CATHAL MAC COILLE: Moilleadóireacht faoi bhille alcóil amháin ach sodar faoi cheann eile…

Tá ár meon i leith an alcóil soiléir ón tslí a bhfuil moill á cur ar bhille amháin san Oireachtas fad is atá bille eile á bhrostú chun críche

CATHAL MAC COILLE: Moilleadóireacht faoi bhille alcóil amháin ach sodar faoi cheann eile…

Leah Farrell/Rollingnews.ie

Thug an Seanad tacaíocht chomh láidir don bhille a mhol an Seanadóir Billy Lawless sa teach uachtarach Dé Céadaoin nach raibh vótáil riachtanach faoi dheireadh.

Cuirfear an Bille Deochanna Meisciúla (Leasú) faoi bhráid na Dála sa bhfómhar agus gach cosúlacht ann go mbeidh sé i bhfeidhm roimh Aoine an Chéasta 2018.

Níl ach foráil bhunúsach amháin sa bhille, ach is foráil stairiúil í. Cuirfidh sé deireadh leis an gcosc or oscailt tithe tábhairne agus ar dhíol alcóil ar Aoine an Chéasta –  cosc atá i bhfeidhm ó bunaíodh an stát.

Dúirt seanadóirí éagsúla agus an bille á phlé nár bhain sé ach le hábhar teoranta dlí agus go raibh géarghá le díospóireacht shubstaintiúil faoi chúrsaí dlí i gcoitinne. Ach níor thagair ach dornán beag acu don bhille a mhol an rialtas bliain ó shin ach nach bhfuil i ngiorracht de bheith ina reachtaíocht fós.

Dá mbeadh an Bille Sláinte Poiblí (Alcól) i bhfeidhm anois, mar a moladh é anuraidh:

Bheadh cead ag an rialtas íosphraghas alcóil a chur i bhfeidhm; bheadh srianta i bhfeidhm ar fhógraíocht agus ar urraíocht dhíoltóirí deochanna meisciúla; agus

chuirfí iachall ar gach siopa, beag agus mór, deochanna meisciúla a dhíol in ionad ar leith.

Chuirfí iachall ar lucht thionscal na dí mioneolas faoi chomhábhair agus faoi chalraí a chur ar bhuidéil agus ar channaí.

Ní gá á rá go bhfuil dianbhrú curtha ag tábhairneoirí agus ag tionscal na dí ar an rialtas ó foilsíodh an dara bille. Déan talamh slán de gur leagan níos laige de na forálacha thuas a bheidh sa reachtaíocht a rithfear…uair éigin.

Bhí an dara bille alcóil seo ar chlár na Dála go dtí le gairid, ach thug Leo Varadkar le fios coicís ó shin nach gcuirfear tús lena phlé go dtí an fómhar.

Chuir an Seanadóir Paul Gavan ó Shinn Féin i leith Fhine Gael go raibh bac á chur ar a mbille féin acu. Bhí dualgas ar gach seanadóir, dar leis, an Bille Sláinte Poiblí (Alcól) a chur i bhfeidhm gan mhoill gan na forálacha a fógraíodh a lagú.

Bhí an óráid a thug an seanadóir neamhspleách Frances Black níos láidre. Dar léi go raibh alltacht ar an bpobal go raibh ionadaithe poiblí ag cur in aghaidh bhille a shábhálfadh daoine ón mbás dá mbeadh sé i bhfeidhm.

Shéan an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan go raibh an bille á chur ar an méar fhada. Gheall sé go rachfaí chun cinn leis le linn an chéad sheisiún eile den Oireachtas. Ach dúirt sé riachtanach go ndéanfaí ‘breis oibre’ air, agus nach dóigh go mbeadh an cruth céanna air faoi dheireadh.

Neosfaidh an aimsir cé chomh mór agus a ghéillfidh an rialtas faoi dheireadh do stocaireacht na dtábhairneoirí.  Ach idir an dá linn, tá codarsnacht shoiléir idir brostú bille alcóil amháin agus an mhoill a cuireadh ar feadh bliain go leith, go dtí seo, ar bhille alcóil eile.

Mar a dúirt an tAire Sláinte agus an dara bille á fhoilsiú aige ar an 9 Nollaig 2015:

‘We have talked about these measures long enough. Now is the time to make it happen.’

Ba léir mífhoighne an aire Leo Varadkar an lá sin.

Níl sé baileach chomh mífhoighneach mar Thaoiseach.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Moilleadóireacht faoi bhille alcóil amháin ach sodar faoi cheann eile…'