Céard atá ar aghaidh amach roimh ghailfairí na tíre seo?

An féidir Rory a stopadh? An bhfeicfidh muid Harrington arís? Caitheann Tuairisc.ie súil ar spriocanna na ngailfairí Éireannacha i mbliana

Sna cuiarte agus ar an cúrsa, tá bliain shuimiúil roimh McIlroy i 2015. Pictúr: INPHO/Cathal Noonan
Sna cuiarte agus ar an cúrsa, tá bliain shuimiúil roimh McIlroy i 2015. Pictúr: INPHO/Cathal Noonan

Rory McIlroy

Cén aidhm atá aige do 2015?

In ainneoin go raibh an oiread sin ratha air i 2014, tá brú ollmhór ar McIlroy feabhsú arís i 2015. Beidh sé iontach deacair air dul chun cinn a dhéanamh, áfach, agus dhá mhórchomórtas, Corn Ryder agus gradam imreoir na bliana i Meirceá agus san Eoraip buaite anuraidh aige.

Is é an rud is tábhachtaí d’fhear an Dúin i 2015 ná go mbeidh sé ag imirt gailf ar ardchaighdeán seachtain i ndiaidh seachtaine.

Nuair a bhuaigh sé an US Open i 2011 agus Craobh an PGA i 2012, thóg sé tamall air na buaiceanna sin a shroicheadh arís.

Tá na comharthaí ann mar sin féin go bhfuil sé ag éirí níos seasmhaí ina chuid imeartha. Nár bhuaigh sé an Open, Craobh Gailf an Domhain agus Craobh an PGA i ndiaidh a chéile i lár an tsamhraidh seo caite?

Céard a tharlóidh?

Nuair a bheidh a chás cúirte in aghaidh a sheanghníomhairí thart i mí Feabhra, beidh sé in ann díriú ar an ngalfchúrsa go hiomlán. Ní in aice le háibhéil ar fad a bheadh duine dá gceapfadh sé go mbuafadh McIlroy dhá mhórchomórtas arís i 2015 – go háirithe an Open i St Andrews agus b’fhéidir an ceann is mó a bhfuil aird aige air, na Masters ag tús mhí Aibreáin.

An bhfuil G-Mac réidh chun ionsaí eile a dhéanamh ar na mórchomórtais? Pictúr: INPHO/Getty Images
An bhfuil G-Mac réidh chun gaisce a dhéanamh sna mórchomórtais? Pictúr: INPHO/Getty Images

Graeme McDowell

Cén aidhm atá aige do 2015?

go gceap go raibh bliain sách ciúin ag an ngalfaire leis an gcanúint is aistí sa ghalf, bhí 2014 ar cheann de na blianta is fearr a bhí ag McDowell ó bhuaigh sé an US Open i 2010.

Chríochnaigh sé sa chéad 10 n-áit ocht n-uaire i Meirceá agus bhuaigh sé an French Open don dara huair as a chéile. Chomh maith leis sin, bhí McDowell ar an té is mó ar an PGA Tour anuraidh a bhféadfaí brath air agus é ar an bplásóg.

Chun dul chun cinn a dhéanamh, caithfidh McDowell gnóthachtáil sna Stáit Aontaithe arís. Cé go bhfuil sé ag imirt go maith seachtain i ndiaidh seachtaine, teastaíonn beagán den ádh uaidh chun go mbainfeadh sé áit amach mar cheann de na deich ngalfaire is fearr ar domhan.

Céard a tharlóidh?

deis níos fearr ag McDowell mórchomórtas a bhuachan i 2015 ná mar a bhí le cúpla bliain anuas. Feileann galfchúrsaí dumhcha fear an tuiscirt agus i mbliana, beidh an dá Open á n-imirt ar chúrsaí den chineál sin, St Andrews na hAlban agus Chambers Bay i Meirceá.

Shane Lowry 27/6/2013
Beidh Shane Lowry ag iarraidh a mharc a fhagáil ar an PGA Tour i mbliana. Pictúr: INPHO/Cathal Noonan

Shane Lowry

Cén aidhm atá aige do 2015?

Agus é anois mar uimhir a 44 ar domhan, tá athrú iomlán le teacht ar shaol Lowry i 2015. Tugann áit sa chéad 50 galfaire i rangú an domhain an deis dó imirt sna chomórtais is mó agus a bheith san iomaíocht do na potaí is mó airgid.

Feicfidh muid fear Uíbh Fhailí ag imirt ag na Masters den chéad uair, agus leis an muinín atá aige as féin, is ar an seaicéad glas amháin a bheidh sé ag díriú. Is i Meiriceá a thabharfaidh Lowry an chéad leath dá shéasúr agus má in ann cúpla comórtas maith a chur de thall, cuirfidh sé leis an €5m atá buaite aige mar imreoir gairimiúil go dtí seo gan mhoill.

Sprioc eile a bheidh ag Lowry ná dul chun cinn a dhéanamh sa rangú d’fhonn áit a  bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha i 2016.

Céard a tharlóidh?

 n-éirodh le Lowry bheith sa chéad 15 áit i gcomórtas nó dhó ar an PGA Tour agus b’fhéidir bua eile a fháil san Eoraip, bheadh sé ag déanamh go maith. Is é an rud is tábhachtaí dó ná a áit i measc an chéad 50 galfaire ar domhan a choinneáil.

Tar éis an cuardach uile, an bhfuil Padraig Harrington réidh le dul in iomaíocht arís? INPHO/Cathal Noonan
An bhfuil Padraig Harrington réidh le dul in iomaíocht arís? INPHO/Cathal Noonan

Pádraig Harrington

Cén aidhm atá aige do 2015?

Bhí an bhliain is measa riamh ag Harrington ar an PGA Tour anuraidh agus chaill sé amach ar an gcárta a cheadaíonn do dhuine páirt a ghlacadh sna comórtais mhóra sna Stáit Aontaithe.

sin deireadh an scéil, áfach, mar tá díolúine speisialta ag fear Bhaile Átha Cliath imirt ar an PGA Tour mar gheall ar an méid airgid atá buaite aige. Chomh maith leis sin, mura bhfuil sé ag iarraidh leas a bhaint as an díolúine sin, is féidir leis imirt san Eoraip agus fanacht ar chuireadh ó lucht urraíochta dul ag imirt i gcuid de na comórtais is mó dá bhfuil ann.

Cibé cén cinneadh a dhéanfaidh Harrington, tá seans ann go bhfuil athrú cúrsa i ndán dó sa deireadh. Ag tús mhí na Nollag, bhuaigh Harrington comórtas den chéad uair le os cionn ceithre bliana nuair a thug sé leis an Indonesian Open. Cé nach raibh ann ach comórtas beag, tabharfaidh an bua sin misneach d’fhear Bhaile Átha Cliath.

Céard a tharlóidh?

Ag an nóiméad seo, tá Harrington ag uimhir a 265 ar domhan. Níl sé míréasúnta a shamhlú go bhféadfadh sé bheith áirithe i measc an 100 galfaire is fearr ar domhan roimh dheireadh 2015. Rud amháin atá cinnte, seasfaidh Harrington roimh chuile dhúshlán gan cúbadh.

An chuid eile?

Faraor, imreoirí Éireannacha ann ag tús na bliana seo agus gan fios acu céard atá i ndán dóibh amach anseo. Chaill Peter Lawrie, Simon Thornton, Kevin Phelan agus Gareth Maybin uile amach ar chárta don European Tour nuair a theip orthu sa chomórtas cáilíochta ag deireadh 2014 agus beidh siad ag streachailt chun airgead a dhéanamh i mbliana.

Níl an scéal chomh dona ag Michael Hoey agus Damien McGrane, a bhain cartaí amach le haghaidh 2015. Tá ceithre chomórtas buaite ag Hoey ar an European Tour agus beidh sé ag iarraidh cur leis an líon sin i 2015. Cé nár chroch McGrane leis aon chorn ó 2008, chríochnaigh sé sa dara háit sa Rúis an samhradh seo caite agus beidh sé ag iarraidh céim eile chun tosaigh a thabhairt i 2015.