Tá céatadán na gCaitliceach ar fud na Gaeltachta ag titim go leanúnach le cúig bliana déag anuas, agus tá fás tagtha ar chéatadán na ndaoine inti nach bhfuil aon chreideamh acu.
Scaipeadh bréagaisnéis ar na meáin shóisialta le déanaí inar maíodh go raibh níos mó Moslamach i stát na hÉireann ná mar atá daoine ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta. Maíodh ar an ngrafaic go raibh 106,000 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht Oifigiúil agus 112,000 Moslamach sa stát. Ach de réir Dhaonáireamh 2022, tá 106,079 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht agus tá 81,930 Moslamach sa tír.
Ní thugtar briseadh síos i staitisticí na Príomh-Oifige Staidrimh ar líon na Moslamach atá ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta, ach tá eolas ann faoi líon na gCaitliceach agus sonraí eile faoi chúrsaí creidimh sa Ghaeltacht.
Léirigh taighde a rinne Tuairisc ar cheist an chreidimh sa Ghaeltacht in 2017 go raibh laghdú tagtha an uair sin ar chéatadán na gCaitliceach sa Ghaeltacht agus fás ar chéatadán na ndaoine a dúirt nach raibh creideamh ar bith acu.
De réir anailís nua ar fhigiúirí ó Dhaonáireamh 2022 atá déanta ag Tuairisc, is sa treo sin atá cúrsaí fós ag dul. Thug 13% de mhuintir na Gaeltachta le fios in 2022 nach raibh aon chreideamh acu – méadú ar an 7% a bhí gan chreideamh in 2016 agus an 5% a bhí gan chreideamh in 2011.
Thug 77% de mhuintir na Gaeltachta le fios gur Caitlicigh iad in 2022, laghdú ar an 86% a bhí ann in 2016 agus an 90% a bhí ann in 2011.
Ó thaobh líon na ndaoine de, bhí 81,570 Caitliceach sa Ghaeltacht in 2022, 84,129 in 2016, agus 89,034 in 2011. Bhí 13,195 duine gan chreideamh ann in 2022, 6,467 in 2016, agus 6,265 in 2011.
Níl áit ar bith fanta sa Ghaeltacht ina bhfuil os cionn 90% den daonra ina gCaitlicigh. Bhí 92% de mhuintir Ghaeltacht Mhaigh Eo ina gCaitliceach in 2016 ach tá an céatadán sin tite go 88.1% i Maigh Eo Thuaidh (Béal an Mhuirthead agus Iorras) agus 85.1% i Maigh Eo Thiar (Acaill agus an Corrán).
Is é Cléire, oileán Gaeltachta i gCorcaigh, an áit ba lú Caitliceach agus gan ach 48.2% den daonra ina gCaitlicigh (53). Ba é Cléire an áit ba mhó aindiachaithe freisin agus 45.5% de mhuintir an oileáin sin ag rá nach raibh aon chreideamh acu.
Ní raibh 5.2% de phobal Cheantar na nOileán i nGaeltacht na Gaillimhe a mhaígh nach raibh aon chreideamh acu – beagán níos lú ná Maigh Eo Thuaidh ina bhfuil 5.5% den daonra gan aon chreideamh.
Ní thugtar briseadh síos ar chreidimh eile i staitisticí an Daonáirimh seachas eolas faoi dhaoine a bhfuil creideamh ‘eile’ acu. Ba í Gaeltacht oirthear chathair na Gaillimhe an ceantar oifigiúil Gaeltachta ba mhó a raibh daoine ag a bhfuil creideamh ‘eile’ – lena n-áirítear Protastúnaigh den uile chineál – ina gcónaí. Tá creideamh nach é an Caitliceachas é ag 12.2% de mhuintir oirthear chathair na Gaillimhe.
Ba in Árainn Mhór i nGaeltacht Dhún na nGall a bhí an éagsúlacht creidimh ba lú agus gan ach 1.1% de phobal an oileáin sin dílis do chreideamh éigin eile seachas an Caitliceachas.
Fág freagra ar 'Céatadán na gCaitliceach tite ar fud na Gaeltachta'