Cead pleanála iomlán do Pháirc na Mara le lorg roimh Nollaig

Ní raibh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne sásta aon ghealltanas a thabhairt go gcuirfí maoiniú breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta sa chás go bhfaighfí cead pleanála do Pháirc na Mara

Cead pleanála iomlán do Pháirc na Mara le lorg roimh Nollaig

Cuirfidh Údarás na Gaeltachta iarratas pleanála maidir le Páirc na Mara faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe roimh an Nollaig.

Lena chois sin, foilseoidh an eagraíocht fiontraíochta staidéir timpeallachta i leith na forbartha atá beartaithe do Chill Chiaráin i gConamara sna seachtainí amach romhainn.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Séan Kyne an méid sin sa Dáil agus mhaígh sé go raibh “obair mhór” déanta ag an Údarás ar iarratas pleanála a réiteach “a chuimsíonn leagan amach na páirce agus nithe ábhartha eile a bheidh ag teastáil chun páirc nuálaíochta mara den scoth a thógáil”.

Tá Páirc na Mara ar cheann de na tograí is mó atá beartaithe ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht agus ar an togra is mó acu le dul i ngleic leis an ngéarchéim dífhostaíochta i gceantar iarthuaisceart Chonamara. 

Dhiúltaigh an Bord Pleanála don chéad chéim den fhorbairt ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara. 

Mar sin, cé go mbeidh iarratas iomlán don fhorbairt á chur ag Údarás na Gaeltachta faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe go luath ceaptar gur dóigh gurb amlaidh go gcuirfear an scéal faoi bhráid an Bhoird Pleanála sa deireadh.

Ní raibh an tAire Stáit sásta aon ghealltanas a thabhairt go gcuirfí maoiniú breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chun a chinntiú nach mbeadh aon mhoill ar Pháirc na Mara sa chás go bhfaighfí cead pleanála ina leith.

D’fhiafraigh an Teachta Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an gcuirfear tuilleadh airgid ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, más gá, chun a chinntiú nach mbeidh aon mhoill ar chur chun cinn Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, má fhaightear cead pleanála ina leith; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. 

Fág freagra ar 'Cead pleanála iomlán do Pháirc na Mara le lorg roimh Nollaig'

  • MOC

    An comhartha é do dhearca nua Údarás na Gaeltachta i leith na Gaeilge gur i mbéarla atá gach eolas ar Facebook Pháirc na Mara? Mar gur béarla amháin a bheas ag an dream a bheas ag obair ann b’fhéidir á mbussáil amach as cathair na Gaillimhe. No irish speakers need apply. Cá bhfuil an phleanáil teanga anois?