Catherine Connolly i bhfad chun cinn sa toghchán uachtaránachta is 44% ag tacú léi – pobalbhreith nua

Dá seasfadh na figiúirí sa phobalbhreith is déanaí a rinne Red C don Sunday Business Post, gach seans go dtoghfaí Catherine Connolly ar an gcéad chomhaireamh

Catherine Connolly i bhfad chun cinn sa toghchán uachtaránachta is 44% ag tacú léi – pobalbhreith nua

Tá Catherine Connolly i bhfad chun cinn i rás an Árais, de réir na pobalbhreithe deireanaí san fheachtas.

44% de dhaoine a ghlac páirt sa phobalbhreith nua, a rinne Red C don Sunday Business Post, a dúirt go vótálfaidís don iarrthóir neamhspleách, i gcomparáid le 36% sa phobalbhreith chéanna ar an 11 Deireadh Fómhair. 25% a dúirt go dtacóidís lena céile comhraic Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael, an leibhéal céanna tacaíochta is a bhí aici sa phobalbhreith dheireanach sa tsraith.

Beidh ainm iar-iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin ar an bpáipéar ballóide in ainneoin cúl a bheith tugtha aige leis an toghchán agus deir 10% sa phobalbhreith a foilsíodh anocht go bhfuil rún acu vótáil dó. 12% a bhí ag Gavin ar an 11 Deireadh Fómhair. 21% a deir nach bhfuil a fhios acu cé leis a thacóidh siad, laghdú ó 27%.

Cuireadh ceist ar na daoine a deir nach raibh a fhios acu cé duine a thacódh siad leo cé dóibh a vótálfaidís dá mba ghá dóibh rogha a dhéanamh agus thug leath acu freagra ar an gceist. De na daoine sin dúirt leath acu go roghnóidís Connolly agus dúirt an leath eile go roghnóidís Humphreys.

Dá seasfadh na figiúirí sa phobalbhreith lá na vótála, thoghfaí Catherine Connolly ar an gcéad chomhaireamh.

Maidir leosan a roghnaigh Jim Gavin, mórán mar a chéile a bhí líon na ndaoine sin a dúirt go dtabharfaidís an dara vóta do Connolly agus líon na ndaoine a dúirt go dtabharfaidís do Humphreys é.

Tá Connolly chun cinn le gach aoisghrúpa. Dúirt 57% de dhaoine idir 18-34 go dtacóidís léi, 49% de dhaoine id 35-54 a dúirt amhlaidh agus dúirt 43% de dhaoine os cionn 55 go dtabharfaidís a vóta céadrogha don iarrthóir neamhspleách. 78% de lucht tacaíochta Shinn Féin atá ag tacú léi, de réir na pobalbhreithe nua.

Agus gan ach lá amháin fágtha go dtí lá na vótála ní cosúil go bhfuil ag éirí le Humphreys an bhearna idir na hiarrthóirí a líonadh. Tá feachtas Humphreys éirithe níos ionsaithí agus níos diúltaí le tamall, ach is cosúil nach bhfuil ag éirí le Fine Gael a sprioc a aimsiú agus gurb amhlaidh go bhfuil Connolly imithe níos faide chun cinn.

 

Fág freagra ar 'Catherine Connolly i bhfad chun cinn sa toghchán uachtaránachta is 44% ag tacú léi – pobalbhreith nua'