Ceathrar fear óg maraithe i dtimpiste bhóthair i nGaeltacht Dhún na nGall

Feithicil amháin a bhí sa timpiste a tharla i Mín an Chladaigh ar an mbóthar idir Gort a Choirce agus Gaoth Dobhair

Ceathrar fear óg maraithe i dtimpiste bhóthair i nGaeltacht Dhún na nGall

Maraíodh ceathrar fear óg sna fichidí i dtimpiste bhóthair i nGaeltacht Dhún na nGall anocht.

Aon fheithicil amháin a bhí sa timpiste a tharla i Mín an Chladaigh ar an mbóthar idir Gort a Choirce agus Gaoth Dobhair.

Tuairiscítear gurbh as an gceantar don cheathrar ar fógraíodh iad a bheith marbh ar an láthair.

Tá láthair na timpiste á scrúdú ag na Gardaí agus tá an trácht á cur ar mhalairt slí.

Ní fios go fóill cad ba chúis leis an timpiste agus tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic an méid a tharla teagmháil a dhéanamh leo i Stáisiún Bhaile na nGallógach ag 074-9153060 nó ag line rúnda an Gharda Síochána -1800 666 111.

Fág freagra ar 'Ceathrar fear óg maraithe i dtimpiste bhóthair i nGaeltacht Dhún na nGall'

  • Dillon

    Tá an pharoiste go huile agus go h-iomlán croíbhriste!! Tá agus beidh scamall ollmhór dhoracha ar fud na condae ar feadh tamall fada de bharr an tubaiste truacánta seo a tharla i nGleann Ualach aréir!! Go pearsanta bhí aithne agam ar dhuine amháin a bhí sa thimpiste agus ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a chur in iúl do na teaghlaigh ar fad atá i bhfad agus i gcéin.