Cé atá sásta labhairt ar son neamhspleáchas agus flaithiúnas na hÉireann?

An gcreideann éinne go gcuirfeadh Parlaimint na hEorpa stop le socrú faoin mBreatimeacht toisc gan aon réiteach a bheith ann maidir le teorainn chrua a sheachaint?

Cé atá sásta labhairt ar son neamhspleáchas agus flaithiúnas na hÉireann?

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Léiríonn fógra an Taoisigh Leo Varadkar go mbeidh na cainteanna idirbheartaíochta idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach ag bogadh ar aghaidh i ndiaidh chruinniú mullaigh an Aontais an mhí seo chugainn a laghad tábhachta a bhaineann leis an tír seo i ndáiríre sna cainteanna céanna.

Tá an príomhidirbheartaí de chuid an Aontais, Michel Barnier, ag iarraidh moill a chur ar an bpróiseas ach tá sé faoi bhrú láidir ón nGearmáin mar níl rialtas nua na tíre sin sásta glacadh leis na costais bhreise a bheadh ann má theipeann ar na cainteanna atá molta ag Barnier.

Ar ndóigh, dúradh linn go raibh leas na hÉireann chomh lárnach sin nach bhféadfaí dul ar aghaidh agus cúrsaí trádála a phlé go dtí go mbeadh trí scéal eile socraithe: an bille imeachta (a bheas le híoc ag an mBreatain don Aontas), cearta shaoránaigh an Aontais sa mBreatain i ndiaidh an Bhreatimeachta, agus ceist na teorann ar an oileán seo.

Níl aon réiteach ar an gceist dheiridh sin ar ndóigh, ach, i gcead do Barnier, is cosúil go mbeidh an tAontas ag bogadh ar aghaidh, pé scéal é.

Agus d’admhaigh an Taoiseach nach féidir a bheith cinnte faoi chás na teorann go dtí go mbeidh a fhios againn cén socrú a bheas ann sa deireadh ag an mBreatain leis an Aontas. Mar atá ráite go rialta sa gcolún seo agam, dhiúltaigh an rialtas aon idirbheartaíocht dhíreach a dhéanamh leis an mBreatain toisc, a dúirt siad, go raibh an tAontas ag labhairt ar ár son.

Anois a fheiceann muid céard ab fhiú focail bhreátha an Aontais. Is léir nach raibh sa gcaint faoi Éirinn ach uirlis le brú áirithe ar chur ar na Sasanaigh.

Má táthar dáiríre faoi theorainn chrua ar an oileán a sheachaint bheadh sé riachtanach an teorainn eacnamaíochta a aistriú go dtí Muir Éireann. Níor luaigh an rialtas an riachtanas seo ach i dtéarmaí an-éiginnte agus an-bhog, agus tá baol mór ann go mbogfar ar aghaidh anois gan bacadh a thuilleadh leis.

Ceist agam oraibh, a léitheoirí: an gcreideann éinne go gcuirfeadh Parlaimint na hEorpa stop le socrú toisc gan aon réiteach a bheith ann maidir le teorainn chrua a sheachaint. Nó an gcreideann éinne go mbeidh de chnámh droma ag an rialtas stop a chur le haon socrú nach gcinntíonn leas na hÉireann i dtaobh na teorann?

Ar ndóigh níl mórán solúbthachta ag rialtas na Breataine sa chás mar gheall go bhfuil siad ag brath ar an DUP i Westminster le fanacht in oifig.  Ach is cosúil anois nach ndéanfaidh an rialtas seo againne ach clamhsán beag os íseal nuair a déarfaidh na Sasanaigh nach féidir aon cheo a dhéanamh, agus is cosúil nach ndéanfaidh an tAontas clamhsán ar bith.

Go deimhin bhí sé le feiceáil ón tús gur tábhachtaí don rialtas (agus d’Fhianna Fáil is do Pháirtí an Lucht Oibre) géilleadh don Aontas ná féachaint ó thuaidh. Bhí na réimis i mBaile Átha Cliath – ceann i ndiaidh a chéile – sásta feall a dhéanamh ar náisiúnaithe an Tuaiscirt arís is arís eile, agus inniu féin fiú is tábhachtaí leo Sinn Féin a ionsaí ná seasamh leo maidir le cothromas cearta ó thuaidh nó maidir le cosaint a thabhairt don saol tras-teorainn.

Botún ollmhór ab ea é a bheith ag brath go huile agus go hiomlán ar an Aontas, agus gan oiread is duine amháin a bheith ag an tír seo ar fhoireann na hidirbheartaíochta.

Ach botún ollmhór eile ab ea é ag Sinn Féin argóint a dhéanamh i bhfabhar an Aontais mar fhreagra ar an mBreatimeacht.

Ar ndóigh chreid Sinn Féin go bhféadfaidís leas a bhaint as míshástacht aontachtóirí leis an mBreatimeacht le hathaontú na hÉireann a bhrostú ach is léir anois nach bhfuil na haontachtóiri céanna chomh míshásta sin go dtiontóidh siad i bhfabhar Éire Aontaithe.

Cén chaoi anois gur féidir le Sinn Féin argóint a dhéanamh i gcoinne neamhshuim an Aontais i leith na tíre seo nuair atá an oiread sin ráite acu i bhfabhar an Aontais?  Agus cén chaoi go bhféadfaidís socrú eile leis an Aontas a mholadh – an bhallraíocht chomhlach, mar shampla – tar éis dóibh iad féin a chur i measc dhílseoirí an Aontais?

Ach níl se ródhéanach i ndáiríre.

Níl sé ródhéanach don rialtas foireann idirbheartaíochta da gcuid féin a chur ag obair, ag iarraidh brú a chur ar na Sasanaigh glacadh le teorainn eacnamaíochta ar muir, nó le cur in iúl don Aontas go dtabharfadh muid droim láimhe le haon socrú nach n-oireann dúinn maidir leis an teorainn agus maidir leis na nósanna trádála atá againn leis an mBreatain.

I bhfianaise na cainte breá láidir a rinne Gerry Adams nuair a tháinig Michel Barnier go dtí an Dáil – níl sé ródhéanach ach ag an oiread ag Sinn Féin éirí as a bheith ag géilleadh don Aontas. D’fhéadfaidís fós labhairt amach arís ar son neamhspleáchas agus flaithiúnas na hÉireann.

Nach bhfuil sé in am dúinn iarracht a dhéanamh stádas speisialta a bhaint amach don tír seo maidir leis an Aontas ionas go bhféadfadh muid a bheith ag trádail leis an mBreatain agus leis an Aontas araon, agus teorainn chrua a sheachaint ar oileán na hÉireann.

Fág freagra ar 'Cé atá sásta labhairt ar son neamhspleáchas agus flaithiúnas na hÉireann?'

  • Searbhúsach

    Bíonn na haltanna so de chuid ‘Ar Son na Cúise’ i gcónaí greannmhar. Maith sibh! Cuireann Eoin ag gáire i gcónaí mé.

  • maitiu

    Tréasluīm an chaint sin leat.

  • Éadóchasach

    “Is fearr eolas na aineolas, lá ar bith!”, a Eoin, nach ea?

    Scríobhair faoina bhfuil ag titim amach san AE agus faoina bhfuil le rá ag polaiteoirí na hÉireann chun leas a dtíre a chosaint (nó a chur i mbaol): Níl tuairim dá laghad agatsa faoina bhfuil ag tarlúint san AE, áfach, ná faoina bhfuil le rá ag polaiteoirí ‘is ag taidhleoiri na hÉireann lena macasamhla i dtíortha eile an Aontais. (B’fhéidir go gcreidir go bhfuil a fhios agat, ach ní hionann creideamh i rud agus a fhios.) Scríobhair faoin “stádas speisialta” atá de dhíth orainn: Níl tuairim dá laghad agat, áfach, fén saghas “stádais speisialta” a bhfuil de dhíth. (An é stádas na hIorua san AE atá uainn? Nó an stádas a bheidh ag an mBreatain ag deireadh na hidirbheartaíochta maidir leis an mBreatimeacht?) Agus go dtí go mbeidh a fhios agat cén saghas “stádais” atá de dhíth, ní bheidh a fhios agat faoin “leas” a bhainfeadh leis dá mbeadh sé againn.

    Ó tharla ná fuil eolas cruinn ag aoinne faoina bhfuil ag tarlúint idir an Bhreatain agus tíortha an Aontais fé láthair, cuirimís an cheist seo i leataobh agus féachaimis ar cheist an stádais:

    Scríobhair go hana-mhinic fé “stádas speisialta”. Dar leat, do bheadh gach rud i gceart ach “stádas speisialta” a bheith againn. Bhuel, a Eoin, n’fheadar an bhfuil an t-eolas so ar eolas agatsa cheana féin, nó ná fuil, ach ní ann don “stádas” a bheadh “speisialta” a dhóthain chun ár ndeachrachtaí a réiteach: Má tá an Bhreatain chun Aontas Custaim agus Margadh Aonair na hEorpa a fhágaint, agus muna bhfuil rialtas na Breataine sásta glacadh leis na ceithre shaoirse, ní féidir linn teorainn chrua a sheachaint. B’fhéidir go mbeidh sí idir oileán na hÉireann agus an Bhreatain, nó b’fhéidir go mbeidh sí lonnaithe in oileán na hÉireann, ach beidh sí againn agus ní bheidh stádas na hIorua, ná stádas na Breataine, in ann crua na teorann so a mhaolú.
    Ní chabhródh stádas na hIorua linn in aon chor: B’fhéidir ná fuil an Iorua san Aontas Custaim, ach táid sa Margadh Aonair agus glacaid leis na ceithre shaoirse – dhá rud nach dteastaíonn ó rialtas na Breataine. Ciallaíonn sé sin go mbeadh teorainn chrua againn fós féin dá mbeadh stádas na hIorua againne.
    Ach céard a tharlódh dá mbeadh stádas againne a bheadh cosúil leis an stádas a bheidh ag an mBreatain? Bhuel níl a fhios againn go fóill – ná acusan ach oiread, is léir – cén saghas stádais a bhfuil á lorg acu. É sin ráite, is cosúil go bhfuilid ag iarraidh gan a bheith san Aontas Custaim ná sa Margadh Aonair, agus ná fuilid ag iarraidh cloí le rialacha ná le caighdeáin an Aontais. Is léir nach bhféadfaimís glacadh le stádas den saghas san.
    Anuas air sin, agus an cheist cíortha againn, chímíd anois nach í an teorainn amháin a bheidh ina údar deachrachtaí: Má tá an Bhreatain chun an tAontas Custaim agus an Margadh Aonair a fhágaint, agus muna bhfuilid sásta cloí le rialacha ná le caighdeáin an Aontais, ní féidir linn éagsúlacht rialála (nó ‘regulatory divergence’, dóibh siúd a cheapann gur chóir coincheapa casta comhaimseartha a rá i mBéarla…) a sheachaint agus beidh ana-dhrochthionchar ar fad ag an éagsúlacht san ar eacnamaíocht na hÉireann, pé stádas a bheadh againn.
    Agus anois, ceist nó dhó agam ortsa, a Eoin: An bhfuil a fhios agatsa cén stádas atá uainne? An bhfuil a fhios agat cén stádas atá uaitse? Nó an é an t-aon rud atá uait ná go dtitfeadh an AE as a chéile, go mbeadh Sinn Féin i gceannas ar Éire Aontaithe agus go mbeadh Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha ar a sheanléim aríst? Abair amach, a Eoin, agus cuir ar an eolas sinn. Is fearr eolas na aineolas, lá ar bith, nach ea?

  • Eoin Ó Murchú

    Tá an ceart ag Éadóchasach nuair a deir sé go dteastaíonn uaim go dtitfeadh an tAE as a chéile. Mar, ní fheicim gur féidir le muintir na hÉireann a bheith i gceannas ar chúrsaí na hÉireann (mar a fograíodh a bheith mar cheart againn i 1916). Anuas air sin tá an ceart aige (nó aici) freisin go bhfeicim gur club rachmais atá san AE, club atá ag iarraidh ollstát nua a bunú san Eoraip agus ollstát a mbeadh arm agus polasaí míleata aige. Feicim go raibh géarchéim an airgeadais níos measa na mar a bheadh toisc muid a bheith faoi riail an airgeadra Euro, agus feicim gur léir nach chun ár leasa mah phobal neamhspleách é dá n-eireódh le Macron dul ar aghaidh faoi luas i dtreó an ollstáit.
    Maidir le stádas speisialta, níl aon fhadb agamsa le himirce isteach (ni maith liom ár muintir fein a chailliúint ar an imirce amach). Bhead stádas na hIorua níos fear duinn ná lán-bhallraíocht, mar ta cead ag an Iorua comaontaithe trádála a dhéanamh toabh amuigh den AE, tá cead acu cojhlachtaí stáit a bheith acu le tionscal na hola a riaradh mar shampla, agus is leis an Iorua uiscí iascaireacht na tíre sin.
    Cibé socrú deireannach a bheas ann tá sé chun ár leasna margadh a dhéanamh leis an AE agus leis an mBreatain araon. Beidh muid thíos leis má chailleann muid trádáil leis an mBreatain agus ar ais sa sean-droch-chaoi dá mbeadh muid ceangailte leis an mBreatain leis féin.
    Chuige sin caithfimid idirbheartaíocht a dhéanmah muid fein: labhairt go díreach leis na Sasanaigh agus labhairt go díreach leis na hEorpaigh. Cén fáth go bhfuil imní ort roimh a leithéid?
    Mar fhocal scoir, níl imní orm m’ainm féin a fhógairt ach an oiread.

  • Éadóchasach

    Is léir ona bhfuil scríte agat, a Eoin, go bhfuilir aineolach go leor ar an AE agus ar cheist na teorann fós. Ná bíodh imní ort roimhe sin, áfach: Táim anso chun cúpla fíric a chur in iúl duit…

    ‘[T]eastaíonn uaim go dtitfeadh an tAE as a chéile. Mar, ní fheicim gur féidir le muintir na hÉireann a bheith i gceannas ar chúrsaí na hÉireann (mar a fograíodh a bheith mar cheart againn i 1916) […] agus feicim gur léir nach chun ár leasa mah phobal neamhspleách é dá n-eireódh le Macron dul ar aghaidh faoi luas i dtreó an ollstáit.’

    Fíric: Is í muintir na hÉireann atá i gceannas ar chúrsaí na hÉireann fé láthair. Is sinne a thogh ár nUachtarán, sinne a thogh teachtaí ár nDála, sinne a thogh ár bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa. Níor chuir an tAE iallach ar ár bpolaiteoiríne ár dtír a dhíol le comhlachtaí móra; ní chuireann an tAE cosc orthu cáin a ghearradh ar na comhlachtaí móra siúd ach oiread. A mhalairt glan. (Agus, dar ndóigh, ní hé an tAE a iarrann ar Leo Varadkar breis is €200,000 a íoc leis féin in aghaidh na bliana…) Fiú dá mba rud é gurbh í ár mballraíocht san AE údar fhadhbanna na hÉireann, níor ghá don AE titim as a chéile chun deireadh a chur leis an mballraíocht san. Má tá fonn ar mhuintir na hÉireann éirí as a bheith páirteach san AE, níl orthu ach an tAE a fhágaint, fé mar atá á dhéanamh ag muintir na Breataine fé láthair. (Ní chuireann an tAE tancanna isteach chun baill dá chuid a choimeád fé anáil an Aontais, a Eoin.) An é fáth an fhoinn atá ort go dtitfeadh an tAE as a chéile ná go gcreidir nach mbeadh fonn ar mhuintir na hÉireann é a fhágaint dá ndeoin féin?

    ‘Maidir le stádas speisialta, níl aon fhadb agamsa le himirce isteach (ni maith liom ár muintir fein a chailliúint ar an imirce amach). Bhead stádas na hIorua níos fear duinn ná lán-bhallraíocht, mar ta cead ag an Iorua comaontaithe trádála a dhéanamh toabh amuigh den AE, tá cead acu cojhlachtaí stáit a bheith acu le tionscal na hola a riaradh mar shampla, agus is leis an Iorua uiscí iascaireacht na tíre sin.’

    Fíric: Do bhíos beagnach cinnte nach dtuigir ceist na teorann, a Eoin, ach táim cinnte de anois. Tá cead ag an Iorua comhaontaithe trádála a dhéanamh toisc nach bhfuilid páirteach san Aontas Custaim. Ag an am céanna, áfach, táid páirteach sa Margadh Aonair (.i. glacaid leis na ceithre shaoirse). Níl an Bhreatain ag iarraidh a bheith san Aontas Custaim ná sa Margadh Aonair; nílid sásta glacadh leis na ceithre shaoirse. Dá bharr san, do bheadh teorainn chrua de shaghas éigin idir sinne agus an Bhreatain fiú dá mbeadh stádas na hIorua againn: Gan teorainn chrua, níorbh fhéidir leis an mBreatain cosc a chur ar shaoránaigh de chuid an AE an teorainn sin a thrasnú agus leanúint ar aghaidh chun poist a lorg sa mBreatain. Ní hamháin go mbeadh teorainn chrua againn agus stádas na hIorua againn, ach do bheadh orainn cloí le rialacha de chuid an AE agus de chuid na Breataine fós féin chun trádáil leo. É sin le rá go mbeadh na fadhbanna céanna a bhaineann leis an éagsúlacht rialála ann leis. Maidir leis an gcead atá ag an Iorua “comhlachtaí stáit a bheith acu”: Ní gá an tAE a fhágaint chun an cead san a bheith againn toisc go bhfuil cead ag baill an Aontais comhlachtaí stáit a bheith acu leis. (Níorbh é de dheasca an Aontais nár éirigh linn leas a bhaint as an ola atá againn, ach de dheasca rialtas na hÉireann agus polaiteoirí na hÉireann.) Maidir leis an iascaireacht, ní leor na huiscí a bheith ag tír, caithfidh sí a bheith in ann leas a bhaint astu, rud nach bhfuil Éire in ann a dhéanamh fé láthair, de cheal bonneagair. (Uair amháin eile, muna bhfuil an bonneagar san againn, is de dheasca pholaiteoirí Éireannacha nach bhfuil fís acu ná fiúntas iontu.)

    ‘[C]aithfimid idirbheartaíocht a dhéanmah muid fein: labhairt go díreach leis na Sasanaigh agus labhairt go díreach leis na hEorpaigh.’

    Fíric: Ar an gcéad dul síos, ní ann dosna h‘Eorpaigh’; is ‘aontas’ é an tAE, aontas a bhfuil seacht dtír is fichead, sinne ina measc, páirteach ann. Ciallaíonn sé sin gur féidir linn “labhairt go díreach” le tíortha eile an Aontais cheana féin – is iad ár gcomhbhaill iad. Is féidir linn oibriú as lámh a chéile le tíortha eile an AE chun rialacha an AE a chur le chéile; is féidir linn cairde nua a fháilt agus comhaontaithe nua a lorg taobh istigh den AE. Cén fáth go sílir go gcaithfimid an tAE a fhágaint chun labhairt le tíortha an Aontais? Cén fáth go bhfuil imní ortsa roimh comhoibriú taobh istigh den AE? Dá n-éireoimíst as an AE, do bheadh orainn idirbheartaíocht a dhéanamh leis – ach bheadh orainn í a dhéanamh leis an AE go léir, seachas le tíortha aonair. Agus seo í an cheist is tábhachtaí: Dá mbeadh an tAE á fhágaint againne, cén fáth go mbeadh níos mó ratha orainne idirbheartaíocht a dhéanamh leis an AE ná mar atá ar an mBreatain fé láthair? Níl ag éirí leis an mBreatain an comhaontú trádála a theastaigh uathu a shocrú, agus tá an mírath céanna ar iarrachtaí na Breataine teacht ar chomhaontaithe trádála le tíortha eile an domhain. (Táid tar éis a admháil nach mbeid in ann comhaontú trádála nua a dhéanamh leis an tSeapáin, mar shampla; is “gearradh agus greamú” den gcomhaontú a shocraigh an tSeapáin agus an tAE a bheidh i gceist, más é toil na Seapánach é…) Is socraithe i bhfad níos measa fós a bheadh le fáilt dúinne dá mbeadh an tAE á fhágaint againn.

    ‘Cén fáth go bhfuil imní ort roimh a leithéid?’

    Fíric: Deirir go bhfuil imní orm, a Eoin, agus tá an ceart agat: Tá imní orm roimh iriseoirí a bhfuil cead cainte acu go seachtainiúil…

    Mar fhocal scoir: Cúis iontais dom líon na ndaoine a chreideann gur leor fíorainm a chur le tuairimí chun fiúntas a chur iontu. Nach bhfuil a fhios agesna daoine siúd gur ainm cleite é Voltaire? Nó, lena rá i bhfocail eile, nach bhfuil a fhios acu gur fíorainm é Donald Trump?