Ceann d’fhíorsheoda litríocht an domhain curtha ar fáil i nGaeilge sholéite agus bhlasta

An rud a sheasann amach faoi aistriúchán Simon Uí Fhaoláin ar ‘Meidéa’ Eoiripidéas ná a nua-aimseartha agus atá sé

Ceann d’fhíorsheoda litríocht an domhain curtha ar fáil i nGaeilge sholéite agus bhlasta

Meidéa
Le Eoiripidéas
Aistrithe ag Simon Ó Faoláin/Léaráidí le Dómhnal Ó Bric
Foilsithe ag Coiscéim

Dea-theist ar aon saothar litríochta é má éiríonn leis aird an léitheora a mhealladh go hiomlán ón saol ina thimpeall agus go deimhin ó aon ní a bheadh ag déanamh imní dó.

Bhí an léirmheastóir seo tar éis an mhaidin a chaitheamh san ospidéal le gaol leis nuair a d’aimsigh sé Meidéa ar mhata an dorais ar fhilleadh abhaile dó. Phioc sé suas an leabhar, thosaigh á léamh, agus an chéad rud eile bhí an tráthnóna caite agus dearmad déanta ar an maidin sin san ospidéal.

Gan dabht tá dráma Eoiripidéas ar cheann de na saothair litríochta is cumhachtaí dár cumadh riamh agus mheallfadh sé aird chloiche ón saol ina timpeall. Ní haon rún pointe lárnach an phlota: dúnmharaíonn Meidéa, bandraoi as tír bharbartha, a beirt mhac féin (agus scata daoine eile) in iarracht díoltas a bhaint amach ar Iasón, an Gréagach fir a thréig í d’fhonn banphrionsa óg ón nGréig féin a phósadh.

Ach, mar a mhíníonn Simon Ó Faoláin i réamhrá géarchúiseach a thugann léargas, ní hamháin ar a chur chuige féin mar aistritheoir, ach (go háirithe) ar chúlra an dráma:

De dheasca chleasaíocht Eoiripidéas, sara dtuigimid cad atá ag teacht, táimid imithe isteach in intinn Mheidéa, ag iarraidh í a thuiscint. Ach faoi dheireadh faighimid amach go bhfuil seal caite againn i ndlúthchaidreamh le marfóir leanaí, agus sinn ag taobhú léi, fiú. Ní thagann éinne slán ó smál, an lucht féachana san áireamh.

Sa bhliain 431RC a chéad léiríodh Meidéa, ach mar a deir Alan Titley ar an gclúdach laistigh den leagan Gaeilge seo: ‘labhrann an dráma seo linn níos fórsúla fé láthair ná mar a dhein na cianta siar.’

‘Clasaic’ é Meidéa i ngach uile chiall den fhocal, agus tarlaíonn nach bhfuil aon easpa taithí ag an léirmheastóir seo air mar shaothar: ghlac sé páirt i léiriú den dráma agus é ina dhéagóir, rinne sé féin aistriúchán (sách ciotach) go Gaeilge agus léirigh an leagan sin (ar bhealach sách ciotach) leis an gCumann Drámaíochta/Aisteoirí na hOllscoile, Gaillimh thiar sna 1990idí, agus chonaic sé an dráma léirithe i dteangacha éagsúla ina dhiaidh sin.

An rud a sheasann amach faoi aistriúchán Uí Fhaoláin ná a nua-aimseartha agus atá sé, go háirithe nuair a bhíonn cúrsaí craicinn agus caidrimh faoi chaibidil. Baineann Ó Faoláin úsáid as canúint Chorca Dhuibhne, an chanúint lenar tógadh é, rud a bhain tuisle as teanga an léirmheastóra seo uair nó dhó agus comhairle Alan Titley ar an gclúdach á leanúint aige agus an saothar á léamh amach os ard aige.

Ach ní haon chonstaic mhór iad na leagain neamhchaighdeánacha nuair a théann duine i gcleachtadh orthu agus go deimhin cinntíonn rogha friotail an aistritheora gur féidir le léitheoir ar bith a mbeadh Gaeilge réasúnta líofa aige an saothar seo a léamh ó thús deireadh (agus d’aon anáil amháin) gan dul i muinín an fhoclóra.

Ag caint ar an saothar a léamh amach os ard, ní hé an t-eispéireas neamhghnách léitheoireachta sin amháin a mheabhraigh an saothar An Craiceann agus a Luach le hEithne Ní Ghallchobhair (Arlen House) don léitheoir seo agus Meidéa á léamh aige.

Athinsint ar mhiotas Gaelach seachas aistriúchán ar shaothar Gréagach atá i leabhar Ní Ghallchobhair, saothar a scríobhadh don chluas freisin, ach tá go leor i gcoitinne ag an dá scéal: mná as críocha barbartha (maighdean mhara atá i bpríomhcharachtar An Craiceann agus a Luach) ag tabhairt dúshlán na bhfear as críocha ‘sibhialta’ (Éire agus an Ghréig) atá ag déanamh leatroim orthu.

Ní hamháin, mar sin, go léiríonn aistriúchán Uí Fhaoláin ar shaothar Eoiripidéas go bhfuil luí nádúrtha ag Meidéa leis an nGaeilge; léiríonn sé go dtarraingíonn béaloideas na nGael agus na Sean-Ghréagach as an tobar cianársa céanna (bhí scéal Meidéa sa traidisiún béil i bhfad sula ndearna Eoiripidéas athinsint air).

Ábhar tráchtais atá ansin do dhuine éigin, seans, ach d’fhéadfaí a shamhlú go furasta go mbeadh staidéar á dhéanamh ar an leagan seo de Meidéa mar chuid de bhunchúrsaí litríochta na gcúrsaí ollscoile Gaeilge amach anseo, agus cá bhfios nach spreagfadh an t-aistriúchán seo cumann drámaíochta amaitéarach nó go deimhin proifisiúnta éigin an saothar seo a chur ar stáitse in athuair.

Ar chaoi ar bith, tá saol na Gaeilge faoi chomaoin ag Simon Ó Faoláin as ceann d’fhíorsheoda litríocht an domhain a chur ar fáil i nGaeilge sholéite agus bhlasta.

Tá saol na Gaeilge faoi chomaoin, leis, ag Dómhnal Ó Bric a rinne na léaráidí gruama, ach mealltacha, a mhaisíonn an saothar seo; an ceangal sin idir an dúchas Gaelach agus an dúchas Gréagach, d’éirigh le Ó Bric é a léiriú go caolchúiseach. Is fiú, mar a mholtar in iarfhocal an leabhair, dul tríd na léaráidí arís ina gceann agus ina gceann tar éis duit an dráma a léamh.

Fág freagra ar 'Ceann d’fhíorsheoda litríocht an domhain curtha ar fáil i nGaeilge sholéite agus bhlasta'