Cáit Hynes, cócaire den scoth agus réalta na foirne i TG4, ar shlí na fírinne

Bhí an t-ádh le meitheal oibre TG4 go raibh comhghleacaí acu a chur dea-aoibh orthu gach aon lá

Cáit Hynes, cócaire den scoth agus réalta na foirne i TG4, ar shlí na fírinne

Bhí TG4 faoi scamall an bhróin ag an deireadh seachtaine agus scéala faighte gur cailleadh Cáit Hynes go suaimhneach tar éis tinnis fhada.

Chaith Cáit blianta fada ag obair sa cheaintín agus ní haon áibhéil é a rá gurb í croí na cuideachta sa stáisiún. Cócaire den scoth ab ea í ach is mar gheall ar a pearsantacht chineálta agus a hacmhainn grinn dána is mó a chuimhneofar uirthi.

Bhí an t-ádh le meitheal oibre TG4 go raibh comhghleacaí acu a chur dea-aoibh orthu gach aon lá. D’fhág sí a rian ar gach aon duine a casadh uirthi agus bhíodh deá-ghiúmar uirthi i gcónaí. Bean chuideachtúil, fhlaithiúil agus suáilceach ab ea í, lán spraoi agus rógaireacht.  Chuir sí loinnir sa lá.

Méala mór a bás dá fear céile, Jimmy, dá mac Ciarán, a n-iníonacha Bernie agus Gráinne, agus a gcuid páirtithe, dá garchlann, Ellenor, Katie agus Máirtín agus dá cuid deartháireacha agus deirfiúracha, go háirithe Nellie a chaith blianta fada ag obair ina teannta i TG4. Bean teaghlaigh go smior ab ea Cáit, a bhí thar a bheith bródúil as a cuid garpháistí.

Is iomaí réalta a bhí le feiceáil ar scáileán TG4 ó am a bhunaithe ach i súile go leor den fhoireann ba sa cheaintín a bhí an tseoid ba mhó. Bhí cáil ar a cuid diabhlaíochta agus a cuid jócanna feanntacha, í lán croí agus aigne ó mhaidin go faoithin. Bhí sí thar a bheith cráifeach agus bhíodh Aifreann Raidió na Gaeltachta ag réabadh go hard sa chistin aici gach uile deireadh seachtaine. Ba mhór an cuidiú é an creideamh láidir a bhí aici agus í ag fulaingt ag deireadh a saoil. Solas na bhFlaitheas go bhfeice sí.

Baintear an iomarca úsáide as an téarma ‘ní bheidh a leithéid arís ann’ ar ócáidí mar seo ach i gcás Cháit ní haon áibhéil é.  Suaimhneas síoraí dá hanam uasal, Gaelach.

Fág freagra ar 'Cáit Hynes, cócaire den scoth agus réalta na foirne i TG4, ar shlí na fírinne'