Ní fiú a bheith ag caint faoi dháta don reifreann faoin teorainn sula ndéanfar an obair ullmhúcháin

I gcás reifreann na teorann is tábhachtaí é a dhéanamh i gceart ná dáta a leagan síos dó

Ní fiú a bheith ag caint faoi dháta don reifreann faoin teorainn sula ndéanfar an obair ullmhúcháin

Éileamh ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann na coinníollacha faoina ngairfear reifreann ar an teorainn a leagan amach go soiléir. Céard faoi, a deir tú, ní nuaíocht é sin, nach mbíonn Sinn Féin á iarraidh gach dara lá. Séard atá suntasach faoi gurb í ceannaire pháirtí an Alliance, Naomi Long a rinne an t-éileamh. Comhartha sóirt ar Alliance na linne seo is ea a neodracht nó a ndoiléire faoin gceist bhunreachtúil, an páirtí cáinte go minic mar iománaí ar an gclaí.

Ní ag soiléiriú leagan amach a páirtí a bhí an tAire Cirt, Long, ach ag iarraidh cinnteachta faoi na critéir le haghaidh reifrinn. Níl sna coinníollacha sin ach cuid bheag den obair a bheadh riachtanach roimh reifreann

Rinne Long a héileamh ar Hilary Benn is í ag glacadh páirt i bpodchraoladh de chuid an BBC. Deir Comhaontú Aoine an Chéasta go ngairfeadh an Státrúnaí reifreann nuair a chinnfeadh sé go raibh móramh ina fhabhar; níor dhúirt aon Státrúnaí sna blianta ó 1998 céard a bheadh riachtanach chun an breithiúnas sin a dhéanamh, nó cé acu an mbunófaí é ar thorthaí toghcháin nó ar phobalbhreitheanna. D’uireasa soiléire faoi na critéir, mhaígh Naomi Long go mbíonn gach uile thoghchán abhus ina sheachreifreann nimhiúil.

D’fháiltigh ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart, Michelle O’Neill, roimh chaint Long. Seans go raibh a teanga ina pluc aici nó ba léir nach ag dréim le reifreann a bhí Long ach ag iarraidh an cheist a chur ar an méar fhada. Cuireann lucht iomaíochta Alliance ina leith go seachnaíonn an páirtí oscailteacht faoi cheist na teorann mar go gcaillfeadh an páirtí tacaíocht dá mbeadh air a bheith oscailte faoi thacaíocht don Ríocht Aontaithe nó d’Éirinn Aontaithe.

Bhí Long ag caint tráth ar beocheist í aontú na tire/Éire nua i measc pholaiteoirí eile agus ar na meáin abhus. Ní hamháin gur éiligh Sinn Féin agus an SDLP go mbeadh an cheist lárnach i dtoghchán na huachtaránachta agus gur phléigh na hiarrthóirí a bheag nó a mhór léi ach foilsíodh leabhar nua a tharraing go leor airde agus bhí plé ar reifreann ag comhdhálacha bliantúla an SDLP agus an UUP.

Chuir Breatimeacht tine faoi lucht feachtais d’Éirinn aontaithe, an grúpa Todhchaí na hÉireann a rinne roinnt taighde, ina measc. Bhí méadú sna pobalbhreitheanna ar líon na ndaoine a deir go vótálfadh siad ar a shon i reifreann cé nach móramh iad. Is ag leithéidí lucht tacaíochta Alliance, na daoine atá éiginnte nó nár nocht a dtuairim, a bheadh cóimheá na cumhachta i reifreann dá dtarlódh sé anois.

Má bhí éinne in amhras gur ghá obair mhór a dhéanamh sula ngairfí reifreann, léirigh an Breatimeacht an chontúirt a bhaineann le heaspa ullmhúcháin. Measann a lán ó thuaidh go bhfuil an rialtas ó dheas siléigeach. Díol suntais ab ea teachtaireacht cheannaire an SDLP, Claire Hanna, don rialtas ina haitheasc ag comhdháil an pháirtí le déanaí. Cé gur thacaigh an SDLP i gcónaí le fiontar an Taoisigh don oileán comhroinnte, dúirt Hanna le toscairí go raibh daoine ag fanacht in aisce le ceannaireacht ó Bhaile Átha Cliath.

D’éiligh sí go dtabharfadh an rialtas an aird atá dlite dó ar aontú na hÉireann. Ba cheart tús a chur leis an bpleanáil lena aghaidh gan a thuilleadh moille, ar sí. Ba chóir don rialtas aireacht nua chun déileáil le hÉirinn nua a bhunú agus struchtúr a sholáthar le haghaidh comhráite uile-Éireann. Mhaígh sí nár thrácht aon-bhealaigh a bheadh i gceist le hÉirinn nua, go mb’fhearrde an neach nua an spiorad agus an díocas a thabharfadh muintir an Tuaiscirt chuige.

Má bhí súil ag Claire Hanna go meallfadh sí aontachtaithe leis an smaoineamh go gcuirfeadh a bpáirtíocht barr maise ar an tír aontaithe, thug Mike Nesbitt an chluas bhodhar di. Dúirt seisean in aitheasc an cheannaire ag comhdháil bhliantúil an UUP go raibh Tuaisceart Éireann – mar chuid den Ríocht Aontaithe – rannpháirteach san 6ú geilleagar is mó ar domhan. Ó tá Poblacht na hÉireann sa 25ú háit, ar sé, ‘bheifí ag iarraidh orainn [i reifreann] vótáil ar son ísliú céime’. I measc na nithe eile a chaillfí, dar leis, bheadh ballraíocht i NATO. Bhí sé diongbháilte, áfach, nár cheart a bheith ag cáineadh aontachtaithe as páirt a ghlacadh sa dioscúrsa faoin gceist bhunreachtúil.

Ní mian le formhór na n-aontachtach a bheith páirteach sa bplé sin, an DUP ag rá go gcothaíonn sé guagacht agus an TUV dubh dóite ina choinne. Mar sin féin is údar cainte coitianta é sa sráidbhaile. Ní nach ionadh bíonn an cheist faoi chaibidil go han-mhinic san Irish News ach is minic í á clúdach freisin san Belfast Telegraph agus ar chláracha an BBC chomh maith.

Tharraing leabhar ó na hiriseoirí Fintan O’Toole agus Sam McBride a foilsíodh le déanaí go leor airde. For and Against a United Ireland is teideal don leabhar ina raibh an bheirt, mar dheisceartach agus tuaisceartach, ag argóint ar son agus in aghaidh chealú na teorann. Tá go leor le scrúdú ann lá eile ach díol spéise ab ea é gur mheas McBride go raibh sé deacair cúiseanna praiticiúla a aimsiú chun go nglacfadh vótóirí na Poblachta le haontú. Thuig sé go mbeadh dáimh ag daoine leis an gcoincheap ar chúiseanna stairiúla, as dílseacht dá sinsear, ach ní raibh sé soiléir gur leor iad. B’fhacthas dó nach gcuireann feachtasóirí ó thuaidh an chonstaic sin san áireamh.

Cúis eile chun anailís agus miondealú a dhéanamh ar an liodán d’ábhair atá le réiteach sular féidir moltaí le haghaidh reifrinn a dhréachtú agus dáta vótála a shocrú. Tá sé níos tábhachtaí é a dhéanamh i gceart ná é a bhaint amach ar dháta áirithe, ar nós 2030.

Fág freagra ar 'Ní fiú a bheith ag caint faoi dháta don reifreann faoin teorainn sula ndéanfar an obair ullmhúcháin'