CATHAL MAC COILLE: Ceisteanna agus ceisteanna Dála – ní hionann an dá rud, faraor

Dhéanfaí leas an phobail dá mbeadh Buan-Orduithe na Dála curtha in oiriúint don riachtanas poiblí

CATHAL MAC COILLE: Ceisteanna agus ceisteanna Dála – ní hionann an dá rud, faraor

An dea-scéala i dtosach. Ní chloisfear caint ceannaire níos mó i nDáil Éireann má théann a ráiteas thar an teora ama atá leagtha síos sna Buan-Orduithe.

Cén fáth? Socraíodh ag cruinniú den choiste gnó le gairid go dtabharfadh an Ceann Comhairle foláireamh feasta do chainteoirí a sháraíonn an teora ama oifigiúil. Mura staonann ceannaire dá chaint i ndiaidh an fholáirimh, múchfar a mhicreafón.

De réir na mBuan-Orduithe (is féidir iad a léamh anseo) a bhaineann le ceisteanna na gceannairí, foráiltear:

1. Go mbíonn trí nóiméad ar a mhéid ag ceannairí/ionadaithe an fhreasúra chun ceist a chur ar an Taoiseach.

2. Go gceadaítear trí nóiméad don Taoiseach agus freagra á thabhairt aige.

3. Go mbíonn nóiméad amháin eile ag an té a chuir an cheist chun ceist fhorlíontach (nó supplementary) a chur.

4. Go mbíonn deis eile ag an Taoiseach labhairt ar feadh tréimhse nach faide ná nóiméad.

Ar ndóigh déanann gach ceannaire, agus an Taoiseach san áireamh, neamhshuim gan náire de na rialacha seo de réir mar a oireann sé dóibh. Ní leadrán ná mórchúis amháin is cúis le sárú na rialacha.

Níl ciall ar bith leis na rialacha mar atá siad má tá ábhar mór nuachta á phlé, agus géarghá le (a) diancheistiú ón bhfreasúra, agus (b) nochtadh faisnéise ón rialtas.

Ní gá ach smaoineamh mar shampla ar an gcineál cur is cúiteamh a bheidh de dhíth tar éis don Phríomh-Aire Theresa May litir imeachta a chur chun na Bruiséile Dé Céadaoin seo chugainn. Nó smaoinigh ar na ceisteanna práinneacha réasúnta a bhaineann leis an stailc i mBus Éireann, nó leis na ‘botúin’ is deireanaí atá tagtha chun solais sa Gharda Síochána.

Dhéanfaí leas an phobail dá mbeadh Buan-Orduithe na Dála curtha in oiriúint don riachtanas poiblí, nó dá gceadófaí solúbthacht don Cheann Comhairle agus na rialacha á gcur i bhfeidhm aige. Mar atá cúrsaí faoi láthair, ní féidir ceist pháainneach a phlé i gceart mura gcuireann an Ceann Comhairle na Buan-Orduithe i leataobh (rud a dhéanann sé uaireanta).

Ní foláir mar sin an drochscéala a phlé.

Déan dearmad den tagairt thuas don leagan oifigiúil de na Buan-Orduithe. Caith súil ina ionad ar an leagan neamhoifigiúil thíos. Ní de réir na ‘rialacha’ seo a leanas a thugann ceannairí na Dála aghaidh ar a chéile i gcónaí, ach is minicí a chloistear a leithéid seo ná a mhalairt.

1. Bíonn trí nóiméad ar a mhéid ag ceannairí/ionadaithe an fhreasúra chun a rá gur mór an náire scéal éigin, gur ar an Taoiseach/rialtas atá an milleán, agus chun a fhiafraí an bhfuil rud ar bith á dhéanamh acu chun déileáil leis.

2. Ceadaítear trí nóiméad don Taoiseach chun freagra a thabhairt nach nochtann faisnéis shuntasach nua ar bith de ghnáth.

3. Bíonn nóiméad eile ag an té a chuir an cheist i gcomhair athrá nach gcuireann brú ar bith ar an Taoiseach ach a thugann deis don cheistitheoir an Taoiseach/rialtas a cháineadh go géar arís go gonta – ionas go gcraolfar an ráiteas sna meáin.

4. Bíonn deis eile ag an Taoiseach labhairt gan cur lena chéad fhreagra in aon chor, mura ndeir sé focal géar nó tarcaisneach faoin gceistitheoir – ionas go gcraolfar é sna meáin.

Ar ndóígh, níl an cur síos seo lánchothrom. Ach bíonn an plé a chloistear rómhinic le linn tréimhse cheisteanna na gceannairí níos cóngaraí don dara cur síos seo ná don chineál plé a cheadaíonn na Buan-Orduithe.

Cad a dheimhneoidh an bhagairt go múchfar micreafóín na gcainteoirí a bheas rófhoclach feasta? Deis rómhinic do gach ceannaire míshásamh le ceannaire eile a chur in iúl gan deis a bheith ag ceachtar acu an t-ábhar a phlé i gceart.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon