Séamas Ó Concheanainn ceaptha ina Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga

Tá breis agus scórbliain caite ag an stiúrthóir nua i gceannas ar Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna

Séamas Ó Concheanainn ceaptha ina Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga

Tá Séamas Ó Concheanainn, a bhíodh i gceannas ar Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, i gCarna ceaptha mar Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga. Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar Cholm Ó Coisdealbha a ceapadh mar Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha in Údarás na Gaeltachta i dtús na bliana seo.

Ón Spidéal i gConamara ó dhúchas é Séamas Ó Concheanainn agus tabharfaidh sé faoina chúram nua i dtús na míosa seo chugainn. Beidh sé ar an státseirbhíseach is sinsearaí ar fhoireann an Choimisinéara Teanga agus é freagrach as bainistiú na hoifige agus as comhairle a chur ar an gCoimisinéir, Rónán O Domhnaill.

Dúirt an Stiúrthóir nuacheaptha go raibh “ról ceannaireachta” ag Oifig an Choimisinéara Teanga maidir lena chinntiú go gcomhlíonann an Stát na dualgais reachtúla teanga atá air agus go raibh comhlíonadh na ndualgas sin “cinniúnach do chothú na Gaeilge mar theanga bheo chomhaimseartha sa Ghaeltacht agus go náisiúnta’’.

Tá breis agus scór bliain caite ag Séamas Ó Concheanainn i gceannas ar Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna. Is é a bhí i gceannas  ar an tionscadal taighde náisiúnta Fios Físe do TG4 agus do RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá taithí fhairsing aige ar thionscnaimh léinn, thaighde agus forbartha pobail a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus go náisiúnta.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go raibh sé “thar a bheith sásta” go bhfuil duine “chomh héifeachtach” a bhfuil “an oiread sin taithí” aige ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta ceaptha mar Stiúrthóir ar an oifig.

Fág freagra ar 'Séamas Ó Concheanainn ceaptha ina Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga'

  • Pól Ó Braoin

    Comhghairdeas leat i do phost nua, a Shéamais. Guím gach rath ort ann…

  • CRISTINE UI LABHRAI

    Comhgairdeas Seamus ta se tuillte agat.

  • Seán Ó Mainnín

    Comhghairdeachas leat, a Shéamais – Seán Ó Mainnín

  • Seosamh Ó Cuaig

    Go n-éirí go geal le Séamas —duine uasal.

  • Máirtín Ó Meachair & Foireann ICP Conamara

    Séamas,

    Ag guí chuile rath ort i do ról nua. Is do do leithid a cruthaíodh an post seo.

  • Eilin Peircin

    Comhghairdeas leat a Shéamais, fear uasal lách
    Eilín Peircín