Tá tuilleadh tacaíochta geallta ag an Taoiseach Micheál Martin don Úcráin agus moladh tugtha aige don “chrógacht” atá léirithe ag Úcránaigh sna trí bliana ó chuir an Rúis tús leis an gcogadh idir an dá thír.
Labhair an Taoiseach go fíorúil ag comhdháil atá ar bun i gCív inniu ag ceannairí idirnáisiúnta chun tús an chogaidh a chomóradh. Cothrom an lae inniu 2022 a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin agus a cuireadh tús leis an gcogadh is mó san Eoraip ón dara cogadh domhanda.
Gheall Micheál Martin d’Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy go dtabharfadh Éire tuilleadh tacaíocht airgid don Úcráin.
“Caithfimid níos mó a rá, níos mó a chaitheamh agus níos mó a dhéanamh. Cuirfidh Éire tacaíocht airgid bhreise ar fáil do gach gné agus i ngach ceantar agus neartóimid ár dtiomantas chuige sin.”
Dúirt an Taoiseach freisin go gcaithfí a chinntiú nach mbainfeadh an Rúis tairbhe as an gcogadh.
“Caithfear a chur i dtuiscint dóibh siúd a thugann faoi aon ionradh mídhleathach is brúidiúil agus a sháraíonn flaitheas agus rialacha bunúsacha idirnáisiúnta go mbeidh praghas le híoc ar an scrios a dhéantar de bharr an chogaidh sin.
“Caithfimid a chinntiú anois nach mbainfidh an Rúis aon tairbhe go deo as an rud a rinne sí trí bliana ó shin.”
Dúirt an Taoiseach gur bhain tábhacht ar leith leis an gcogadh san Úcráin d’Éirinn agus do thíortha beaga eile ar fud na cruinne.
“Ar deireadh thiar níl ach aon bhonn amháin faoin tslándáil i dtír bheag mar Éire agus is é sin córas atá bunaithe ar rialacha idirnáisiúnta. Agus is é sin an chúis go bhfuil an cogadh seo, a fhágann an Úcráin ag cosaint flaitheas agus sláine na tíre, chomh tábhachtach do náisiúin bheaga ar fud na cruinne. Tá sibh [Úcránaigh] ag troid ar mhaithe le prionsabail chairt na Náisiún Aontaithe a chosaint, ó thaobh sláine agus flaitheas críche, ach freisin ar son córas atá bunaithe ar rialacha. Sa chomhthéacs sin, bhí an Eoraip daingean agus ar aon fhocal agus seasfaimidne in Éirinn libh.”
Dúirt Micheál Martin chomh maith go raibh sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí dlús le hiarratas na hÚcráine ballraíocht a ghlacadh san Aontas Eorpach.
Bhí Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen i measc na gceannairí a chruinnigh le chéile i gCív inniu, mar a bhí Uachtarán Chomhairle na hEorpa, Antonio Costa, chomh maith le ceannairí Cheanada, na Danmhairge, na hÍoslainne, na Laitvia, na Liotuáine, na Fionlainne, na hIorua, na Spáinne agus na Sualainne. D’fhreastail ceannairí ó bhreis is 20 tír eile, an Taoiseach san áireamh, ar an gcomhdháil go fíorúil.
Fág freagra ar '‘Caithfimid níos mó a chaitheamh agus caithfimid níos mó a dhéanamh’ – Tuilleadh tacaíochta geallta ag an Taoiseach don Úcráin'