Bhí mise 15, bhí seisean 16.
Chuaigh muid ar saoire rothaíochta timpeall na hÍsiltíre, d’fhliuch an bháisteach mo mhála codlata, b’éigean dúinn a mhála codlata siúd a roinnt, agus bhí caidreamh gnéis eadrainn ina dhiaidh sin ar feadh leathbhliana – go dtí gur thosaigh seisean ag siúl amach le cailín. Stop mise ag labhairt leis thar oíche agus ní fhaca muid a chéile ó rinne muid an ardteist, breis agus 32 bhliain ó shin.
Bhí go leor le plé againn, mar sin, nuair a chuaigh muid le haghaidh caife an tseachtain seo caite.
Ní hé gur casadh ar a chéile trí thimpiste sinn; bhí mionchóiréagrafaíocht ag baint leis an gcoinne. Bhí teagmháil ríomhphoist chiotach againn anois is arís le tamall de bhlianta anuas ach an samhradh seo, tar éis don bheirt againn blianta fada a chaitheamh ar an gcoigríoch, tharla muid inár mbaile dúchais ag an am céanna den chéad uair – agus b’fhacthas dúinn nár chóir dúinn an deis athmhuintearais a chailleadh.
Tuismitheoirí atá go dona tinn ba chúis le filleadh na beirte againn ar an seanfhóid, cuairt shealadach ina chás siúd – tá bean aige sa bhaile agus clann air. Tharla rud nó dhó i mo shaol féin freisin ó rinne muid an ardteist agus chuir 32 bhliain de thaithí saoil bhreise ar ár gcumas féachaint ar ar tharla eadrainn le súil chineálta na meánaoise seachas le súil theasaí an déagóra.
‘Bhí mé rud beag drámatúil is dócha,’ a dúirt mise, ‘gur stop mé ag labhairt leat thar oíche mar sin gan aon mhíniú. Ach is dócha gur shíl mé gur chóir go dtuigfeá féin an chúis.’
‘Bhí mise dúr,’ a dúirt seisean, ‘níor thuig mé ar chor ar bith go dtí gur léigh mé blag de do chuid blianta fada ina dhiaidh sin go raibh agus go bhfuil dúil agat i bhfir dáiríre. Go dtí an lá sin shíl mise nach raibh sa mhéid a thit amach eadrainn ach leaids óga ag baint triail as rudaí.’
Creid é nó ná creid ach ag an am níor phléigh muid oiread agus uair amháin a mbíodh ar siúl againn thuas inár gcuid seomraí codlata théis na scoile, nó amuigh faoin spéir sna dumhcha gainimh, go hiomlán i ngan fhios dár dtuismitheoirí, gan trácht ar an gcuid eile den rang. I dtús na 1990idí, ní fhéadfadh beirt bhuachaillí meánscoile a admháil, fiú amháin dóibh féin, go raibh caidreamh gnéis eatarthu – fiú amháin san Ísiltír.
Ach an tseachtain seo caite, i ndiaidh dúinn an eilifint sa seomra a phlé faoi dheireadh, tháinig na cuimhní ina rabharta, an chaint eadrainn chomh nádúrtha sin nach gceapfá riamh go raibh bearna 32 bliain sa chairdeas.
Ach níorbh iad na cuimhní a bhí agamsa na cuimhní a bhí aigesean, agus an bealach eile timpeall – dearmad déanta ag an mbeirt againn ar rudaí nár shamhlaigh muid riamh, ag an am, go ndéanfaimis dearmad orthu. Aisteach go leor bhí dearmad déanta agamsa ar rudaí áirithe agus aigesean ar rudaí eile, rud a d’fhág go raibh léargais iomlán éagsúil againn ar an tréimhse sin inar dhlúthchairde sinn.
Agus muid ag dul siar ar bhóithrín na smaointe cuireadh ar mo shúile dom arís is arís eile gur rud í an chuimhne a théann i léig le himeacht na mblianta, ní hamháin sin, ach gur scéalta iad ár gcuid cuimhní a insímid dúinn féin agus gur ficsean, dáiríre, a bhíonn iontu sa deireadh.
Cuirimid scéal ár saoil in oiriúint dúinn féin: leagaimid béim ar na gnéithe a thaitníonn linn, fágaimid amach na rudaí nach n-oireann dúinn agus déanaimid dearmad orthu sin in am trátha. Aisteach go leor, ní thugaimid féin an eagarthóireacht a dhéanaimid ar scéal ár saoil faoi deara agus sa deireadh creidimid gur fíricí an ficsean a chumaimid.
Ag breathnú siar anois mar shampla, níl mé cinnte ar chor ar bith an raibh mé 15 dáiríre nuair a thosaigh mo shaol gnéis; má bhí, tharla an tsaoire rothaíochta chinniúnach úd coicís roimh shaoire an tsamhraidh. Gach seans mar sin go raibh mé díreach tar éis an 16 bliana a bhaint amach, ach gur chuir mé i mo luí orm féin agus ar dhaoine eile ó shin go raibh mé 15 fós nuair a luigh mé le fear eile den chéad uair – iarracht buaileam sciath a dhéanamh as an tús luath a bhí le mo chuid eachtraí leapa, cá bhfios.
Fág freagra ar 'Casadh mo chéad leannán orm den chéad uair le 32 bliain agus ní mar a chéile ár gcuimhní'