Cead pleanála faighte d’ionad nua cúram sláinte sa Spidéal

Deir lucht a forbartha go gcuirfidh na t-ionad nua don chúram príomhúil sláinte leis na seirbhísí sláinte atá ar fáil ‘ó Bhearna go Carna’

Cead pleanála faighte d’ionad nua cúram sláinte sa Spidéal

Tá cead pleanála tugtha inniu d’ionad nua don chúram príomhúil sláinte a thógáil sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Deir Rónán Bairéad ón gcomhlacht atá chun an t-ionad a fhorbairt, Baile Éamoinn Teoranta, go bhfuil ‘ríméad’ orthu go bhfuil an cead pleanála faighte ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

“D’admhaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil ionad nua cúraim phríomhúil ag teastáil ó cheantar Chois Fharraige agus an Spidéil chun go mbeadh teacht ag muintir na háite ar réimse cuimsitheach seirbhísí sláinte neamhghéarmhíochaine gan dul go dtí ospidéal géarmhíochaine,” a deir Rónán Bairéad.

“Táimid tús curtha againn le cainteanna le FSS chun éileamh a dhéanamh ar raon leathan seirbhísí a chur ar fáil don phobal ón áis nua cúram sláinte sa Spidéal,” ar sé.

“Cuirfidh na seirbhísí seo leis na seirbhísí atá ar fáil don Ghaeltacht ar fad ó Bhearna go Carna.”

I measc na seirbhísí a d’fhéadfaí a chur ar fáil san ionad nua tá áiseanna X-gha agus diagnóiseacha, dochtúirí teaghlaigh, altraí sláinte poiblí, seirbhísí fiaclóireachta, seirbhísí leas an phobail, fisiteiripe, teiripe saothair, seirbhísí urlabhra agus teanga, seirbhísí meabhairshláinte, seirbhísí síceolaíochta, seirbhísí optalmacha, seirbhísí máthar agus leanaí agus seirbhísí cúraim do dhaoine scothaosta.

Deir Bairéad gur léirigh an phaindéim “an géarghá” atá lena chinntiú go mbíonn seirbhísí cúram sláinte nach seirbhísí géarchúraim iad lonnaithe in ionad sa bpobal ionas nach mbeidh ar dhaoine taisteal chuig Ospidéal Géarmhíochaine Poiblí chun teacht ar sheirbhísí bunúsacha sláinte.

Dúirt Rónán Bairéad go raibh sé ag súil go mbeadh an t-ionad nua oscailte chomh luath agus ab fhéidir.

Fág freagra ar 'Cead pleanála faighte d’ionad nua cúram sláinte sa Spidéal'

  • Gwen

    Scéal iontach!! Cuireann sé ríméad ar mo chroíse.
    An mbeidh stad bus nua ann, díreach in aice leis an ionad nua?
    Agus beidh gach seirbhís ar fáil san ionad nua déanta trí Ghaeilge, nach mbeidh? (Mura dtaitníonn leis an othar Béarla a úsáid, ar ndóigh.)