Ceann Státchiste na Nua-Shéalainne an chéad Ghobharnóir eile a bheidh ar an mBanc Ceannais

Tá Gabriel Makhlouf ina Rúnaí agus ina Phríomhfheidhmeannach ar Státchiste na Nua-Shéalainne, agus is é an príomhchomhairleoir eacnamaíochta agus airgeadais ag rialtas na tíre sin

Ceann Státchiste na Nua-Shéalainne an chéad Ghobharnóir eile a bheidh ar an mBanc Ceannais

Beidh Gabriel Makhlouf á cheapadh ag an Uachtarán Mícheál D Ó hUigínn mar an chéad Ghobharnóir eile ar Bhanc Ceannais na hÉíreann.

Tá Makhlouf ina Rúnaí agus ina Phríomhfheidhmeannach ar Státchiste na Nua-Shéalainne, agus is é an príomhchomhairleoir eacnamaíochta agus airgeadais ag rialtas na tíre sin.

Tá sé i gceist go dtabharfaidh Makhlouf faoina chúram nua ar an gcéad lá de Mheán Fómhair 2019.

Tá Philip Lane, atá ina ghobharnóir faoi láthair, ceaptha ar Bhord Feidhmiúcháin Bhanc Ceannais na hEorpa agus beidh sé ag dul i mbun na hoibre sin ar an gcéad lá den chéad mhí eile.

Tuairiscítear gur éirigh le Gabriel Makhlouf ainmniúchán an Rialtais a fháil tar éis próiseas earcaíochta a bhí “dian cuimsitheach idirnáisiúnta”.  Ba é Makhlouf a mhol an painéal agallaimh don phost.

I ráiteas ón Aire Airgeadais, Paschal Donohoe, dúirt sé:

“Tá an-áthas orm duine mar Gabriel Makhlouf, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, a ainmniú don phost seo sa mBanc Ceannais. Tá saineolas aige ar chúrsaí eacnamaíochta, na margaí airgeadais, polasaithe airgeadaíochta agus fioscacha, chomh maith lena thaithí mhór ar eagraíocht mhór chasta seirbhísí a raibh 10,000 duine fostaithe aici…

“Roimhe seo bhí Makhlouf in Chathaoirleach ar an bhforas is mó sa domhan maidir le rialú cúrsaí cánach – an Coiste um Ghnóthaí Fioscacha san OECD i bPáras. Chomh maith leis bhí sé freagrach as Seirbhís Baincéireachta Rialtas na Ríochta Aontaithe.

“Ina chuid oibre faoi láthair tá sé freagrach as polasaí airgeadaíochta, cobhsaíocht airgeadais agus polasaí fioscach Státchiste na Nua-Shéalainne.

“Tá Makhlouf ina cheannaire ar chlár oibre na Nua-Shéalainne maidir leis an éagsúlacht agus an cuimsiú san earnáil phoiblí agus phríobháideach. Is iontach go deo an lear taithí a thabharfaidh sé leis ina ról nua mar Ghobharnóir ar an mBanc Ceannais sa tír seo,” a dúirt an tAire Airgeadais.

 

 

Fág freagra ar 'Ceann Státchiste na Nua-Shéalainne an chéad Ghobharnóir eile a bheidh ar an mBanc Ceannais'