‘Caithfear é seo a stopadh láithreach’ – rabhadh na Náisiún Aontaithe faoi chás mhuintir Gaza

Níor tháinig aon chabhair ná fóirithint chomh fada le tuaisceart Gaza ó caitheadh in aer an sos cogadh daonnúil ag tús na míosa seo

‘Caithfear é seo a stopadh láithreach’ – rabhadh na Náisiún Aontaithe faoi chás mhuintir Gaza

Tá sé ina chogadh dearg i gcomharsanacht champa teifeach Jabalia i dtuaisceart Gaza agus an áit timpeallaithe ag tancanna arm Iosrael.

Dúirt údarás áitiúil na háite atá faoi cheannas Hamas go raibh thart ar 100,000 duine fós istigh sa gcampa sin agus iad i mbaol bás a fháil den ocras agus gan aon ospidéal ansin atá i mbun oibre.

Níor tháinig aon chabhair ná fóirithint chomh fada le tuaisceart Gaza ó caitheadh in aer an sos cogadh daonnúil ag tús na míosa seo.

“Caithfear é seo a stopadh láithreach” an “teachtaireacht shoiléir chéanna” atá ag gach dream ar fud na cruinne a chuireann cúnamh daonnúil ar fáil, a dúirt Martin Griffiths, ceannasaí fóirithinte na Náisiún Aontaithe.

Agus sibhialtaigh Phalaistíneach á mbrú seasta isteach i stráicí talún atá níos cúinge agus níos lú ag ionsaí Iosrael, dúirt údaráis mhíleata Iosrael Déardaoin gur scaoil óglaigh mhíleata Hamas roicéid amach leo ó cheann de na “ceantair dhaonnúla” i ndeisceart Gaza.

Sheol lucht airm Iosrael físeáin agus mapaí agus iad ag áitiú gur thaispeáin siad roicéid á scaoileadh amach i dtreo Iosrael as Al-Mawasi, ceantar daonnúil a bhfuil na mílte tar éis teitheadh chuige ag súil le bheith sábháilte ansin.

Níl an tuairisc sin ó Iosrael deimhnithe go neamhspleách go fóill.

Bhí fainic ghéar ag Antonio Guterres, Ceannasaí na Náisiún Aontaithe, agus é ag rá go raibh an baol ann go dteipfeadh ar fad ar an gcóras daonnúil fóirithinte in Gaza agus go bhféadfadh an t-ord poiblí ar fad titim as a chéile ansin.

Is é seo an chéad uair ag Guterres Alt 99 de Chairt na Náisiún Aontaithe ina gceadaítear don Ard-Rúnaí aird na Comhairle Slándála a dhíriú ar scéal más dóigh leis go bhféadfadh an cás sin “an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta” a chur i mbaol.

Scríobh sé inné chuig baill na Comhairle Slándála ag moladh dóibh ar fad d’aon ghuth le chéile sos comhraic daonnúil a éileamh.

Cháin Eli Cohen, Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael a chuid cainte agus dúirt sé gur “bagairt do shíocháin an domhain” a bhí ann Guterres a bheith sa phost sin.

Fág freagra ar '‘Caithfear é seo a stopadh láithreach’ – rabhadh na Náisiún Aontaithe faoi chás mhuintir Gaza'