‘Leigheas an tSiúcra’ agus ‘Fuaim faoi Cheilt’ i mBéal Feirste, Fleadh Cheoil na hÉireann i Loch Garman

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

‘Leigheas an tSiúcra’ agus ‘Fuaim faoi Cheilt’ i mBéal Feirste, Fleadh Cheoil na hÉireann i Loch Garman
TAISPEÁNTAIS

Dhá thaispeántas ealaíne nua i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

Seoladh dhá thaispeántas ealaíne nua i nGailearaí Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich an tseachtain seo, Leigheas an tSiúcra le Megan Luddy agus Fuaim faoi Cheilt le Colin Darke.

Sa gcur síos a dhéanann sí ar a taispeántas, deir an t-ealaíontóir Megan Luddy go bhfuil an taispeántas faoi chomaoin ag Máirtín Mac Con Iomaire, Bríd Mahon, Kevin Danaher, Jennie Moran agus daoine eile a bhfuil a nguthanna le fáil i mbailiúchán na Scol. Cíorann Leigheas an tSiúcra an éagsúlacht atá le fáil i stair chócaireacht na hÉireann agus fonn ar an ealaíontóir cuimhní pianmhara i stair chultúrtha na tíre i leith an bhia a mhaolú.

Is é an ‘Carrier bag theory of fiction’ de chuid Ursula K. Le Guin réalta eolais an tsaothair seo, a deir Luddy. Tá teoiric ag Le Guin nach sleá ná arm éigin eile an chéad uirlis ag bhí ag an duine, ach eangach nó mála. Áitíonn Luddy gur chóir an tábhacht a bhaineann leis an gcéad earra sin a bheith ina fhórsa a thugann daoine le chéile in áit a bheith ina fhórsa millte.

Seoladh taispeántas Colin Darke, Fuaim Faoi Cheilt i nDánlann Dillon, an tseachtain seo freisin agus beidh sé ar bun go dtí an 12 Meán Fómhair.

Is de bhunadh Shasana ó dhúchas é Darke. Bhog sé go Éirinn i 1988, chaith sé fiche bliain i nDoire, d’athlonnaigh sé go Béal Feirste chun dul i mbun staidéir agus is ann atá cónaí air ó shin. Tagraíonn na trí phíosa sa taispeántas, Fuaim Faoi Cheilt do shaothar de chuid Marcel Duchamp, With Hidden Noise, a scríobhadh in 1913.

I saothar amháin dá chuid tá tiomántáin chrua sheachtracha ina bhfuil fillteáin anaithnide agus iad cosanta ag pasfhocal. Is é atá sa saothar is mó 1,275 bosca bronntanas agus iad ceangailte le sreangán, agus pingin de chuid na Breataine i ngach ceann acu. Tá focal amháin ar gach lipéad, ach nuair a chuirtear le chéile iad, teideal an aistriúcháin ar aiste cháiliúil James Connolly Socialism and Irish Nationalism atá agat. Sa tríú píosa déantar machnamh ar an mbiogóideacht i bhfad amach ar an eite dheis faoi chúrsaí inimirce. Is é atá ann buidéil sáile ón gcósta thiar, chomh maith leis an dán íorónta ‘Démocratie’ le Rimbaud. Is iad na trí phíosa le chéile bunús na beochana atá sa taispeántas.

Tá tuilleadh eolais anseo.

FÉILTE

Fleá na bPrátaí an deireadh seachtaine seo ar an Eachréidh

Cé go raibh séasúr crua ag feirmeoirí fataí i mbliana, níl aon ísle brí ar lucht eagraithe ‘Fleá na bPrátaí’ agus ceiliúradh mór le bheith acu i nGleann na Sceiche ar an Eachréidh an deireadh seachtaine seo, an 2-4 Lúnasa.

Is é seo an 24ú bliain ag an bhféile seo a dhéanann ceiliúradh ar an bpráta le linn trí lá na féile. Beidh amhránaíocht agus ceol ar an gclár chomh maith le scéalaíocht, garraíodóireacht, agus tá rogha gach bia agus togha gach dí geallta ag an lucht eagraithe freisin.

Tháinig ráiteas an tseachtain seo ó ‘Uachtarán Phoblacht na bPrátaí’ ag cur fáilte Uí Bhaoill roimh uasal is íseal go féile na bliana seo. Tá sé d’aidhm acu i ‘bPoblacht na bPrátaí’, de réir an ráitis, fáilte a chur roimh gach uile phráta beag is mór go dtí an fhéile.

 

Fleadh Cheoil na hÉireann i Loch Garman

Beidh Fleadh Cheoil na Éireann ar bun ó 4 go 11 Lúnasa i gcathair Loch Gharman. Is í an Fhleadh Cheoil an fhéile cheoil Gaelaigh is mó sa domhan. Cuireadh tús leis an bhFleadh sa Mhuileann gCearr sa mbliain 1951 agus tá fás agus forbairt leanúnach tagtha ar an bhféile. Mar a bhíonn ag gach fleadh táthar ag súil leis na sluaite i mbaile Loch Garman, meastar go dtabharfaidh suas le 600,000 duine cuairt ar an gcathair i gcaitheamh deich lá na féile.

Beidh an seoladh oifigiúil ar bun ar an Domhnach, an 4 Lúnasa ag an nGig Rig ar an gCéibh i Loch Garman. Coinnigh súil amach do Ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta áit a mbeidh Neansaí Ní Choisdealbha agus a comhghleacaithe i láthair agus aíonna speisialta ag bualadh isteach chucu i gcaitheamh ma fleidhe. Beidh clár beo á gcraoladh, Ríl an Ródaí ón 3 go dtí a 5i.n. ar an Déardaoin, agus an Aoine agus ó 1:20 i.n. go dtí a 3 i.n. ar an Satharn, an 10 Lúnasa.

Cuirfear Cuisle an Cheoil, seó leis an gceol beo ar bun taobh amuigh d’Ionad Ealaíne Loch Garman i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta, ón 3:30i.n. go dtí a 5i.n. Beidh go leor leor comórtas ceoil ar bun chomh maith le ceardlanna agus ranganna ar uirlisí éagsúla, mar a bhíonn gach bliain. Tá an liosta imeachtaí ar fad le fáil ar an suíomh idirlín na fleidhe.

Tabharfar faoi churiarracht a chur sa Guinness Book of World Records ag an bhFleadh i mbliana freisin agus cuireadh oscailte tugtha d’éinne atá in ann port a sheinm ar an bhfeadóg stáin a bheith páirteach san iarracht. Beidh iarracht á déanamh ar an 8 Lúnasa an grúpa is mó daoine ag seinm ar an bhfeadóg stáin ag an am céanna a thabhairt le chéile. Tá 1,200 duine ag teastáil chun an churiarracht sin a bhaint amach. Caithfear clárú ar an lá agus is iad Fáinne Geal an Lae agus The Boys of Wexford an dá phort a bheidh á seinm ag an seisiún sin. Gach eolas anseo.

 

Féile Chuigéil, rásaí bád

Beidh Féile Chuigéil, rásaí bád, ar bun an deireadh seachtaine seo i Leitir Mealláin ón Aoine beag seo, an 2 Lúnasa, go dtí an Luan seo chugainn. Tá sé i gceist ag lucht na féile, ach an aimsir a bheith in araíocht chuige, rásaí na ngleoiteogaí beaga a chur ar bun ar an Satharn agus beidh rásaí na ngleoiteogaí móra, na leathbháid agus na báid mhóra ar an Domhnach. Beidh rásaí curachaí canbháis, cluichí peile agus ceol beo ina gcuid d’imeachtaí na féile i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Cuirfear an ceol beo ar bun gach oíche Tigh Lee ag tosú ag a 10am Is iad an banna ceoil Súnda a bheidh ann ar an Aoine agus Ceann Gólaim ar an Satharn. Ar an Domhnach, cuirfear seisiún ceoil sa mbreis ar bun tráthnóna agus beidh an banna ceoil Glór na dTonn ag casadh san oíche Dé Domhnaigh. Beidh an oíche dheireanach den fhéile ar bun ar an Luan, 4 Lúnasa agus is iad Glór na dTonn a bheidh ag casadh ceoil Tigh Lee an oíche sin.

Fág freagra ar '‘Leigheas an tSiúcra’ agus ‘Fuaim faoi Cheilt’ i mBéal Feirste, Fleadh Cheoil na hÉireann i Loch Garman'