CATHAL MAC COILLE: Géarghá fós leis na tréithe a léirigh Martin McGuinness ar feadh a shaoil

Teastaíonn cumas, meas, stuaim, ionracas, séimhe agus cruas chun teacht ar chomhthuiscint le naimhde. Mar a léirigh Martin McGuinness

CATHAL MAC COILLE: Géarghá fós leis na tréithe a léirigh Martin McGuinness ar feadh a shaoil

Tá Martin McGuinness molta go forleathan mar cheannaire a tháinig ar mhalairt intinne faoi fheachtas míleata inar ghac sé páirt ann agus a thug aghaidh ar shaol nua mar pholaiteoir ó na 1990í ar aghaidh.

Bhí an cheannlíne a cuireadh ar phríomhleathanach an Irish Independent Dé  Céadaoin ‘From Gunman to Statesman’ ag teacht leis an dearcadh seo. Ach nuair a mhol Enda Kenny a shaol agus a shaothar ar an teilifís, cé a bhí le feiceáil sa phortráid a bhí ar an mballa taobh thiar de in oifig an Taoisigh ach Mícheál Ó Coileáin. Laoch eile a raibh dlúthbhaint aige le feachtas míleata ach a thug aghaidh ar an bpolaitíocht.

Faraor, fuair Martin McGuinness bás sula bhfuair craoltóir nó beathaisnéisí deis an dá thréimhse dá shaol a phlé agus a chíoradh ina theannta. Ach is dóichí ná a mhalairt nach raibh bearna mhór dhrámatúil idir an dá thréimhse.

Bhí na cuspóirí agus na haidhmeanna céanna ag Mícheál Ó Coileáin sular shínigh sé an Conradh  i 1921 agus a bhí aige ina dhiaidh sin. Níor athraigh ach a thuiscint ar na modhanna a bhí oiriúnach lena gcur i gcrích, mar a d’athraigh an tuiscint a bhí ag Martin McGuinness beagnach céad bliain ina dhiaidh.

Léirigh sé tréithe pearsanta le linn a thréimhse mar pholaiteoir atá de dhíth ar cheannairí a pháirtí féin agus ar cheannairí eile. Seo cur síos ar dhá eachtra ina raibh a bhuanna follasach.

Cuimhne 1:

1994. Ardfheis speisialta Shinn Féin i Leitir Ceanainn. Rinne Martin McGuinness cur síos ar an gcor is deireanaí sna cainteanna príobháideacha a bhí ar bun leis na rialtais i Londain agus i mBaile Átha Cliath.

Ba léir le fada nach raibh an Bhreatain ar tí ‘Brits Out’ (príomhaidhm an IRA) a fhógairt, ná geallúint ar bith a thabhairt a bheadh inchurtha leis.

Ba léir freisin do gach duine atá neamhchlaonta nach dtiocfaí ar réiteach mura gcuirfí deireadh le feachtas míleata an IRA, mar a bhí á éileamh ag an dá rialtas.  Ach an bhféadfaí a chur ina luí ar an eagraíocht éirí as?

Dhiúltaigh an Ard-Fheis arís eile do bhunéileamh an dá rialtas.  Cháin Martin McGuinness agus scata cainteoirí eile moilleadóireacht, drogall agus faillí na rialtas.

Chuir scríbhneoir an cholúin seo agus iriseoirí eile cruacheisteanna. air i ndiaidh na hArd-Fheise.  Freagra díreach níor thug sé ar cheist ar bith, ach bhí sé foighdeach agus béasach le gach duine. Bhí na freagraí a thug sé tomhaiste, béasach agus cúramach ar dhóigh a thug le fios go raibh seans réasúnta ann i gcónaí go mbeadh dea-thoradh ar an bplé, uair éigin.

Mí i ndiaidh na hArd-Fheise sin, ar an 31 Iúil 1994, d’fhógair ceannairí an IRA sos lámhaigh.

Cuimhne 2:

2002. Ionad Comhairimh Olltoghcháin i dTrá Lí. Bhí ríméad ar lucht leanúna Shinn Féin, ar dhá chúis. Toisc gur toghadh iarrthóir an pháirtí Martin Ferris ar an dara comhaireamh, agus toisc gur chaill ceannaire an Lucht Oibre Dick Spring a shuíochán Dála.

Rinne Ferris iarracht gunnaí agus armlón a smuigleáil go hÉirinn i 1984 ach gabhadh é nuair a stop longa ón gcabhlach an trálaer, an Marita Ann, amach ó chósta Chiarraí. Chaith sé deich mbliana i bpríosún. Níor cheil Spring riamh a dhrochmheas ar an IRA agus ar Ferris go háirithe.

Neartaigh teacht leascheannaire Shinn Féin go Trá Lí áthas na ndíograiseoirí an oíche sin. Bhí sé ina measc nuair a lig siad liú mór buacach astu. Chuir duine éigin an trídhathach ar a ghuaillí.

Bhain sé an brat dá ghuaillí láithreach. D’fhill sé an brat, agus thug ar ais é. Focal níor dúradh ach bhí éirim a ghnímh soiléir. Níor theastaigh uaidh go bhfeicfí duine de cheannairí Shinn Féin agus leas á bhaint aige as an mbrat náisiúnta mar shuaitheantas páirtí

Focal scoir

Ní theastaíonn géilleadh iomlán ná cairdeas ná fiú aiféala chun teacht ar chomhthuiscint le naimhde. Is leor cumas, meas, stuaim agus ionracas. Gan dabht cuidíonn séimhe leis an obair, agus cruas uaireanta. Bhí na tréithe sin go léir ag an bpolaiteoir Martin McGuinness, agus eiseamláir láidir fágtha mar oidhreacht aige d’aos polaitiúil na linne seo.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Riadió a hAon.

Fág freagra ar 'CATHAL MAC COILLE: Géarghá fós leis na tréithe a léirigh Martin McGuinness ar feadh a shaoil'