‘Carr eatraimh agus acmhainní eile’ ar fáil do stáisiún na nGardaí ar an mBun Beag

Dúirt an Teachta Dála Pearse Doherty go bhfuil ‘fearg agus imní' ar phobal an bhaile Gaeltachta mar gheall ar stáisiún na nGardaí ann a bheith gan carr patróil le hocht mí

‘Carr eatraimh agus acmhainní eile’ ar fáil do stáisiún na nGardaí ar an mBun Beag

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá ráite ag an nGarda Síochána le Tuairisc.ie go bhfuil “carr eatraimh” ag stáisiún na nGardaí ar an mBun Beag i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill ó cuireadh carr patróil  an stáisiúin ó mhaith ag tús na bliana.

D’iarr an Teachta Dála Gaeltachta de chuid Shinn Féin, Pearse Doherty,  ar an Aire Dlí agus Cirt agus ar Choimisinéir an Gharda Síochána míniú a thabhairt ar an stáisiún a bheith cheal carr dá chuid féin.

Mhaígh Doherty go raibh fearg agus imní ar phobal an Bhuna Bhig faoi cheist an chairr.

“Más é an cás nach raibh carr ag an stáisiún ó thús na bliana tá ceisteanna tromchúiseacha le freagairt ag údaráis na nGardaí agus an rialtas faoina dteip a chinntiú go mbíonn bunacmhainní ag an stáisiún a theastaíonn ó na Gardaí leis an bpobal a chosaint ar an Bhun Beag,” a dúirt an Teachta Dála an tseachtain seo caite.

Pearse Doherty TD. Pictiúr: RollingNews.ie

Dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána le Tuairisc.ie  go bhfuil “carr eatraimh” ag an stáisiún faoi láthair agus go bhfuil a gcarr féin ag an gcór tráchta a bhíonn ar fáil do ghnáthfhoireann an stáisiúin “de réir mar a theastaíonn sé”.

Dúradh freisin go raibh na hacmhainní atá ag na stáisiúin ar an gClochán Liath agus ar an bhFál Carrach ar fáil do stáisiún an Bhuna Bhig chomh maith.

“Coinníonn bainistíocht áitiúil an Gharda Síochána súil ghéar ar dháileadh na n-acmhainní i gcomhthéacs na dtreochtaí coiriúlachta, riachtanais phóilíneachta agus straitéisí eile oibríochtaí ag leibhéal an cheantair, an rannáin agus an réigiúin, lena chinntiú go gcuirtear an tseirbhís is fearr agus is féidir ar fáil don phobal,” a dúradh.

Fág freagra ar '‘Carr eatraimh agus acmhainní eile’ ar fáil do stáisiún na nGardaí ar an mBun Beag'