Pléifear ról teangacha mar ghléas chun athmhuintearais ag comhdháil a bheidh ar siúl i mBéal Feirste an mhí seo.
In Ollscoil na Ríona, Béal Feirste a bheidh an chomhdháil leath lae, ‘Languages in Conflict and Reconciliation’ ar siúl. An tionscnamh ‘Multilingualism. Empowering Individuals, Transforming Societies’ (MEITS) a bheas i mbun na hócáide atá á heagrú le deis a thabhairt do lucht ollscoile agus do ghníomhaithe ról teangacha mar shiombail den chultúr agus den fhéiniúlacht pholaitiúil a phlé.
Beidh dhá phainéal ann – ceann amháin ag plé le Tuaisceart Éireann agus an Úcráin agus ceann eile ag plé leis an Afraic, Meiriceá Theas agus an Áise. Beidh an tOllamh Mícheál Ó Mainnín agus an Dochtúir Deirdre Dunlevy ó Ollscoil na Ríona ag caint mar aon le Linda Ervine ón tionscnamh Turas in oirthear Bhéal Feirste agus Fergal Mac Ionnrachtaigh ó Ghlór na Móna in iarthar na cathrach. Lena chois sin, beidh cainteoirí ó ollscoileanna ón Bhreatain agus ón Úcráin.
Dúirt an tOllamh Mícheál Ó Mainnín gur “ag caint ar choimhlint teanga i gcás na Gaeilge” a bheifí agus ar “an dóigh ar féidir leis an teanga athmhuintearas agus comhtháthú sóisialta a chothú i dTuaisceart Éireann in ainneoin difríochtaí féiniúlachta agus polaitíochta”.
“Caithfear súil ar chúlra na coimhlinte teanga agus ar cheisteanna a bhaineann le hoidhreacht choiteann is cumasú pobal. Beidh lua ar an easaontas a bhaineann le cad is cearta teanga ann agus ar an tionchar a bhíonn aige sin ar an díospóireacht pholaitiúil,” arsa an tOllamh Ó Mainnín.
– Is ar an Aoine, an 25 Eanáir, idir 1pm agus 5 pm, a bheidh an chomhdháil ar siúl. Cuirtear fáilte roimh an phobal ach clárú anseo.
Fág freagra ar 'Cás na Gaeilge mar údar coimhlinte agus athmhuintearais le plé ag comhdháil'