Ceansaíodh an rís go minic san Áise le níos mó ná 9,000 bliain anuas

NOD DON EOLAÍ: Síltear go mbeifear in ann leas a bhaint as eolas úr chun níos mó ríse a chur ar fáil i dtíortha ina mbíonn daoine ag brath ar an bharr seo chun iad féin a chothú

Ceansaíodh an rís go minic san Áise le níos mó ná 9,000 bliain anuas

Níorbh fhada i ndiaidh dheireadh na hoighearaoise gur thosaigh feirmeoirí ar fud an domhain ag forbairt na mbarr ar a mbíonn muid ag brath inniu.  Ceansaíodh bairr cosúil le cruithneacht agus rís agus bunaíodh cultúir éagsúla thart orthu.  De réir tuairisc a foilsíodh an tseachtain seo caite san iris eolaíochta Nature, ceansaíodh rís níos mó ná uair amháin ar fud dheisceart na hÁise sa tréimhse sin.

De réir mar a d’athraigh aeráid an domhain ag deireadh na hoighearaoise tháinig feirmeoireacht na mbarr ar an fhód ar fud na cruinne; sa Mheánoirthear, i Meiriceá agus i ndeisceart na hÁise, go háirithe.

Thosaigh feirmeoirí sa Mheánoirthear ag cur cruithneachta agus eorna thart ar 8,500 bliain ó shin.  Bhí plandaí fiáine a raibh gaol acu leis na bairr ag fás sna ceantair sin – cruithneacht fhián agus eorna fhiáin.  Meastar gur thosaigh na luath-fheirmeoirí ag bailiú na bplandaí fiáine ba mhó a raibh grán le fáil uathu agus a raibh tréithe eile ag baint leo a bhí áisiúil don fheirmeoir.

De réir a chéile d’athraigh cruth na bplandaí agus bhí na bairr úra níos torthúla ná na plandaí fiáine.

Tá an t-eolas seo againn mar tá iarsmaí de phlandaí fiáine agus na luathbhairr sin ar fáil in uaigheanna agus i seanfhoirgnimh. 

Anuas air sin, tá teacht ar sheicheamh DNA na bplandaí sna hiarsmaí.  Is féidir comparáid a dhéanamh idir an seicheamh DNA sna bairr ársa agus ar an DNA sna plandaí fiáine.  Tá sé soiléir gur shíolraigh na bairr ársa as na plandaí fiáine a bhíodh go forleathan sa Mheánoirthear faoin am sin.  Anuas air sin, is léir ón anailís seo gur shíolraigh bairr an lae inniu ó na bairr ársa. 

Ceansaíodh na plandaí seo sa cheantar ina bhfuil Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, an tSiria, an Iaráin agus an Iaráic sa lá atá inniu ann.  Tugtar an Corrán Méith ar an gcuid seo den domhan inar tháinig cruithneacht, eorna agus bairr eile ar an fhód.

Ceansaíodh bairr eile in áiteanna éagsúla ar fud an domhain.  Thart ar 4,000 bliain ó shin i Meiriceá Láir, shíolraigh grán buí nó arbhar Indiach ón fhéar fiáin a dtugtar teosinte air.  Roghnaigh na Meiriceánaigh dúchasacha plandaí de chuid teosinte a bhíodh ag fás gan aon chraobhacha agus gan craiceann crua thart ar an ngrán.  Sin an cruth atá ar an bharr seo inniu.

De réir iarsmaí ón tSín agus ón India tá an duine ag brath ar an rís le níos mó na 9,000 bliain.  Tá an-éagsúlacht i dtréithe an bhairr seo agus i bhfad níos éagsúlachta mó ná mar atá le fáil i gcruithneacht nó arbhar Indiach. Dá bharr sin, measadh gur ceansaíodh é níos mór ná uair amháin le 9,000 bliain anuas.

Chun fáil amach ar ceansaíodh rís uair amháin nó níos mó ná uair amháin, bailíodh pórtha ó gach réigiún ina bhfuil rís ag fás sa lá atá inniu ann. Bailíodh seicheamh DNA ó níos mó ná 3,000 pór den bharr a bhailigh an fhoireann idirnáisiúnta a bhí bunaithe in Acadamh Eolaíochta Talmhaíochta na Síne. 

Bhí i bhfad níos mó éagsúlachta sna géinte ná mar a bheifí ag súil leis dá mba rud é gur aon uair amháin a ceansaíodh an rís.  Síltear mar sin gur ceansaíodh an rís níos mó ná aon uair amháin agus gur tháinig ann do chuid mhór den éagsúlacht sin sa bharr gach uair ar ceansaíodh é.  Dá mhinice a ceansaíodh é ba mhó an éagsúlacht a bhí sna géinte.

Toisc go bhfuil an oiread sin éagsúlachta sna géinte ríse, síltear go mbeifear in ann leas a bhaint as an eolas úr sin chun pórtha ríse nua a fhorbairt a mbeidh tréithe úra iontu.  Cuir i gcás, tá an-tóir faoi láthair phlandaí a bheadh in inmhe seasamh in aghaidh galar cosúil leis an rísbhleaist. Scriosann an galar seo 30% den rís. Mar sin, chuirfeadh na pórtha úra seo níos mó ríse ar fáil i dtíortha ina mbíonn daoine ag brath ar an bharr seo chun iad féin a chothú.

Fág freagra ar 'Ceansaíodh an rís go minic san Áise le níos mó ná 9,000 bliain anuas'