Caithfear a bheith ‘oscailte’ faoi stádas na Gaeilge a athrú má tá Éire Aontaithe le bheith ann – Varadkar

Agus é ag labhairt ag Ard-Fheis Fhine Gael, dúirt an Tánaiste gur cheart do dhaoine a bheith ‘oscailte’ ó thaobh na n-athruithe a bheadh ag teastáil chun Éire Aontaithe a bhaint amach

Caithfear a bheith ‘oscailte’ faoi stádas na Gaeilge a athrú má tá Éire Aontaithe le bheith ann – Varadkar

Deir an Tánaiste Leo Varadkar go mbeidh gá le machnamh a dhéanamh ar stádas na Gaeilge má tá Éire Aontaithe le bheith ann amach anseo.

Agus é ag labhairt ag Ard-Fheis Fhine Gael an tseachtain seo, dúirt an Tánaiste gur cheart do dhaoine a bheith “oscailte” ó thaobh na n-athruithe a bheadh ag teastáil chun Éire Aontaithe a bhaint amach, stádas ár dteangacha ina measc.

“Caithfimid a bheith sásta ár machnamh a dhéanamh faoi gach a mbeimis sásta a athrú – teidil nua, siombailí comhroinnte, conas a luífeadh an déabhlóid sa Tuaisceart leis na socruithe nua, Seanad nua chun ionadaíocht na mionlach a neartú, ról agus stádas ár dteangacha, caidreamh nua a bheidh níos dlúithe leis an Ríocht Aontaithe,” a dúirt Varadkar.

I mBunreacht na hÉireann dearbhaítear gurb í an Ghaeilge “príomhtheanga oifigiúil” an stáit.

Ní hé seo an chéad uair ag Varadkar stádas na Gaeilge a lua agus ‘Éire Aontaithe’ á plé.

Dúirt sé ar an gclár Claire Byrne Live mí an Mhárta go gcaithfí machnamh a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú mar chuid d’aon iarracht Éire a athaontú.

“Tá rudaí ann a gcaithfimid labhairt faoi athrú a dhéanamh orthu. Tóg, mar shampla, an teideal Tánaiste nó an teideal Taoiseach, teidil thaoisigh na nGael iad sin,” a dúirt Varadkar ag an am. “An mbeadh sé sin cuí in Éirinn Aontaithe mar a mbeadh milliún duine ar Briotanaigh iad.

“Cén saghas caidrimh a bheadh againn leis an mBreatain? Chaithfeadh caidreamh níos dlúithe a bheith ann ná mar atá faoi láthair. Cén chuma a bheadh air sin? Fiú an Ghaeilge, an mbeadh sí ar an gcéad…an dara teanga oifigiúil?”

In 2019, nuair a bhí sé ina Thaoiseach, dúirt Varadkar ag Féile an Phobail i mBéal Feirste go gcaithfeadh daoine a thuiscint gur ‘Stát eile’ a bheadh ann dá mbainfí Éire Aontaithe amach.

Dúirt sé go mbeadh gá sa chás sin le bunreacht nua toisc, mar shampla, go bhfuil an Ghaeilge ina céad teanga oifigiúil de réir Bhunreacht na hÉireann.

In 2017 mhol Coiste Oireachtais gur cheart scrúdú a dhéanamh ar an ngá le stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú ar mhaithe le ‘Éire Aontaithe’.

Is minic ceisteanna curtha ag daoine faoi chur i bhfeidhm stádas bunreachtúil na Gaeilge.

Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh i gcinneadh Ard-Chúirte in 2019 go mbíonn stádas bunreachtúil na Gaeilge “floating at an abstract level” os cionn scéal casta na Gaeilge agus dearcadh mhuintir na hÉireann ina leith.

Bíodh gur teibí go maith atá stádas bunreachtúil na teanga, ní hionann sin agus a rá, arsa an Breitheamh, gur aon iarsma “quaint and aspirational” ó shaol 1937 a bhí in Airteagal 8 an Bhunreachta.

In 2015 mhol saineolaí idirnáisiúnta ar chúrsaí dlí gur cheart do bhaill an Oireachtais reifreann a ghairm faoi stádas bunreachtúil na Gaeilge nó seasamh le cearta teanga an tsaoránaigh.

Fág freagra ar 'Caithfear a bheith ‘oscailte’ faoi stádas na Gaeilge a athrú má tá Éire Aontaithe le bheith ann – Varadkar'

  • An Teanga Bheo

    Leo tá stádas Eorapach agus bunreachtúil ag an Teanga sa tír seo agus nígá leasú ar an mBunreacht 1937?

  • An Teanga Bheo

    Neamhspléachas sa tír go deo agus aontas na Eorpa =cearta an tsaoránaigh agus agus
    “níos dlúithe leis an Ríocht Aontaithe ???????????????