Cathanna cinniúnacha sa Phríomhroinn agus i Serie A an deireadh seachtaine seo

Imreoidh Juventus i gcoinne Roma anocht agus deis acu bearna seacht bpointe a chur eatarthu féin agus fir na príomhchathrach atá sa dara háit sa tsraith. Amárach, beidh Manchester City agus Arsenal á fhéachaint le chéile

Cathanna cinniúnacha sa Phríomhroinn agus i Serie A an deireadh seachtaine seo

An deireadh seachtaine seo, beidh cluichí cinniúnacha á n-imirt i bPríomhroinn Shasana agus i Serie A na hIodáile a mbeidh an-tionchar acu ar an gcuid eile den séasúr

Anocht, tabharfaidh na foirne atá sa chéad áit agus sa dara háit i Serie A aghaidh ar a chéile i gcluiche thar a bheith tábhachtach. Tá Roma ceithre phointe taobh thiar de Juventus faoi láthair agus má bhuailtear anocht iadsan is iad foireann Turin a bheidh sách caithréimeach agus gan ach leath den séasúr thart.

Ní haon iontas go bhfuil Juventus ar bharr Serie A faoi láthair agus an tsraith buaite cúig huaire as a chéile acu. Mar sin féin, níl an chuma dhochloíte chéanna ar fhoireann Massimo Allegri is a bhíodh blianta eile.

Tá trí chluiche caillte cheana féin acu an séasúr seo agus cé gurb iad is fearr sa tsraith ó thaobh cosanta de, níl an bhearna chéanna is a bhíodh eatarthu féin agus na foirne eile, go háirithe Roma.

Níl ach cúpla cúl níos mó géillte ag Roma ná mar atá ag Juventus agus mar a léirigh siad cheana nuair a bhuail siad Lazio agus AC Milan, is féidir leo tosaithe na bhfoirne móra a choinneáil faoi chois.

Chomh maith leis sin, is beag foireann ar éirigh leo stop a chur le tosaithe Roma i mbliana. Cé gur thug Juventus €90 milliún ar Gonzalo Higuain le linn an tsamhraidh, tá níos mó cúl scóráilte ag iarimreoir Manchester City, Edin Dzeko ná mar atá ag aon duine.

Is í an fhadhb is mó atá ag Roma, mar sin, gur i Turin a bheas cluiche na hoíche anocht. Ó d’aistrigh Juventus go dtí a staid nua cúig bliana ó shin, níor chaill siad ach trí chluiche sraithe ansin agus níl oiread agus pointe amháin aimsithe ag Roma i Turin.

Mura dtagann athrú ar an scéal sin anocht, beidh farasbarr seacht bpointe ag Juventus sa tsraith agus beidh leathshúil cheana acu ar an Scudetto a bhuachan don séú huair as a chéile.

Amárach, tá cluiche mór eile i bPríomhroinn Shasana. Is iad Chelsea atá ar bharr na sraithe faoi láthair, ach níl sé chomh fada sin ó bhí Arsenal agus Manchester City san áit chéanna. Lig an dá fhoireann sin na maidí le sruth le roinnt seachtainí rud a thug deis do Chelsea.

Chuir Manchester City tús den scoth leis an séasúr ag tús réimeas Pep Guardiola agus thug siad an bua leo ina gcéad sé chluiche sa Phríomhroinn. Chaill siad den chéad uair i gcoinne Tottenham ag tús mhí Dheireadh Fómhair agus is iomaí deacracht a bhí acu ó shin agus gan ach trí chluiche den seacht gcinn a d’imir siad le trí mhí anuas buaite acu.

Cé gurbh é an cluiche a chaill siad i gcoinne Everton Dé Máirt seo caite an chéad cheann a chaill Arsenal ó thús an tséasúir,  tá an ghaoth imithe as seolta fhoireann Arsene Wenger i ndiaidh trí chluiche comhscóir le roinnt seachtainí anuas.

Amárach, tabharfaidh an dá fhoireann aghaidh ar a chéile agus iad ag iarraidh a chinntiú nach n-imeoidh Chelsea rófhada chun cinn orthu.

Fág freagra ar 'Cathanna cinniúnacha sa Phríomhroinn agus i Serie A an deireadh seachtaine seo'