Ceangal Gaeltachta curtha le feachtas Joe Biden do thoghchán uachtaránachta Mheiriceá

Tá Seanadóir Inis Ní, Christopher Dodd, ag roghnú comhghleacaí do Joe Biden – ach eireaball ar chuile scéal in Washington

Ceangal Gaeltachta curtha le feachtas Joe Biden do thoghchán uachtaránachta Mheiriceá

Cuireann ceapachán Christopher Dodd ar ghrúpa atá ceaptha ag Joe Biden mar chomhairleoirí aige ceangal Gaeltachta le feachtas iarrthóir na nDaonlathach do thoghchán na hUachtaránachta i Meiriceá.

Beidh cúram trom ar Dodd, atá ag triall ar Ghaeltacht Chonamara le beagnach 30 bliain, an ball is sinsearaí ar an gcoiste atá ceaptha ag Biden.

Cuirfidh acomhairle ar Biden i dtaobh an duine is feiliúnaí, dar leo, le roghnú mar chomhghleacaí sa rás i dtreo an Tí Bháin in Washington.

Seo an té a bheidh ina Leasuachtarán má éiríonn le Biden.

Comhghleacaí ban atá le roghnú. 

Ina measc siúd a cheaptar a bheith san iomaíocht, tá na Seanadóirí. Kamala Harris (California), Stacey Abrams (Georgia), Elizabeth Warren  (Massachusetts) agus an Gobharnóir Gretchen Whitmer  (Michigan).  

Iarpholaiteoir aitheanta agus cumhachtach sna Stáit Aontaithe é Christopher Dodd.  Ina fheisire i dTeach na nIonadaithe do Stát Connecticut agus mar Sheanadóir don Stát céanna, tá 36 bliain as a chéile caite aige in Washington.

Bhí, agus tá, a thearmann suaimhnis aige féin agus a theaghlach in Inis Ní i gCloch na Rón i gConamara.  Tá Christopher Dodd ag triall ar an gceantar Gaeltachta sin le beagnach 30 bliain agus teach dá gcuid féin ag an teaghlach ar an mbaile fearainn a bhíodh ina oileán mara tráth den saol.

Tá droichead ann le fada an lá.

Sa bhfómhar seo caite a bhí Christopher Dodd agus a chomhluadar in Inis Ní go deireanach ach, de réir an eolais go háitiúil, ní fheicfear Dodd sa gceantar sin i mbliana.  Beidh sé cruógach i bhfeachtas thoghchán na hUachtaránachta i Meiriceá.

Cúig bliana déag agus trí fichid atá Christopher Dodd anois.  Tar éis dó éirí as an bpolaitíocht in 2010, ceapadh é ina Phriomhfheidhmeannach ar Chumann Lucht na Scannán sna Stáit Aontaithe – The Motion Pictures Association of America.  Bhí $3 milliún in aghaidh na bliana mar luach saothair as an bpost sin.   Tá Dodd éirithe as na dualgais sin anois.

Seanchara le Joe Biden é. 

Mar Dhaonlathaigh as oirthuaisceart na Státaí – Biden in Delaware agus Dodd in Connecticut – bhí an  bheirt sa gcomhluadar polaitiúil céanna in Washington ar feadh na mblianta.  Mar Ghael-Mheiriceánaigh, bhíodar beirt freisin bainteach le treibh na hÉireann i bpolaitíocht Mheiriceá.  Bhíodar, ar ndóigh, beirt ina gcairde freisin ag Ted Kennedy agus a leithéidí.  Ba mhinic le Dodd a bheith i dteagmháil leis an gCinnéideach agus leis na daoine ba chumhachtaí in Washington as a thearmann in Inis Ní.

Nuair ba mhó an chorraíl i dTuaisceart Éireann thug daoine sinsearacha ar chaon taobh den chlaí polaitiúil ó thuaidh cuairteanna ar Dodd in Inis Ní.  Bhí eolas maith san áit ag Séamus Mallon agus tá a fhios go raibh Gerry Adams ansin chomh maith.

Cé gur ar an gcúlráid a bhí an teagmháil sin ar bun, meastar go raibh lorg na hoibre a rinne Christopher Dodd tábhachtach sna  hiarrachtaí síochána ó thuaidh.

Bhí Dodd cairdiúil leis an iarThaoiseach Brian Cowen, a bhfuil áit aige i mBaile Conaola, ach ní fear éirí in airde é.  Tá aithne ag na comharsana air in Inis Ní agus i gCloch na Rón agus bhíodh seoladh Seó Chapaillíní an cheantair ar cheann de na dualgais a dtéadh sé ina gcion go háitiúil.

Is é Dodd an duine is sinsearaí ó thaobh na polaitíochta de atá curtha ag obair ag Joe Biden ar roghnú comhghleacaí – an chéad Leasuachtarán eile, b’fhéidir.  Is deacair a rá an aon chomhartha é seo  go mbeadh stádas ag Dodd i réimeas Uachtaránachta Joe Biden, má bhaineann seisean tairseach an Tí Bháin amach. Bheadh caint gan dabht faoi phost Ambasadóra in Éirinn.

Ach ní dhéantar spáráil ar pholaiteoir ar  bith i mbliain toghcháin sna Státaí. 

Is géire ná riamh atá na sceana anois agus na Poblachtánaigh agus na Daonlathaigh in árach a chéile ar bhealaí níos binbí ná a bhíodh. 

Tá eachtra a deirtear a tharla i mbialann in Washington 35 bliain ó shin dúisithe, an cineál eachtra nach gcuideoidh le Joe Biden.  Mar atá a fhios ag an saol, tá iarfhostaí dá chuid darbh ainm Tara Reade tar éis mí-iompar mígheanasach a chur i leith Joe Biden. Líomhaintí atá séanta go láidir ag Biden.  An ceart, a fhiafraítear go dtabharfadh sé fear a raibh eachtra eile dá leithéid luaite leis féin isteach mar chomhairleoir sinsearach?

Cén scéal é seo?

Washington 1985.  Bialann a bhfuil cáil mhór air – La Brasserie.  Bhí na Seanadóirí Ted Kennedy agus Chris Dodd ag caitheamh béilí ann i gcuideachta beirt bhan, mná fionnbhána, a deirtear.  Bhí boslach maith ólta ag gach a raibh ann de réir scéil.  Chuaigh na mná chuig an leithreas.

Is cosúil, de réir na gcuntas, gurbh é Ted Kennedy an ‘stiúrthóir’ ar an eachtra.  Bhíodar i mboth príobháideach sa mbialann. An fhaid agus a bhí a gcairde ban ag an leithreas d’iarr Kennedy go gcuirfí isteach chucu an bhean a bhí ag freastal orthu sa mboth. Nuair a tháinig sí isteach rug Kennedy uirthi agus bhuail síos ar an mbord í.

Briseadh gréithe, doirteadh fíon, leagadh coinnle agus rinneadh práisc den áit.  Ansin rug an Cinnéideach ar an bhfreastalaí óg aríst agus leag í sa mullach ar Dodd, a deirtear.  Ansin chaith an Cinnéideach é féin sa mullach ar an mbeirt.  Stop an eachtra nuair a tháinig freastalaí eile isteach an doras. 

An “waitress sandwich” a baisteadh ar an eachtra sna meáin i Washington.   Dúradh ina dhiaidh sin gur ráig diabhlaíochta a bhí ann a d’imigh thar fóir; bhí ól agus éirí in airde i gceist, a dúradh. 

Ní míniú sásúil ar an scéal a bhí ansin ach dúradh gur saol eile a bhí ann agus ligeadh an eachtra i ndearmad cuid mhaith.

Níl sé dearmadta anois.  Beidh ithe agus ól air, ar feadh tamaill ar chuma ar bith. 

Idir an dá linn, tá comhghleacaí le roghnú le cur i gcuideachta Joe Biden ar thicéad na nDaonlathach. 

D’fhéadfadh an cinneadh a dhéanfaidh Christopher Dodd agus a chomhluadar ar an gcoiste Joe Biden a chur ar ais go dtí príomhchathair pholaitíochta an domhain – cathair ar iomaí sin scéal a bhaineann léi.

Fág freagra ar 'Ceangal Gaeltachta curtha le feachtas Joe Biden do thoghchán uachtaránachta Mheiriceá'