Céad-Aire na Breataine Bige éirithe as

D'fhógair Vaughan Gething go raibh sé ag éirí as i ndiaidh do cheathrar dá chuid airí éirí as a rialtas

Céad-Aire na Breataine Bige éirithe as

Vaughan Gething. Pictiúr: Matthew Horwood

Tá Vaughan Gething éirithe as céad-aireacht na Breataine Bige agus gan ach ceithre mhí caite aige sa phost.

D’fhógair Gething go raibh sé ag éirí as i ndiaidh do cheathrar dá chuid airí éirí as a rialtas.

Tá Gething sáinnithe i gconspóid le roinnt míonna anuas faoi shíntiús £200,000 a fuair sé dá fheachtas ceannaireachta ó fhear a ciontaíodh as sárú a dhéanamh ar dhlíthe a bhaineann le cosaint na timpeallachta. Suaite go maith a bhí cúrsaí polaitíochta sa Senedd le roinnt míonna, tréimhse inar chaill Gething vóta muiníne.

Deir Gething nach ndearna sé aon rud as bealach agus gur cúrsaí polaitíochta ba chúis le lucht a cháinte a bheith ag maíomh a mhalairt. “Is oth liom nach bhfuil tábhacht níos mó le dualgas an chruthúnais i dteanga ár bpolaitíochta,” arsa Gething.

Ghabh Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer buíochas le Vaughan Gething, a bheidh ag éirí as a ról chomh mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Bheag.

“Ba chóir go mbeadh Vaughan an-bhródúil gurbh é an chéad duine dubh a bhí ina cheannaire ar aon tír san Eoraip,” a dúirt Starmer.

Dúirt Starmer go gcuirfeadh gaisce Gething le huaillmhian daoine óga ar fud na Breataine Bige.

Dúirt Starmer gur thuig sé chomh deacair is a bhí an cinneadh a rinne Gething ach go ndearna sé an cinneadh sin mar gur chreid sé gur ar leas na Breataine Bige a bhí sé.

Dúirt Gething gur “seirbhís” a thabhairt don Bhreatain Bheag an spreagadh a bhí i gcónaí ina shaol mar pholaiteoir. Onóir agus pribhléid “nach dtiocfadh aon ídiú orthu” a bhí sa deis a fuair sé a léiriú do phobail nach ndéantar dóthain ionadaíochta orthu go bhfuil “áit ann dóibh”.

Tá Plaid Cymru ag iarraidh go mbeadh toghchán Senedd ann gan mhoill.

Dúirt an Páirtí Coimeádach gur lá a bhí sa lá inniu a tharraing náire ar Pháirtí an Lucht Oibre.

Fág freagra ar 'Céad-Aire na Breataine Bige éirithe as'