Cás in aghaidh comhlacht cógaisíochta as Conamara sa Chúirt Tráchtála

Chuir Teva Pharmaceutical Industries Limited an dlí ar Mylan Teoranta, atá lonnaithe in Indreabhán, agus é á chur ina leith go raibh paitinn á sárú acu

Cás in aghaidh comhlacht cógaisíochta as Conamara sa Chúirt Tráchtála

Tá an bhreith forchoimeádta sa chás a thug comhlacht cógaisíochta amháin in aghaidh comhlacht eile atá in iomaíocht leis agus atá lonnaithe i gConamara.

Chuir Teva Pharmaceutical Industries Limited an dlí ar Mylan Teoranta, atá lonnaithe in Indreabhán agus ar cuid é den chomhlacht ilnáisiúnta Mylan Group, agus é á chur ina leith go raibh paitinn á sárú ag Mylan.

Tá Teva ar cheann de na comhlachtaí cógaisíochta is mó ar domhan, agus maíonn sé gur sháraigh Mylan in Indreabhán an phaitinn a bhí aige féin ar tháirge a úsáidtear chun cóir leighis a chur ar othair a bhfuil an galar scléaróis iolrach ag dul dóibh.

Maíonn Teva go bhfuil an táirge á tháirgeadh i nGaillimh agus á dhíol ar mhargadh na Stát Aontaithe.

Séanann Mylan go bhfuil aon sárú á dhéanamh ar an bpaitinn aige.

Tá damáistí á n-éileamh ag Teva agus urghaire a chuirfeadh cosc ar Mylan an phaitinn a shárú.

Cuireadh an cás faoi bhráid na Cúirte Tráchtála go mear mar ar éist an Breitheamh David Barniville an cás an tseachtain seo.

Tá an bhreith sa chás forchoimeádta go dtí mí an Mhárta.

Fág freagra ar 'Cás in aghaidh comhlacht cógaisíochta as Conamara sa Chúirt Tráchtála'