Cé a bheidh freagrach as cúram na Gaeltachta sa Rialtas nua?

Fiú sa chás go gceapfaí aire stáit don Ghaeltacht, meastar go mbeadh sé i gceist ag Catherine Martin ról níos feiceálaí a beith aici ó thaobh na Gaeltachta ná mar a bhí ag a réamhtheachtaí

Cé a bheidh freagrach as cúram na Gaeltachta sa Rialtas nua?

Marc Ó Cathasaigh, joe mcHugh, Catherine Martin agus Thomas Byrne

Tá cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge á lua le ceann de na 17 aireacht stáit atá le fógairt amárach agus daoine éagsúla á lua leis an bpost.

D’fhéadfadh fós go ndéanfadh an t-aire nua a bhfuil an Ghaeltacht ina roinn, Catherine Martin, an cúram sin a tharraingt chuici féin, ach ag neartú atá an tuairimíocht go mbeidh aire sóisearach ag plé le cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge ó lá go lá.

Sé chúram ar fad atá ar an Aire nua Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta agus tá sé ionann agus cinnte go gcoimeádfaidh sí an phríomhfhreagracht ó thaobh cultúir, ealaíon agus na meán.

Dá gcuirfeadh an tAire nua cúram na Gaeltachta leis an méid sin, bheadh mórán na cúraimí ceannann céanna uirthi is a bhí ar Mhicheál D Ó hUigínn nuair a bhí an tsean-roinn ealaíon, cultúir agus Gaeltachta faoina stiúir.

Cé nach raibh sé luaite i dteideal na roinne sin, bhí Ó hUigínn freagrach chomh maith as gné an pholasaí de chúrsaí cumarsáide, rud a d’fhág TG4 mar oidhreacht ar a sheal aireachta.

Toisc oiread sin cúraimí eile a bheith uirthi, is é is dóichí ná go mbeidh beirt airí stáit ag Catherine Martin.

Fiú sa chás go gceapfaí aire stáit don Ghaeltacht, meastar go mbeadh sé i gceist ag Catherine Martin ról níos feiceálaí a beith aici ó thaobh na Gaeltachta ná mar a bhí ag a réamhtheachtaí Josepha Madigan. Níor bhac Madigan le cúram na Gaeltachta in aon chor a luaithe is a bhí sé tarmligthe aici don iar-aire stáit Seán Kyne.

Cé gur dócha go bhfáilteodh lucht na teanga roimh aire sinsearach a bheadh níos feiceálaí, b’údar díomá a bheadh ann do leithéidí Chonradh na Gaeilge mura ngéillfí dá n-éileamh seasta go mbeadh freagracht na Gaeltachta ar aire sinsearach.

Tá an chluas bhodhar á tabhairt don éileamh sin anois le nach mór deich mbliana anuas.

Más aire stáit atá i ndán don Ghaeltacht arís, níl ach dornán beag Teachtaí Dála a bhfuil Gaeilge acu agus ardú céime á thuar dóibh.

Meastar go gceapfar sna ranna éagsúla aire stáit ó pháirtí eile seachas páirtí an aire shinsearaigh, rud a d’fhágfadh faoi mhíbhuntáiste Marc Ó Cathasaigh an Chomhaontais Ghlais, duine den triúr cainteoirí líofa Gaeilge atá ag an bpáirtí sin sa Dáil.

Éamon Ó Cuív

Beirt Teachtaí Dála Gaeltachta atá ag Fianna Fáil sa 33ú Dáil, Éamon Ó Cuív agus Aindrias Moynihan, ach tá míbhuntáistí acu beirt ar chúiseanna éagsúla.

Maidir le hAindrias Moynihan, meastar go bhfuil ardú céime i ndán do Michael Moynihan a bhí ina aoire dílis ag Micheál Martin le tamall de bhlianta anuas agus creidtear gur ar éigean go dtabharfaí aireacht do bheirt as Corcaigh, go háirithe agus a bhfuil de chaint déanta faoi líon na gCorcaíoch sa chomhaireacht.

Cé gur beag duine nach n-aontódh gurb é an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív an té is fearr sa Dáil a bhfuil tuiscint aige ar obair roinn na Gaeltachta, tá easaontas le tamall idir é féin agus an Taoiseach nua faoin treo a bhfuil Fianna Fáil ag dul.

Údar mór iontais a bheadh ann dá dtairgfí aireacht stáit d’Ó Cuív, fiú dá mba de ghrá na síochána é.

Fágann sin go bhfuil beirt i bhFianna Fáil a d’fhéadfadh folúntas d’aireacht Stáit Gaeltachta a líonadh má thagann a leithéid i gceist – Thomas Byrne agus Dara Calleary.

Dara Calleary. Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Bhí Byrne á lua le haireacht shinsearach agus tá sé á lua anois mar aire stáit do ghnóthaí Eorpacha, post a mbeadh an-tóir air.

Tá cás Dhara Calleary, leascheannaire agus iar-urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil, go mór i mbéal an phobail ó fógraíodh an chomhaireacht nua ag an deireadh seachtaine.

Bhí achrann idir Calleary agus an Taoiseach nua nuair a tugadh an Phríomh-Aoireacht seachas aireacht shinsearach d’fhear Mhaigh Eo.

Cé gur ar éigean go maolódh sé an chonspóid mhór faoi gan aon aire sinsearach a bheith i gCúige Chonnacht ná san iarthuaisceart, meastar go bhfuil seans ann go mbronnfaí cúram eile ar Calleary amárach, cé go raibh foinsí áirithe ar labhair Tuairisc.ie leo den tuairim nach aireacht na Gaeltachta a bheadh i gceist.

Maidir le Gaeilgeoirí Fhine Gael, d’fhéadfadh go dtabharfaí aireacht shóisearach agus cúram na Gaeltachta don iar-aire oideachais  Joe McHugh mar dhuais an chaillteora.

Joe McHugh

Tá dhá sheal caite cheana ag Joe McHugh mar aire stáit i Roinn na Gaeltachta agus d’fhéadfadh go gcabhróidh an chonspóid faoi dháileadh tíreolaíoch na n-aireachtaí sinsearacha lena chás.

Dúirt Joe McHugh inné nach nglacfadh sé le haon aireacht stáit ach amháin sa chás go bhféadfadh sé leas Dhún na nGall a dhéanamh.

Is é an Teachta Dála eile de chuid Fhine Gael a d’fhéadfaí a chur sa phost ná Brendan Griffin as Ciarraí a bhí ina aire stáit sa Rialtas deireanach do chúrsaí turasóireachta agus spóirt.

Dé Céadaoin a fhógrófar na hairí stáit nua.

Tá roinnt ráiteas láidir déanta sa Dáil ag Catherine Martin faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht ó toghadh ina Teachta Dála ar dtús í in 2016, rud atá ag cur le dóchas leithéidí Chonradh na Gaeilge go ndéanfaidh sí gníomh fónta ar son na teanga.

Tá feachtas ar siúl i gcónaí ag Conradh na Gaeilge, a chuir “fáilte mhór” roimh cheapachán Catherine Martin, ar mhaithe lena chinntiú nach ar aire stáit a chuirfear an phríomhfhreagracht ó thaobh na Gaeltachta.

Tá Catherine Martin ar dhuine den bheagán Teachtaí Dála a bhfuil glactha acu leis go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Thug sí a céad óráid sa 33ú Dáil i nGaeilge amháin chun “aird” a tharraingt ar an ngéarchéim chéanna.

Tharraing ráiteas eile a rinne leascheannaire an Chomhaontais Ghlais faoin nGaeilge aird an phobail in 2016.

Dúirt sí an uair sin go raibh pobal na teanga ag brath ar gach polaiteoir sa Dáil “ceannaireacht a léiriú i dtaobh cearta agus seirbhísí teanga a chur chun cinn”.

“Mo náire sinn mar Theachtaí Dála má thréigimid aisling na Gaeltachta,” a dúirt sí.

Dúirt sí chomh maith sa Dáil go raibh an cur chuige lochtach céanna ag an Rialtas deireanach i leith ghéarchéim na Gaeltachta is a bhí acu acu i leith ghéarchéim na timpeallachta.

Dúirt sí go raibh an baol ann go bhfaigheadh an Ghaeilge bás sa Ghaeltacht fad is a bhí Fine Gael ag cur tvuíteanna ‘deasa’ amach fúithi.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go mbeidh Catherine Martin ina ceannaire ar an obair a dhéanfaidh an chéad rialtas eile maidir leis “an teanga náisiúnta” agus go dtabharfaidh an Rialtas “suntas nua” don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Ní fada go mbeidh a fhios ag daoine cad a bhí i gceist aige le “suntas nua”.

Fág freagra ar 'Cé a bheidh freagrach as cúram na Gaeltachta sa Rialtas nua?'