Carraigeacha plaisteacha aimsithe – ar oileán gan chónaí i lár an Atlantaigh Theas

AN SAOITHÍN AERÁIDE: thángthas ar charraigeacha déanta as plaisteach ar oileán atá 1,200 ciliméadar ón domhan sibhialta, comhartha nach bhfuil áit fágtha ar chlár na cruinne nach bhfuil lorg an duine le brath ann

Carraigeacha plaisteacha aimsithe – ar oileán gan chónaí i lár an Atlantaigh Theas

RG Rio de Janeiro (RJ) 16/02/2011 Nos Limites da Amazônia Azul. Ilha de Trindade, no Espírito Santo, Brasil - Esta foto pertence ao acervo pessoal da fotógrafa, sua comercialização é proibida. Email: smarinhofoto@gmail.com - Foto Simone Marinho

Tuigeann an Saoithín Aeráide go mairimid sa ré Antrapaicéineach, tréimhse gheolaíoch arb é tionchar an duine ar struchtúr fisiciúil an phláinéid a príomhchomhartha sóirt.

Mar sin féin, bhain scéal gur thángthas ar charraigeacha atá déanta as ábhar plaisteach ar oileán Trindade, san Atlantach Theas, siar as.

Is é an chaoi go bhfuil oileán Trindade ar cheann de na háiteanna is scoite amach ar domhan; tá sé suite nach mór 1,200 ciliméadar ó chósta thoir na Brasaíle. Ní hamháin sin, ach níl cead isteach ar an oileán ach ag corr-oifigeach de chuid chabhlach na Brasaíle agus ag corrthaighdeoir.

Duine de na taighdeoirí sin, Fernanda Avelar ó Ollscoil Fheidearálach Paraná, a tháinig ar na carraigeacha atá déanta as plaisteach.

Tá dath glas ar na carraigeacha (ar chóir an focal uaine a úsáid sa chás seo? D’fhoghlaim an Saoithín Aeráide riamh gur ‘glas’ a deirtear i gcás rudaí nádúrtha agus ‘uaine’ i gcás rudaí de dhéantús an duine, ach céard atá i ndán don idirdhealú sin sa Ghaeilge sa ré Antrapaicéineach?) Pé scéal é, tá dath a mheabhródh eangach iascairí ar na carraigeacha plaisteacha, agus léirigh taighde Avelar gurb é sin an bunábhar agus gurbh iad sruthanna na mara a thug chomh fada le hoileán sceirdiúil Trindade é.

Léirigh a cuid tástálacha freisin nach bhfuil an t-ábhar as a bhfuil na carraigeacha plaisteacha déanta an-sean – scór bliain ar a mhéid. Mar sin féin, tá sé rídheacair na carraigeacha plaisteacha a bhaint de na carraigeacha nádúrtha dá bhfuil siad greamaithe. Dáiríre is cuid de na carraigeacha nádúrtha iad mórchuid na gcarraigeacha plaisteacha (ach d’fhás roinnt carraigeacha plaisteacha eile sa ghaineamh agus tá siad sin scaoilte.)

Ar ndóigh níl ar dhuine ach dul ar shiúlóid cois trá chun léargas a fháil ar an méid plaistigh a chaitear san fharraige, ná ar an achar is féidir leis an dramhaíl sin a chur di ar shruthanna na mara. Lá amháin agus an Saoithín Aeráide ag siúl cois trá in oirthuaisceart na Brasaíle, mar a bhfuil cónaí air, tháinig sé – gan idir an dá eachtra ach cúpla nóiméad! – ar bhosca plaisteach a thit, de réir cosúlachta, ó thrálaer ón Iorua, agus ar bhuidéal plaisteach ina raibh deoch bhog éigin a táirgeadh i gcathair Shingeapór.

Léiríonn na carraigeacha plaisteacha a aimsíodh ar oileán Trindade, nach mór 1,200 ciliméadar ón domhan sibhialta, nach bhfuil áit ar bith fágtha ar chlár na cruinne nach bhfuil lorg an duine le brath ann, agus chuirfeadh sé faitíos ort maidir le bia mara. B’fhéidir go bhfuil cuid den fhírinne i jóc a chonaic an Saoithín Aeráide ar an idirlíon an lá cheana: go bhfuil oiread ábhar mícreaphlaisteach inár gcuid bia anois gur mainicín, seachas corp, a fhágfaimid inár ndiaidh feasta nuair a gheobhaimid bás.

Fág freagra ar 'Carraigeacha plaisteacha aimsithe – ar oileán gan chónaí i lár an Atlantaigh Theas'