Caithfidh airí rialtais agus Ard-Rúnaithe na rann rialtais “níos mó measa” a léiriú ar an nGaeilge, dar leis an Taoiseach Micheál Martin.
Agus é faoi agallamh ar an gclár 7 Lá ar TG4 aréir, dúirt Martin nach bhfuil sé “sásúil” nach bhfuil ach fíorbheagán de na státseirbhísigh in ann seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge.
Dúirt an Taoiseach go raibh “níos mó le déanamh” ag Roinn an Taoisigh féin agus gur “chóir” dá Roinn féin níos mó daoine atá in ann a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge a fhostú.
“Tá sé an-deacair, is dúshlán an-mhór atá amach romhainn. Níl sé sásúil in aon chor agus táimid ag caint leis [an tAire Gaeltachta Dara Calleary] agus le hairí eile agus leis na hArd-Rúnaithe sna ranna ag rá go gcaithfidh siad níos mó measa a thabhairt don Ghaeilge.
“I mo Roinn féin, tá níos mó le déanamh againn,” a dúirt an Taoiseach. Dúirt sé gur féidir leis féin oibriú trí Ghaeilge ach nach bhfuil an méid daoine is gá ina Roinn a bhfuil líofacht na Gaeilge acu.
Mhaígh an Taoiseach san agallamh freisin go mbeidh “plean faoi leith” ag an Rialtas don tithíocht sa Ghaeltacht.
“Tá Dara [Calleary] ag coimeád an bhrú ar [an Aire Tithíochta] James Brown agus ar an Roinn Tithíochta na treoracha [don phleanáil sa Ghaeltacht] a fhoilsiú. Gan amhras, tá an-chuid oibre le déanamh ag an aonad seo laistigh den Roinn Tithíochta,” a dúirt sé.
Dúirt sé go bhfuil “an-chuid faoi chaibidil” ag an bhfoireann atá ag plé le ceist na Gaeltachta i Roinn na Gaeltachta ach go mbeidh “plean faoi leith” ag an Rialtas “ó thaobh na nGaeltachtaí agus cúrsaí tithíochta”.
“Tá an chumhacht againn plean faoi leith a chur i bhfeidhm maidir le muintir na Gaeltachta. Admhaím go bhfuil deacrachtaí ann, go háirithe do dhaoine atá ag maireachtáil ann.
“Tá iomaíocht agus comórtas ann, tá a lán saghsanna eile tithe ann, tithe samhraidh agus mar sin de. Tá sé an-deacair agus caithfimid plean agus tacaíocht faoi leith a thabhairt, mar aon leis na tacaíochtaí atá ann faoi láthair,” a dúirt Martin.
Dúirt an Taoiseach go bhfuil “dul chun cinn faoi leith” déanta ó thaobh cúrsaí teanga agus ó thaobh cúrsaí Gaeltachta ó tháinig an Rialtas le chéile i mí Eanáir 2025 agus go bhfuil “i bhfad níos mó daoine ag obair go speisialta ó thaobh na Gaeltachta agus an teanga i gcoitinne” anois.
Mhaígh sé go bhfuil “níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge sa tír anois ná mar a bhí 100 bliain ó shin” ach go bhfuil obair le déanamh fós sula mbeidh an t-athrú seo le feiceáil sa Státseirbhís.
“Tá i bhfad níos mó daoine timpeall, fud fad na tíre, agus cumas sa Ghaeilge acu. Agus bíonn i bhfad níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge anois i mo thaithí féin, ó bheith ag dul timpeall agus ag bualadh le daoine. Ach níl sé sin le feiscint go hiomlán sa Státseirbhís agus sin deacracht atá againn,” a dúirt Micheál Martin.
Bhí an Taoiseach faoi agallamh ag an iriseoir Máirín Ní Ghadhra ar an gclár 7 Lá ar TG4 tráthnóna.
Donncha O hEallaithe
Ar mhiste le duine éicint a mhíniú céard iad na ‘deacrachtaí’ atá ag stopadh an rialtais plean tithíochta don Ghaeltacht a chur le chéile? Bíonn Dara Calleary ag caint faoi na ‘deacrachtaí’ agus anois tá an Taoiseach ag caint futhu. Céard iad na ‘deacrachtaí’ seo atá th’éis paralysis a chur ar an státchóras déaileáil leis an gceist?
Na deacrachtaí a fheicimse ná seo: leisce ar Aire na Gaeltachta usáid a bhaint as na cumhachtaí tithíochta atá aige; na Comhairlí Contae drogallach maidir le tithe a sholáthar do chainteoirí Gaeilge; Údarás na Gaeltachta gan na acmhainní ná an t-aitheantas ón Roinn Tithíochta dul i ngleic leis an bhfadhb. Deacrachtaí iad san a fhéadfaí a sortáil amach ach an toil pholaitiúil a bheith ann.
Breathnóir1
Tá Gaeilge measartha maith ag Martin ach ní shílim go bhfuil sé dáiríre faoi chur chun cinn na teanga.
Ní shílim ach an oiread, in ainneoin a chuid cainte faoin ´oileán roinnte´, go bhfuil suim dá laghad aige in athaontú na tíre. A chead sin aige, ar ndóigh, ach b´fhearr i bhfad go ndéarfadh sé sin go soiléir, agus go dtuigfeadh gach duine a chinneann vóta a thabhairt do Fhianna Fáil go bhfuil siad ag vótáil do pháirtí atá sásta go mbeidh an chríochdheighilt i bhfeidhm go deor na ndeor.