Caithfidh an dá thaobh a aithint ar dtús go bhfuil an choimhlint mhíleata i sáinn

Nuair a aithníonn an dá thaobh sa chogadh san Úcráin go bhfuil an choimhlint i sáinn beidh deis ansin iad a mhealladh chuig an mbord idirbheartaíochta

Caithfidh an dá thaobh a aithint ar dtús go bhfuil an choimhlint mhíleata i sáinn

I ndiaidh beagnach ceithre mhí ar an bhfrith-ionsaí níor éirigh leis na hÚcránaigh ach an líne choimhlinte i ndeisceart na tíre a bhogadh thart ar 12 ciliméadar ó dheas in áiteanna. Is ionann sin agus níos lú ná ciliméadar in aghaidh na seachtaine. Ní shroichfidh siad na calafoirt ar bhruach thuaidh Mhuir Azov, atá níos mó ná 100 ciliméadar ar shiúl, i mbliana agus iad ag bogadh ag an ráta céanna.

Mura n-éiríonn leo an líne choimhlinte a bhogadh níos faide ó dheas ionas go mbeidh siad in ann ionsaithe airtléire a dhéanamh go díreach ar chóras soláthair na Rúise, lena n-áirítear na calafoirt, i rith an gheimhridh, is beag seans go ndéanfaidh siad níos mó dul chun cinn ar an ais chéanna an bhliain seo chugainn. Is ansin a dheimhneofar sáinn mhíleata na coimhlinte.

Ach má éiríonn leis na hÚcránaigh an sprioc thuasluaite a bhaint amach beidh an ceangal talún idir an Donbas agus an Chrimé i bhfíorbhaol agus beidh dinimic eile ag baint leis an gcogadh.

Ach léiríonn torthaí na coimhlinte go dtí seo go bhfuil an cogadh ag bogadh i dtreo sáinn mhíleata:

  • Níl mórán dul chun cinn déanta ag ceachtar taobh ar an talamh le beagnach bliain anuas
  • Tar éis dhá fheachtas ionsaithe i mbliana tá deacrachtaí ag an dá thaobh feachtais chomhordaithe ar scála mór a chur i gcrích
  • Tar éis bliain go leith d’ionsaithe diúracán ar chathracha agus bonneagar na hÚcráine níl comharthaí ann go mbrisfear spiorad mhuintir ná cumas mhíleata na tíre
  • Tar éis bliain d’ionsaithe ar chóras soláthair na Rúise sna críocha gafa níl comharthaí follasacha ann, seachas gearáin na dtrúpaí ar an talamh, go bhfuil an córas cosanta ar tí titim as a chéile

Réitíonn an tsáinn níos mó leis na Rúisigh ná leis na hÚcránaigh toisc go bhfuil na críocha gafa faoina seilbh. Mura dtarlaíonn rud éigin gan choinne agus mura n-éiríonn leis na hÚcránaigh an ceangal talún a chur i bhfíorbhaol seans go mairfidh an tsáinn ar a laghad go dtí insealbhú uachtarán nua sna Stáit Aontaithe go luath in 2025. Má bhíonn an bua ag duine den bheirt iarrthóirí poblachtacha, Trump nó Ramaswamy, seans go dtiocfaidh athrú ar chúrsaí ina dhiaidh sin.

An Bord Idirbheartaíochta

Nuair a aithníonn an dá thaobh go bhfuil an choimhlint i sáinn beidh deis ansin iad a mhealladh chuig an mbord idirbheartaíochta. Ach chun iad a mhealladh chuig an mbord caithfidh cúpla rud tarlú roimh ré:

  • Measúnú a bheith déanta ag an dá thaobh go bhfuil sé níos buntáistí dóibh dul chuig an mbord idirbheartaíochta ná leanúint leis an troid. Ach caithfidh an dá thaobh teacht ar an measúnú sin thart ar an am céanna agus níl siad ag an bpointe sin faoi láthair. Dúirt aire cosanta na Rúise le déanaí nach bhfuil an dara rogha acu ach an cogadh a bhuachan agus tá brú ar an hÚcránaigh níos mó dul chun cinn a dhéanamh sa deisceart
  • Brú polaitíochta, mar gheall ar chúrsaí eacnamaíochta nó dul chun cinn an chogaidh, a bheith curtha ar údaráis na dtíortha teacht chuig an mbord. Cé go bhfuil na hÚcránaigh faoi bhrú millteanach eacnamaíochta níl fonn ar mhuintir na tíre géilleadh. Seachas leideanna anseo is ansiúd maidir le deacrachtaí eacnamaíochta, níl brú polaitíochta sa Rúis éirí as an ionradh ach oiread. Níl mórán suime ag muintir na Rúise i ráta malairte an rúbail, ach má tharlaíonn hipearbhoilsciú agus má thagann méadú mór ar rátaí dífhostaíochta tabharfaidh siad aird air ansin
  • Brú idirnáisiúnta a bheith curtha ar cheachtar taobh teacht chuig an mbord. Níl mórán tíortha ag dul i bhfeidhm ar na Rúisigh, fiú tar éis dóibh ionsaithe a dhéanamh ar áiseanna easpórtála gráin na hÚcráine. Níl na smachtbhannaí eacnamaíochta ag feidhmiú i gceart ná mar a bhí beartaithe ag tíortha an iarthair ach oiread. Is deacair a shamhlú go n-éistfeadh na Rúisigh le comhairle ó thír ar bith ar domhan seachas ón tSín. Cé go bhfuil níos mó deiseanna ann chun brú a chur ar na hÚcránaigh mar gheall ar an gcabhair eacnamaíochta, mhíleata agus dhaonnúil atá á fáil acu níl sé léirithe go dtí seo go bhfuil sé seo ag tarlú. Níl an chuma ar chúrsaí go bhfuil brú idirnáisiúnta ag dul i bhfeidhm ar cheachtar taobh faoi láthair

Éilimh an dá taobh

Sa chás go mbeidh an dá thaobh sásta dul i mbun idirbheartaíochta beidh torthaí éagsúla á lorg acu. Beidh ar a laghad trí phríomhéileamh ag na hÚcránaigh:

  • Na críocha gafa a fháil ar ais. Má ghéilleann na Rúisigh píosa talún mar gheall ar chainteanna feicfear gur chaill siad an chogadh. Toisc gur mhaígh siad anuraidh go raibh na críocha lánpháirtithe mar chuid den Rúis, ní ghéillfidh siad. B’fhéidir go mbeadh siad sásta glacadh le limistéar dímhíleataithe ar an líne choimhlinte toisc go bhfuil limistéar idir 10 agus 20 ciliméadar ar leithead in áiteanna breac le loig mhianach, trinsí fritancanna agus sliogáin neamhphléasctha nach nglanfar go ceann i bhfad
  • Barántais slándála a fháil. Mar gheall ar an ionradh agus an scrios atá déanta ag na Rúisigh ar an Úcráin ní bheidh aon dul as ach go bhfaighidh an Úcráin barántais slándála, bíodh sin mar bhallstát de NATO nó go bhfaighidh sí barántais docht daingean ó thíortha éagsúla san Iarthair. Ní bheidh aon socrú murar féidir leis an Úcráin a cuid slándála a chinntiú as seo amach
  • Cúiteamh a fháil ó na Rúisigh as an scrios atá déanta acu ar an tír. Ní admhóidh na Rúisigh gur gá dóibh cúiteamh a chur ar fáil go díreach do na hÚcránaigh. B’fhéidir go mbeadh na hÚcránaigh sásta má éiríonn le tíortha an G7 cuid de chiste infheistíochta stáit na Rúise atá coimeádta i mbainc i dtíortha an iarthair a aistriú chuig an Úcráin

Maidir le héilimh na Rúiseach, seans go bhfuil siad tar éis fáil réidh leis na spriocanna a bhí acu ag tús an chogaidh ach ní ghéillfidh siad na críocha gafa. Ina theannta sin, beidh siad ag iarraidh cosc a chur ar an Úcráin a bheith mar bhallstát de NATO.

Achoimre

Sula gcuirfear tús le plé idir an dá thaobh ar réiteach na coimhlinte caithfidh cúrsaí dul trí roinnt céimeanna éagsúla. Ar an gcéad dul síos caithfidh an dá thaobh a aithint go bhfuil an choimhlint mhíleata i sáinn.

Ina dhiaidh sin beidh orthu a aithint go mbeadh mó níos buntáistí ann dóibh dul chuig an mbord idirbheartaíochta ná leanúint leis an troid, bíodh sin mar gheall ar bhrú inmheánach, brú idirnáisiúnta nó dul chun cinn sa chogadh. Is ansin amháin a bheidh an dá thaobh sásta plé a dhéanamh ar a gcuid éilimh.

Idir an dá linn leanfaidh na Rúisigh lena n-ionsaithe ar chathracha agus bonneagar na hÚcráine agus in ainneoin na gcóras frith-aerárthaí nua atá faighte ag na hÚcránaigh gach seans go bhfuil geimhreadh deacair eile i ndán dóibh. Leanfaidh arm na hÚcráine lena gcuid ionsaithe ar chóras soláthair na Rúise go áirithe sa deisceart agus leanfaidh an cogadh tnáite fud fad na líne coimhlinte.

-Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'Caithfidh an dá thaobh a aithint ar dtús go bhfuil an choimhlint mhíleata i sáinn'

  • Gabriel Rosenstock

    Díol suntais é dar liomsa gur iar-anailísí míleata é údar an ailt seo. An é nach bhfuil faic le rá
    ag síochánaithe frithmhíleata an domhain faoin gcogadh san Úcráin? Thuairiscigh Bloomberg ar na mallaibh go gceapann na Stáit Aontaithe agus na tíortha G-7 go bhféadfadh go leanfadh an cogadh seo ar aghaidh ar feadh seacht mbliana eile. Seacht mbliana! Beidh na hanailísithe míleata gnóthach ambaiste. Beidh na mangairí tancanna agus buamaí gnóthach agus iad ag gáire an bealach ar fad go dtí an banc:
    https://archive.ph/FsZzw
    An é sin is mian le muintir an phláinéid seo? Dáiríre? Is é fírinne an scéil, ar ndóigh, nach meánn tuairim an domhain mhóir brobh. Is ag na gealta míleata atá an chumhacht. Tá sé in am na bréagáin a bhaint de na hamadáin.

  • Garry Bannister

    Ní fhéadfadh ach fear déanta airgid ar airm nó dallintinneach ar fad gan bheith ar aon tuairim le Gabriel Rosenstock anseo. Is féidir an doirteadh fola agus an sléacht a stopadh lom láithreach dá deastódh ó lucht déanta arm a leithéid a dhéanamh. Céard atá ag teastáil ó Putin – Ucráin neodrach agus céard a bhí ag teastáil ó Putin – Úcráin neodrach. Bhí a fhios sin ag cumhachtaí móra an Iarthair nuair a thosaigh cainteanna faoi bhallraíocht na hÚcráine i NATO sa bhliain 2008. An mbeadh an Rúis choíche sásta na críocha atá gafa aici a thabhairt ar ais don Úcráin? Ní bheadh. An bhfuil de chumhacht mhíleata ag an Úcráin na críocha a cailleadh a bhuachan ar ais? Níl. An féidir leis an Iarthar an aidhm sin a bhaint amach gan tús a chur le Harmagadón? Ní féidir. Cad tá fágtha mar sin? Síocháin – síocháin bheannaithe amháin. Agus níl aon am níos fearr don tsíocháin sin ná an lá atá inniu ann. Tá áit speisialta ag na filí i stair na tíre seo. Tugadh, agus tugtar fós, ní amháin ómós ach aird mhór dá mbíonn le rá acu mar is mion minic gur foinse na fírinne iad agus na saíochta traisisiúnta – dá bhrí sin, molaim do mhuintir na hÉireann éisteacht go hairdeallach le glór ár n-aos dána agus an chluas bhodhar a thabhairt do na hiar-anailísithe míleata úd a labhraíonn níos minice ná a mhalairt le teanga ghabhlógach.