Caithfidh vóta a bheith ann faoi athaontú na hÉireann má bhíonn sé ina Bhreatimeacht gan mhargadh – McDonald

Bhí cruinnithe déthaobhacha inniu ag Boris Johnson leis an gcúig phríomhpháirtí ó thuaidh agus shéan sé go raibh sé claonta i dtreo an DUP

Caithfidh vóta a bheith ann faoi athaontú na hÉireann má bhíonn sé ina Bhreatimeacht gan mhargadh – McDonald

Má tharlaíonn Breatimeacht gan mhargadh caithfidh vóta faoi athaontú na hÉireann a bheith ann ina dhiaidh.

B’in a bhí le rá inniu ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson agus é ar cuairt sa tuaisceart.

“Dúramar leis go bhfuil athrú bunreachtúil le tarlú san fhadtéarma. Ní fhéadfaidh sé a shéanadh nár dúradh leis é,” arsa Mary Lou McDonald.

Dúirt sí gur léir do chách gurbh ionann Breatimeacht, agus Breatimeacht gan mhargadh go háirithe, agus athrú “an-mhór” ar oileán na hÉireann.

Chaithfí dá bharr sin deis a thabhairt do dhaoine rogha a dhéanamh faoina gcinniúint féin, ar sí.

Dúirt McDonald chomh maith go ndúirt sí le Johnson nach bhféadfaí glacadh leis mar dhuine neodrach ó tharla socrú muiníne agus soláthair a bheith ag a pháirtí leis an DUP.

Dúirt ceannaire Shinn Féin gur thug sí le fios do Johnson nárbh fholáir dó éirí as a bheith “ina ghiolla ag an DUP”.

Shéan Johnson féin inniu go raibh sé claonta fad is a bhain sé le polaitíocht an Tuaiscirt nuair a ceistíodh é mar gheall ar an mbéile a bhí aréir aige le hionadaithe ó pháirtí amháin, an DUP.

Bhí cruinnithe déthaobhacha inniu ag Johnson leis an gcúig phríomhpháirtí ó thuaidh, tráth a bhfuil na cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont fós ina sáinn.

Dúirt Johnson gur chreid sé go hiomlán i gComhaontú Aoine an Chéasta agus sa “neamhchlaontacht ghlan”. Ba é an rud is tábhachtaí, a dúirt sé, ná rialtas Stormont a chur ag obair arís.

Idir an dá linn, tuairiscítear go bhféadfadh cás na hÉireann a bheith ina cheist toghcháin i Stáit Aontaithe Mheiriceá an bhliain seo chugainn sa chás go mbeadh sé ina Bhreatimeacht gan mhargadh.

Tá ráite ag scata feisirí comhdhála i Meiriceá go gcuirfidís stop le haon mhargadh trádála idir an tír sin agus an Bhreatain chun Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint agus chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Fág freagra ar 'Caithfidh vóta a bheith ann faoi athaontú na hÉireann má bhíonn sé ina Bhreatimeacht gan mhargadh – McDonald'