“Ceacht iontach” sa Ghaeilge nó “sectarian and condescending tripe”? Tá malairt tuairimí léirithe faoin shraith nua atá á cur amach ag lucht KNEECAP, ar mhaithe le ‘nathanna agus frasaí Gaeilge a theagasc do Phrotastúnaigh’.
Sa tsraith ‘Gaeilge for Prods’ cuireann na rapálaithe conspóideacha as Béal Feirste frásaí Gaeilge i láthair a deir siad a bheadh fóirsteanach do Phrotastúnaigh le linn shéasúr na máirseála ó thuaidh.
Sa chéad eagrán, díríonn triúr ball an ghrúpa, Moglaí Bap, Mo chara agus DJ Provaí, ar cainteoirí Gaeilge iad ar fad, ar an fhocal ‘Tine chnámh’ a mhúineadh.
Tugann siad samplaí de roinnt abairtí a shíleann siad a bheadh úsáideach d’aimsir mhí Iúil nuair a bhíonn tinte cnámh á lasadh:
“Bhí mé as mo cheann ar snaois bhán ag an Tine Chnámh – I was off my head on cocaine at the bonfire.”
“Bhí mé chomh lasta le tine chnámh – I was as lit as a bonfire.”
“Thit mé den tine chnámh – I fell off the bonfire.”
Episode 1: Gaeilge for Prods
🎥 Peadar Ó Goill
🎨 Cian Hogan pic.twitter.com/M367D5eQn9— KNEECAP (@KNEECAPCEOL) September 23, 2023
Tá an chéad eagrán den tsraith físeán á scaipeadh go tréan ar na meáin shóisialta le cúpla lá anuas agus meascán tuairimí léirithe faoi.
“An rang Gaeilge is fearr ariamh” a dúirt duine amháin agus bhí go leor a shíl go raibh sé greannmhar.
Ag cur leis an “chav culture” agus “stuck in the past”, a dúirt daoine eile.
Ní hé seo an chéad uair go bhfuil conspóid tarraingthe ag KNEECAP orthu féin.
Bhí go leor conspóide ann, mar shampla, faoi phóstaer poiblíochta de chuid KNEECAP ina raibh ceannaire an DUP agus Príomh-Aire na Breataine le feiceáil ar bharr tine chnámh.
Rinneadh cáineadh ar KNEECAP cúpla bliain ó shin nuair a scaip siad físeán díobh féin ar na meáin shóisialta de cheolchoirm san Empire Music Hall i mBéal Feirste agus ‘Brits Out’ á bhéiceadh ón stáitse acu.
Bhí conspóid freisin i gceist leis an chéad amhrán a d’eisigh an grúpa ‘C.E.A.R.T.A’ in 2018.
Idir an dá linn, tá fógartha ag KNEECAP le déanaí go mbeidh a gcéad albam á chur amach acu an bhliain seo chugainn ar lipéad Heavenly Recs.
Dúirt KNEECAP go mbeidh a gcéad albam in ómós dá “cara mór” Rónán Mac Aodha Bhuí, an craoltóir aitheanta, a bhásaigh an tseachtain seo caite.
Tá críoch curtha chomh maith le taifeadadh fadscannán dátheangach faoi KNEECAP ina mbeidh an t-aisteoir aitheanta Michael Fassbender mar chuid den chliar. Beidh Kneecap ar taispeáint sna pictiúrlanna an bhliain seo chugainn.
Fág freagra ar '‘Ceacht iontach’ sa Ghaeilge nó ‘sectarian tripe’? Sraith nua ‘Gaeilge for Prods’ seolta ag KNEECAP'