FÉILTE
Cáis, ceol ‘s ól ag Féile Ealaíon Bhéal Feirste
Cuirfear tús ar an 16 Deireadh Fómhair le Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 26 Samhain in os cionn 30 ionad ar fud na cathrach. I measc na n-imeachtaí, beidh oíche chultúrtha, cheoil agus bhia i gCumann Chultúrtha Mhic Reachtain ar an Aoine, 18 Deireadh Fómhair, Cáis, Ceol ‘s Ól.
Cuirfidh cócairí Chaifé Ceoil ceithre mhias éagsúla ar fáil idir bhia milis agus bhlastóga saillte agus beidh an táille corcáiste san áireamh, beir leat do bhuidéal fíona féin. Beidh ceol beo leis an gcruitire Cíara Ní Tháth, Lorraine Ní Bhriain ar an gconsairtín agus Fióna Ní Mhearáin ar an bhfeadóg mhór.
Costas £36 atá ar na ticéid agus iad ar fáil anseo.
Imeachtaí Gaeilge ag féile Babóró
Cuireadh tús an tseachtain seo leis an bhféile Babóró i nGaillimh, féile ealaíon idirnáisiúnta do pháistí agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 20 Deireadh Fómhair.
Cuirfidh Branar i gcomhar le Cónaitheacht Cheoil na Gaillimhe an seó Scéal Lae i láthair. Scéal lán le ceol a bheidh ann faoi lá amháin i saol páiste atá ag ceiliúradh ghnáthrudaí an tsaoil. Is í Mary Murphy a scríobh agus a tharraing na pictiúir do na beochana, Tom Lane a chum an ceol agus an Contempo Quartet a chuirfidh an ceol i láthair beo. Feiliúnach do pháistí os cionn 5 bliana d’aois.
Ticéid ar fáil anseo do Scéal Lae.
Cuirfear an ócáid Éan na Scéalaíochta ar bun le Patricia Forde, Laureate na nÓg, in éineacht leis an scríbhneoir agus ealaíontóir Alan Nolan agus an puipéadóir Ethel Burke.
Amuigh faoin aer a bheidh an seó seo agus neart spraoi agus spóirt geallta do na gasúir ag tóraíocht ‘ollphéist mhistéireach’ ar fud an ghairdín agus ag scéalaíocht leo ar an mbealach. Feiliúnach do pháistí idir 4 agus 7 mbliana d’aois. Beidh léirithe i nGaeilge agus i mBéarla ann.
Ticéid d’Éan na Scéalaíochta ar fáil anseo.
Cuirfidh an scríbhneoir Méabh McDonnell, bean an tí i rannóg na bpáistí i siopa leabhar Charlie Byrne’s, i nGaillimh seisiún ðatheangach scéalaíochta ar bun ar dhá Shatharn, an 13 agus an 19 Deireadh Fómhair ag 11 r.n.
Beidh Méabh ag léamh ón mbailiúchán mór millteach pictiúrleabhar atá aici sa siopa leabhar agus cead ag na gasúir sa lucht éisteachta a roghanna féin a mholadh i rith an tseisiúin. Seans go mbeidh sí ag leamh óna leabhar nua féin freisin, Into the Witchwood, a foilsíodh níos luaithe i mbliana.
CEOLCHOIRM
Ceolchoirm Fhéile Chois Fharraige ag comóradh Oireachtas 1974
Beidh Ceolchoirm Chomórtha Oireachtas 1974 ar bun ar an Domhnach, an 13 Deireadh Fómhair in Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Sailearna ag a 8:00 i.n. Is í Caitlín Ní Chualáin a bheidh ina bean an tí is beidh Colm Jimmy Ó Curraoin agus Bróna Ní Cheallacháin i measc na n-aíonna.
Beidh ceol beo le fliúiteadóirí an cheantair, Neansaí Ní Choisdealbha, Caoimhín Ó Sé, Deirdre Hurley, agus Barry Kerr. Cuirfear damhsa ar stáitse chomh maith le Seitdamhsóirí Chois Fharraige, Mairéad Hurley, Fearghas Mac Lochlainn, Éamon Ó Donnchadha, Traolach Ó Conghaile, agus Seán Ó Gráinne, Maidhc P. Ó Conaola agus go leor eile.
Táille €15 atá ar na ticéid do dhaoine fásta agus €10 ar ghasúir. Ticéid ar fáil trí ghlaoch ar 086 0655520 nó seol ríomhphost chuig optchoisfharraige@gmail.com.
Barry, Morrow agus O’Dowd i Lios Tuathail
Beidh na ceoltóirí Leonard Barry, Andy Morrow agus Séamie O’Dowd le feiceáil ar stáitse Amharclann St. John i Lios Tuathail an deireadh seachtaine seo.
Tá an triúr seo ag casadh ceoil le chéile le nach mór fiche bliain agus tá ceolchoirmeacha déanta acu le chéile i bhfad is i gcéin. Le deireanas bhí siad ar stáitse ag féilte sa Danmhairg, sa Fhrainc, agus sa Spáinn.
Sníonn an triúr acu ceol traidisiúnta Gaelach le blaisíní den cheol comhaimseartha agus iad ag déanamh taiscéaladh ar stair cheol na hÉireann agus ar amhráin ó thraidisiúin éagsúla.
Ticéid €20 an ceann ar fáil anseo.
SEOLADH LEABHAIR

Seoladh cnuasach nua Louis de Paor i mBéal Feirste
Beidh seoladh Bhéal Feirste den chnuasach nua filíochta Cé a Mharaigh Emma Mhic Mathúna? le Louis de Paor ar bun i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ar an Satharn, 12 Deireadh Fómhair ag 1pm.
Is í an scríbhneoir agus scoláire aitheanta Síobhra Aiken a sheolfaidh an cnuasach nua atá foilsithe ag Éabhlóid. Cuirfear sólaistí ar fáil agus tá fáilte roimh chách go dtí an ócáid.
Tá tuilleadh eolais faoin leabhar ar fáil anseo.
Fág freagra ar 'Cáis, ceol ‘s ól i mBéal Feirste, scéalta ag Babóró, ceolchoirm i gCois Fharraige'