Is cinnte go bhfuair an t-ochtú a dó míle duine a bhí i bPáirc an Chrócaigh don choimhlint idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan luach a gcuid airgid, sa gcéad leath go háirithe.
Chonaic muid cúig úd sa gcéad leath sin, ceithre cinn ó na Laighnigh agus ceann amháin ó na Muimhnigh, foireann a bhí faoi bhrú ón tús de bharr easpa imreoirí chéad rogha mar gheall ar ghortuithe agus caighdeán na n-imreoirí a bhí fágtha acu le cur chun páirce.
Triúir déag imreoirí le taithí idirnáisiúnta a chuir Cúige Laighean chun páirce ag tús an chluiche i gcomparáid leis an deichniúr a chuir Cúige Mumhan amach, ach ní hamháin sin, ní raibh ach cúpla caipín idirnáisiúnta ag cuid d’imreoirí na Mumhan.
Níorbh aon ábhar iontais dá bhrí sin gur thug an fhoireann baile an lá leo go héasca, 26 – 12. Mar sin féin, is fiú a mheabhrú gur theip ar Chúige Laighean scór de chineál ar bith a aimsiú sa dara leath agus d’aimsigh buachaillí Graham Rowntree an dara húd. Is cinnte gur ábhar imní do Leo Cullen an easpa gearradh a bhí ina chuid imreoirí sa dara leath. Ní dóigh gur leor tús maith sa gcéad cheathracha nóiméad gan cur leis sa dara leath, sin más le Cúige Laighean an easpa trófaithe atá ag crá an chúige le trí bliana anois a cheartú.
Ní dóigh gur mórán cabhair do Chúige Mumhan an toradh sin ach oiread agus iad ag imirt an chéad chluiche i dturas dhá chluiche ar an Afraic Theas amárach.
Seans go bhfuil an t-ádh ar Chúige Mumhan gur i gcoinne na Stormers, an fhoireann is laige de na ceithre fhoireann ón Afraic atá ag imirt san URC faoi láthair, a bheas siad. Ní hamháin sin ach is thíos ar leibhéal na farraige seachas thuas ar thalamh ard a bheas an cluiche á imirt. Fágann sin seans ag Cúige Mumhan. Cuimhnigh gur bhuaigh siad i gCape Town roimhe seo agus ar na Stormers freisin. Ach ag an am céanna níl tada éasca ag baint le himirt sa limistéar sin agus is deacra fós é má bhíonn tú gan do chéad rogha imreoirí. Tá mise ag súil go bhfuil seansprid na Mumhan fós beo.
Amárach freisin tabharfaidh Cúige Laighean cuairt ar an mBóthar Beag agus iad ar thóir bua le pointe bónais eile, rud atá déanta acu sa gcéad cheithre chluiche. Caithfidh siad a bheith san airdeall fós féin. Tá borradh ar leith faoin na Connachtaigh ó thús an tséasúir seo. In ainneoin gur chaill Connachta dhá cluiche as ceithre iarracht go dtí seo, thug siad dhá phointe bónais leo ón dá chluiche a chaill siad. Tá teacht aniar dochreidte i measc na gConnachtach faoi láthair agus má éiríonn le Cúige Laighean bua a fháil amárach, beidh orthu imirt go maith ar feadh ochtó nóiméad. Ní hamhlaidh a rinne siad an Satharn seo caite.
Ach roimhe sin anocht, cuirfidh Cúige Uladh fáilte go Béal Feirste roimh na hOspreys. Ceithre áit atá idir na foirne seo ar an tábla faoi láthair, Ulaidh san ochtú háit le deich bpointe agus na hOspreys sa dara háit déag le sé phointe. Níl ach bua amháin cláraithe ag na hOspreys ó thús an tséasúir agus is deacair athrú a fheiceáil anocht. Tá mise ag tuar bua le pointe bónais do na hUltaigh.
Fág freagra ar 'Caithfidh foireann Rowntree a léiriú go bhfuil cuid de sheansprid na Mumhan fós beo'