‘Cé leis thú?’ – freagra na ceiste ar fáil ar an gCeathrú Rua anocht

‘Má tá faitíos ort roimh thaibhsí ná hoscail an doras!’ is teideal do chaint faoi chraobhacha ginealaigh agus cúrsaí DNA a thabharfar ag ócáid de chuid Chumann Béaloidis Chonamara ar an gCeathrú Rua anocht

‘Cé leis thú?’ – freagra na ceiste ar fáil ar an gCeathrú Rua anocht

‘Cé leis thú?’ an cheist is mó a chuirtí ar dhaoine i gConamara san am a caitheadh – agus má tá freagra na ceiste sin ag déanamh aon imní duit, féadfaidh tú dul go dtí an cruinniú a bheidh ag Cumann Béaloidis Chonamara ar an gCeathrú Rua anocht.

Beidh an saineolaí ríomhaireachta agus an t-aisteoir Seán Ó Ráighne as Baile na Cille i Leitir Mealláin ag caint faoi Chraobhacha Ginealaigh agus cúrsaí DNA agus na hacmhainí uilig atá ar fáil chun cuidiú le duine agus é nó í ag déanamh ginealais.

Ar ndóigh cois teallaigh aimsir airneáin ba mhinice a réitítí cúrsaí gaoil is ginealais tráth ach tá áiseanna is acmhainní nua tagtha chugainn leis an teicneolaíocht agus tabharfaidh Seán Ó Ráighne éachtaint ar an soláthar sin.

Is namhaid í an cheird gan í a fhoghlaim agus tá rún ag Seán Ó Ráighne cuid de na huirlisí nua a chur i láthair ag an gcruinniú anocht.

‘Má tá faitíos ort roimh thaibhsí ná hoscail an doras’ teideal na cainte agus cá bhfios cén taibhse a chasfadh ar dhuine agus é ag tochailt sna foinsí.

Beidh an seisiún eolais agus cainte ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ag a 8pm anocht, an 26 Samhain.

Fág freagra ar '‘Cé leis thú?’ – freagra na ceiste ar fáil ar an gCeathrú Rua anocht'