Tá ábhar ar leith idir chamáin ag daoine go leor le déanaí, mar atá an Tuaisceart-Éireannachas. Ach cad is ciall leis an téarma seo, i ndáiríre?
Cad is ciall leis an ‘Tuaisceart-Éireannachas’?
Sula bhfreagróidh mé an cheist sin, ba mhaith liom a chur in iúl gur thug mé Tuaisceart-Éireannach orm féin riamh anall. Is é sin go dtí i mbliana. Ach is i bhfianaise an chomórtha agus an cheiliúrtha ar fad a rinneadh ar laochra 1916, a d’athraigh mé m’intinn agus thosaigh mé a thabhairt Éireannach orm féin. Ach le fírinne, níl mé chomh cinnte sin faoin sainmhíniú sin anois ach an oiread.
Chreid mé i gcónaí gur cineál Éireannachais a bhí sa Tuaisceart-Éireannachas agus dá bhrí sin, is cirte, dar liom, Éireannachas-Tuaisceartach a rá, cé nach bhfuil an rithim chéanna leis, admhaím, agus siolla sa bhreis ann.
Agus muid ag iarraidh gach a gcuimsíonn an téarma a thuiscint, is amhlaidh is fusa na nithe sin nach bhfuil i gceist leis an Tuaisceart-Éireannachas a lua. Ar an gcéad dul síos, níl baint ná páirt aige leis an Stát per se.
Níl aon bhaint aige ach oiread le haon phobal ar leith, Protastúnaigh, Caitlicigh nó eile, óir is amhlaidh a chuimsítear an dá phobal sa téarma.
Anuas air seo, níl aon bhaint ag an Tuaisceart-Éireannachas leis an Náisiúnachas ná leis an Aontachtachas. Ní dóigh liom go bhfuil baint aige leis an ‘Náisiúntacht’ ach oiread, cé gur mhaith le roinnt daoine a mhaíomh ón gcruth atá ar Thuaisceart Éireann ar an léarscáil gurb amhlaidh go bhfuil. Ní féidir a shéanadh ach gur cúige thar a bheith speisialta é Cúige Uladh.
Anuas air seo, b’fhearr liom an téarma Ultachas a úsáid chomh maith ós rud é go bhfeicim naoi gcontae agus mé ag meabhrú ar an gcoincheap.
Bíonn lucht an Tuaisceart-Éireannachais iontach bródúil as a bhféiniúlacht féin. Ach ní mar sin atá do phobal an deiscirt, áfach. ‘An Tuaisceart dubh’ an cur síos ba choitianta a chas siad linn nuair a bhí mise óg. Sa lá atá inniu ann, is é an mana atá acu, ‘Ní féidir linn costais an Tuaiscirt a íoc’.
Taispeánann an dá dhearcadh seo nach bhfuil muid de dhíth orthu i ndáiríre agus is mór an trua é sin.
Caithfimid ceist a chur orainn féin mar sin, cad iad príomhchomharthaí na féiniúlachta seo?
I dtús báire, d’fhéadfaí a rá gur daoine radacacha iad. Uaireanta ba iad na Caitlicigh ba mhó a throid ar son ceartais – mar a tharla i gcás Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, mar shampla. Amanna eile, ba iad Protastúnaigh a bhí i gceist, leithéid Mháire Áine Nic Reachtain a d’oibrigh go dian ar son bhochtáin Bhéal Feirste.
Sheas an dá dhream an fód ar son na teanga agus a hathbheochana ag amanna éagsúla san am a chuaigh thart freisin. Ba é Roibeard Mac Ádhaimh, mar shampla a bhí ar thús cadhnaíochta le linn ré na tionsclaíochta agus rinne Séamus agus Seán Mac Seáin cion fir nuair a chuir siad tús le Gaeltacht Bhóthar Seoighe.
Ina theannta sin, ba sa tuaisceart a dhiúltaigh na saoránaigh cead a thabhairt do chomhlacht trádála a chleacht an sclábhaíocht, gnó a chur ar bun. Go deimhin féin, d’eagraigh William Drennan agus Thomas Russell feachtas gan earraí a raibh baint acu le trádáil na sclábhaíochta a cheannach ná a úsáid.
Is ea, tá an radacachas go smior sa Tuaisceart-Éireannachas, ach dar liom féin, is é an t-iolrachas agus an tsaoirse smaointeoireachta na comharthaí sóirt is mó a bhaineann leis.
Gné eile den iolrachas atá i gceist leis an téarma is ea an t-iolrachas creidimh (40% Caitlicigh, 42% Protastúnaigh, 19% Preispitéirigh, 13% Eaglais na hÉireann, 3% Modhaigh agus 5% Eile), rud a fhágann go bhfuil cothromaíocht dheas ann agus gur mhó seans nach mbeadh aon dream amháin ag iarraidh an lámh láidir a úsáid ar aon dream eile. Nach mór an trua é nár thiontaigh thart ar 20% de dhaonra na gCúigí eile le linn Ré an Reifirméisin!
Bíodh sin mar atá, is i ngnéithe eile den saol is mó a fheictear lorg an iolrachais ar an Tuaisceart-Éireannachas.
Dar liom gur mó idir an t-iolrachas ó thuaidh agus ó dheas agus níl agat ach spléachadh a thabhairt ar thrí shampla den chomhdhearcadh sócúlach a bhíonn ann ó dheas leis an difear a thabhairt leat.
Má éisteann tú le haon díospóireacht sna meáin ó thuaidh, mar shampla, is cinnte go gcloisfidh tú an dá insint a bhíonn ar gach scéal.
Ní hamhlaidh atá ó dheas, áfach, nó is minic an ceathrar nó an seisear a bhíonn ar na painéil ar aon tuairim lena chéile, agus is é an trua é go bhfuil cláir Ghaeilge faoi chrann smola ag an nós seo chomh maith.
Ní mar sin é don Tuaisceart áfach, óir do gach tuairim a fhaightear sna meáin a leagann amach gurb ionradh atá ar bun ag Iosrael i dtír na bPalaistíneach, is amhlaidh a chuirfear sa mheá chomh maith tuairim an duine sin a chreideann gur bhronn Dia an tír sin ar an bpobal Eabhrach agus gur ag filleadh uirthi a bhí siad in 1948.
Tá an scéal amhlaidh i dtaca le ceisteanna moráltachta de chomh maith. Má chreideann tú gurb ionann aon ghinmhilleadh agus páiste a mharú sa bhroinn, nó má shíleann tú nár cheart ach d’fhear agus do bhean pósadh agus gurbh fhearr ainm eile a thabhairt ar aon chaidreamh eile, fágtar i do persona non grata thú sa deisceart.
Tá mórcheist na Breatimeachta i mbéal an bhig agus an mhóir, ar ndóigh, agus is rí-léir go gceapann na painéil ar fad ar chláir Ghaeilge gur buille millteanach an Bhreatimeacht chéanna. Ar chúis éigin féachtar ar aon tuairim mhalartach faoin scéal mar ‘rud ciníoch’. Beidh an té nach dtagann leo ar an bhfaraor géar agus na maslaí agus na hachasáin is binbí amuigh á gcaitheamh leo.
Os a choinne sin, creideann daoine fós sa ‘Náisiúnachas’ mar choincheap sa Tuaisceart, coincheap a bhí i réim in Éirinn lá den saol ach ar beag an meas atá ag go leor air ar na saolta seo.
Is maith a thuigim go bhfuil na tuairimí malartacha céanna ag daoine sa deisceart chomh maith ach nach ligeann an eagla nó an imeagla dóibh a ndearcadh féin a léiriú. Mothaím gur timpeallacht phlúchtach é seo agus is í an aonchineálacht tuairimíochta scanrúil a chleachtar ann is cúis leis seo ar fad.
Is coincheap míchruinn é an tÉireannachas i ndáiríre agus bíonn iarmhairtí leis an míthuiscint seo dá bharr – bíonn roinnt poblachtánach, fágaimis claonta i gcoinne oileán na Breataine, ach is amhlaidh nach dtuigeann siad gur pobal amháin iad na Ceiltigh. Is é an Gaelachas agus an Ceilteachas an fhéiniúlacht atá agam féin agus déanta na fírinne, is é mo mhian go mbeadh Cónaidhm Cheilteach ar na hOileáin seo lá éigin amach anseo.
Agus ní hionann mo thuairimí agus tuairimí na nÉireannach Eorabhách ach an oiread. Creidim san aonad beag i gcónaí: an teaghlach, an chomharsanacht agus an Náisiún.
De dhearbhú an scéil, is é an fhéiniúlacht is láidre atá agam, an Feirsteachas.
Mothaím, uaireanta, go bhfuiltear do mo bhrú ar ais i dtreo an Aontachtachais (rud nach gcreidim ann beag ná mór) nó ar a laghad, go bhfuiltear ag tathant orm vóta a chaitheamh dóibh.
D’iarr an Piarsach orainn saoirse smaointeoireachta a chleachtadh. Ná glacaimis, mar sin le meon an mhóraimh i gcónaí. Scrúdaigh do dhearcadh féin go mion – bíodh sin ina mhana againn go léir!
Ansin, ní bheidh difríocht dá laghad idir Éireannach-Tuaisceartach agus Éireannach-Deisceartach.
Dáithí Mac Cárthaigh
“rud a fhágann go bhfuil cothromaíocht dheas ann agus gur mhó seans nach mbeadh aon dream amháin ag iarraidh an lámh láidir a úsáid ar aon dream eile.”
Stair Uladh ón 17ú i leith is ea scéal na láimhe láidre ag Aontachtóirí (nach ionann agus Protastúnaigh) ar Chaitlicigh agus níl sé thart fós.