean O’Brien (Cúige Laighean)

Tommy O’Donnell (Cúige Mumhan)

Rhys Ruddock (Cúige Laighean)

Donnacha Ryan (Cúige Mumhan)

CJ Stander (Cúige Mumhan)

Richardt Strauss (Cúige Laighean)

Devin Toner (Cúige Laighean)

Josh van der Flier (Cúige Laighean)

Nathan White (Cúige Chonnacht)

Cúlaithe (16)

Keith Earls (Cúige Mumhan)

Luke Fitzgerald (Cúige Laighean)

Robbie Henshaw (Cúige Chonnacht)

Paddy Jackson (Cúige Uladh)

David Kearney (Cúige Laighean)

Rob Kearney (Cúige Laighean)

Ian Madigan (Cúige Laighean)

Kieran Marmion (Cúige Chonnacht)

Luke Marshall (Cúige Uladh)

Stuart McCloskey (Cúige Uladh)

Conor Murray (Cúige Mumhan)

Jared Payne (Cúige Uladh)

Eoin Reddan (Cúige Laighean)

Jonathan Sexton (Cúige Laighean)

Andrew Trimble (Cúige Uladh)

Simon Zebo (Cúige Mumhan)

Fág freagra ar 'Ceathrar i scuad na hÉireann den chéad uair agus Craobh na Sé Náisiún ar na bacáin'