Carranna uathoibríocha: mearbhall morálta

Ar chóir do do charr uathoibríoch tusa a mharú chun beirt choisithe a shábháil? Sin í an cheist

home-where

Agus mórchomhlachtaí teicneolaíochta an domhain ag obair go tréan ar ghluaisteáin chliste, glactar leis go mbeidh an chéad charr uathoibríoch ar an mbóthar as seo go ceann roinnt blianta. Más rud é go bhfuil bunús leis an teoiric go mbeidh intleacht shaorga (artificial intelligence) níos sábháilte taobh thiar den roth stiúrtha ná intleacht dhaonna, beidh ísliú ollmhór ar líon na dtimpistí tráchta de réir mar a líonfaidh carranna uathoibríocha ár mbóithre.

Ach tá cúpla ceist chrua le réiteach roimhe sin.

Samhlaigh, mar shampla, go bhfuil tú ag réabadh fút ar bhóthar tréigthe i do charr uathoibríoch. Níl sa charr ach tú féin. Gan choinne, ritheann beirt amach i lár an bhóthair romhat. Ar an bpointe boise, tuigeann an intleacht shaorga atá i bhfeighil do ghluaisteáin nach bhfuil ann ach an t-aon bhealach amháin chun bás na beirte seo a sheachaint: casadh sciobtha a thabhairt don roth stiúrtha – a mharódh tusa toisc go mbualfadh do charr faoi chrann.

Céard é an rogha ba cheart do charr uathoibríoch a dhéanamh i gcás mar seo? Ar cheart dó beatha beirte a shábháil in ionad beatha duine amháin, nó ar cheart dó a bheith ‘dílis’ dá úinéir?

Is féidir an cheist a dhéanamh níos casta fós. Dá mba bheirt sheanduine a sheasfadh amach i lár an bhóthair, an bheirt acu ar thairseach an bháis, agus dá mba dhuine óg é an tiománaí, a shaol ar fad roimhe? Dá mba bhean í an tiománaí a bheadh ag iompar clainne? Dá mba dhochtúir é an tiománaí a bheadh ar a bhealach chun beatha othair a shábháil?

Agus ar cheart a chur san áireamh gur ar na coisithe a bhí an locht, toisc nár bhacadar le féachaint sa dá threo nuair a thrasnaíodar an bóthar?

Níl ansin ach sampla amháin de na ceisteanna morálta a bheidh le freagairt ag lucht na teicneolaíochta agus lucht dlí sula mbeifear in ann carranna uathoibríocha a chur ar an mbóthar. 

I gcás na ceiste thuas, feictear dom féin gur deacair éalú ón bprionsabal ‘dá laghad daoine a mharaítear is ea is fearr é’. Ach má chiallaíonn sin go mbeidh carranna uathoibríocha ríomhchlaraithe chun a n-úinéirí a mharú i gcásanna den chineál seo, an gceannódh éinne iad?

Gach seans nach í an teicneolaíocht ach an mearbhall morálta a chuirfeas moill ar charranna uathoibreacha agus ar bhealaí eile a bhféadfaí úsáid a bhaint as intleacht shaorga amach anseo.

Dúirt Elon Musk, bunaitheoir an chomhlachta Tesla, atá ag obair go tréan ar charranna leictreonacha, an tseachtain seo, go measann sé go mbeidh ar a laghad cúig bliana déag eile ann sula mbeidh gach carr nua a dhíolfar uathoibríoch.

Fág freagra ar 'Carranna uathoibríocha: mearbhall morálta'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Beidh carranna uathoibríoch níos sábháilte ná daoine ag tiomáint, do daoine i gcarranna eile agus do chosaithe. Beidh muid uilig níos sábhailte nuair a thagann siad i bhfeidhm i gceann 10 bliana nó mar sin. Cuma cén rogha atá déanta maidir leis na ceisteannaí thuas, beidh tú níos sábhailte i gcarr uathoibríoch pé scéal é. Maidir le gan cumhacht ar an cinneadh a bheas déanta i gcás mar sin, glacann daoine leis an méid sin gach uair a theann siad isteach i gcarr atá á dtiomáint ag duine eile. Dá raibh an rogha agam, phiocfainn an carr uathoibríoch thar carr á dtiomáint ag duile eile, gach uile uair.