‘Caithfidh muid a chinntiú go mbeidh an Ghaeltacht ann’ – Gaeilgeoirí nua na Dála

Sa tsraith seo castar leis na Gaeilgeoirí a toghadh chuig an Dáil den chéad uair in olltoghchán na míosa seo. An geábh seo, tá Ruairí Ó Murchú ó Shinn Féin

‘Caithfidh muid a chinntiú go mbeidh an Ghaeltacht ann’ – Gaeilgeoirí nua na Dála

Ruairí Ó Murchú, Sinn Féin, an Lú

1. Inis dom fút féin agus an Ghaeilge.

D’fhreastail mé ar Choláiste Bhríde i Rann na Feirste nuair a bhí mé sa mheánscoil. Théinn ann gach samhradh agus bhí mé i mo cheannaire nuair a bhí mé níos sine. Bhí baint mhór ag muintir Dhún Dealgain le Rann na Feirste mar gheall ar an Athair Lorcán Ó Muirí a bhunaigh an coláiste. Bhí m’athair, Gerry Murphy, ina Uachtarán ann. Ó na laethanta sin, níor úsáid mé mo chuid Gaeilge an oiread is ba cheart dom. Caithfidh mé cuid mhór oibre a dhéanamh agus mé i mo Theachta Dála ó thaobh feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge agus déanfaidh mé é sin.

2) Cé chomh minic atá sé i gceist agat an Ghaeilge a labhairt sa Dáil?

Tá sé ar intinn agam cuid mhór Gaeilge a úsáid sa Dáil ach caithfidh mé rud beag brú a chur orm féin sin a dhéanamh. Tá roinnt agallamh déanta agam leis na meáin Ghaeilge. Bhí cúpla ceann acu agus ní raibh mé róshásta leis an dóigh ar éirigh liom, mar sin caithfidh mé cleachtadh. Gach lá, thart fán áit seo, beidh go leor deiseanna agam Gaeilge a labhairt. Tá go leor daoine a bhfuil Gaeilge acu sa Dáil.

3) Cad é ba mhaith leat a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de agus tú i do Theachta Dála?

Tá cuid mhór fadhbanna a bhaineann leis an oideachas Gaeilge, córas na n-aonad Gaeilge ina measc. Caithfidh muid níos mó tacaíochta a thabhairt don oideachas trí Ghaeilge. Tá níos mó Gaelscoileanna de dhíth, níos mó Gaelcholáistí. Bhí an t-ádh orm nuair a bhí mé óg go raibh an deis agam dul chuig an Ghaeltacht. Caithfidh muid a chinntiú go mbeidh an Ghaeltacht ann sa todhchaí. Caithfidh muid tacaíocht a thabhairt don Ghaeltacht le go mbeidh muintir na Gaeltachta in ann a saol a chaitheamh leis an Ghaeilge agus go mbeidh daoine eile in ann dul chuig an Ghaeltacht chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Caithfidh muid a chinntiú go mbeidh an Ghaeltacht ann’ – Gaeilgeoirí nua na Dála'