Caithfidh muintir Chonamara an aisling ‘ghlas’ a fhíorú

Má táimid le pobal Chonamara a neartú caithfimid seilbh a ghlacadh ar na polasaithe athraithe aeráide

Caithfidh muintir Chonamara an aisling ‘ghlas’ a fhíorú

I ré seo na nGlasach tá sé in am do mhuintir Chonamara an brat glas a tharraingt chucu féin agus polasaithe athraithe aeráide a shníomh le riachtanais an phobail.

Ní féidir an t-athrú aeráide a shéanadh agus go deimhin caithfear dul i ngleic leis ar mhaithe leis an saol mór. Má ardaíonn leibhéal na mara is mó an baol go mbeidh bailte fearainn Chonamara faoi uisce ná sráideanna Bhaile Átha Cliath.

Faoi láthair sa tír seo, is iad lucht an rachmais atá ag déanamh pleananna le cur i gcoinne an athraithe aeráide. Le bheith fírinneach is beag muinín a bheadh ag móramh an phobail i gcumas Fhine Gael nó Fianna Fáil an plean seo a stiúradh, ach leis an mborradh atá faoi Chomhaontas Glas is cinnte go mbeidh siad ag labhairt go fonnmhar faoin ngá atá le cánacha breise aeráide.

An chloch is mó ar a bpaidrín faoi láthair ná laghdú ar úsáid gluaisteán.

Tá sé níos fusa díriú ar an ngnáthdhuine ná mar atá sé dul i ndiaidh na monarchana móra. Is é an pobal tuaithe is mó a bhraithfidh éifeacht na hiarrachta, agus is anseo atá an deis. Caithfear dúshlán an Stáit agus lucht an rachmais a thabhairt. Má tá siad i ndáiríre faoi úsáid gluaisteán a laghdú, caithfear rogha a chur ar fáil ina n-áit agus caithfidh muintir na tuaithe sin a éileamh go láidir.

Anseo i nGaeltacht Chonamara tá an córas iompair poiblí bunaithe go príomha ar sheirbhís bus an 424. Ní mór smaoineamh ar na féidearthachtaí atá ann leis an gcóras seo a fhorbairt. Ba cheart go mbeadh bus ann gach leathuair an chloig ag fágáil Leitir Mealláin le dul go Gaillimh agus soir go Parkmore in oirthear na cathrach agus ba cheart seirbhís mhaith eile a bheith ann a cheanglódh sráidbhailte na Gaeltachta ó Chasla go Carna agus siar go dtí an Clochán. Dá mbeadh amchlár ceart agus praghas réasúnta ar an tseirbhís seo, bheadh níos mó fonn ar mhuintir Chonamara an carr a fhágáil sa bhaile agus iad ag triall ar an obair nó ar an ollscoil i nGaillimh.

Dhéanfadh sa chur chuige leas mór trí cheantracha Gaeltachta a cheangal le chéile. Tá gá le seirbhís iompair cheart a chur ar fáil chomh maith dóibh siúd nach mbíonn ag tiomáint. Cloisimid go rómhinic faoin uaigneas i measc phobal na tuaithe agus is bealach éifeachtach simplí a bheadh anseo le deis a thabhairt do dhaoine dul ag taisteal agus an timpeallacht a shábháil ag an am céanna.

Ar ndóigh ceann de na cúiseanna is mó a bhíonn ag muintir Chonamara dul isteach go cathair na Gaillimhe ná teacht ar na seirbhísí atá lárnaithe ansin. Mar chuid den pholasaí athraithe aeráide, ba cheart go mbeadh seirbhísí stáit ar fáil do dhaoine ina bpobal féin. Is fearr i bhfad don timpeallacht go mbeadh duine nó dhó ag taisteal ó Ghaillimh siar go Conamara le seirbhísí a chur ar fáil, fiú ar bhonn páirtaimseartha, i sráidbhailte na Gaeltachta.

Leis an gcur chuige nua seo atá á bheartú ag Glasaigh beidh bóthar ceart ag teastáil, is deacair lána rothaíochta agus lána bus a shamhlú ar an R336 mar atá sé. Dá mbeadh cuarbhóthar na Gaillimhe agus an bóthar nua seo atá á bheartú le fada siar go Scríb ann, d’fhéadfaí carrchlós ‘páirceáil agus taistil’ a thógáil agus luasbhus ar fáil eatarthu a thabharfadh daoine chun na hoibre i nGaillimh.

B’fhéidir gur aisling atá anseo, ach cén fáth nach féidir í a fhíorú? Is cinnte go laghdódh togra mar seo líon na ndaoine ó Chonamara atá ag tabhairt aghaidh ar thrácht na Gaillimhe chuile mhaidin. Bheadh sé chun leasa phobal Chonamara go mbeadh seirbhísí Stáit le fáil i gConamara. D’éascódh sé an taisteal idir sráidbhailte na Gaeltachta agus thabharfadh sé deis cheart do mhuintir Chonamara a bheith ina gcónaí sa mbaile agus ag obair i nGaillimh.

Bheadh sé costasach go leor córas iompair Chonamara a fheabhsú ach i ndeireadh na dála is ar leas na timpeallachta agus phobal an cheantair a bheadh sé. Níl suim ar bith ag an Stát sa chur chuige seo. Is éasca i bhfad atá sé cáin charbóin a ghearradh chun an aeráid a shábháil agus a bheith beag beann orthu siúd nach bhfuil Luas, nó Dart acu chun iad a thabhairt chun na hoibre.

Má táimid le pobal Chonamara a neartú sa todhchaí caithfimid seilbh a ghlacadh ar na polasaithe athraithe aeráide. Caithfear iad a mhúnlú ionas go mbeidh siad ar leas an phobail mar aon leis an timpeallacht. Níl sé seo ag teacht le plean an rialtais nó le meon lucht an rachmais. Is deacair i gcónaí iad a mhealladh le hairgead a chaitheamh taobh thiar den Choirib ach tugann ré an athraithe aeráide gléas nua troda dúinn. Caithfimid a chinntiú go mbeidh leas an phobail fite fuaite le leas na timpeallachta.

Fág freagra ar 'Caithfidh muintir Chonamara an aisling ‘ghlas’ a fhíorú'

  • Mairéad

    Ba chóir fo-oifigí ag na heagraíochtaí stáit, chomhairle chontae agus araile a lonnú arís i nGaeltacht Chonamara. Bhíodh oifig ag INTREO (Roinn Leasa Sóisialta) sa Spidéal agus bhíodh Gaeilge den scoth ag na hoifigigh ansin. Le deich mbliain anuas ní mór do dhaoine taisteal ar an mbus 424 go hINTREO Gaillimh chun freastal ar agallaimh tré Bhéarla agus ar cúrsaí lánBhéarla faoi curriculum vitae srl. srl…

    Is €28 an costas ar thicéad chun taisteal ar an mbus 424 ó Leitir Mealláin go hINTREO Gaillimh.

  • Kevin

    Aontaím go hiomlán leat a Mhairéad. Úsáideadh an easpa airgid le linn an géarchéim eacnamaíochta le seirbhísí Stát a lárnú agus níl aon athrú tagtha ar an scéal ó shin.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Is duine den lucht racmhais mé féin gan amhras ach aontaím go hiomlán leis an gcur chuige seo. Caithfidh muid fáil réidh le FF agus le FG agus na tosaíochtaí leibideacha atá acu siúd. Is í Éire an dara tír is saibhre san Eoraip ach tá na seirbhísí poiblí agus na bóithrí chomh holc leis an Rómáin!