Cáipéis comhrialtais foilsithe faoi dheireadh sa Ghearmáin, ach níl deireadh déanta fós

Is bád gan stiúir atá sa tír is saibhre san Eoraip ó thoghchán an fhómhair seo caite

Cáipéis comhrialtais foilsithe faoi dheireadh sa Ghearmáin, ach níl deireadh déanta fós

Maidin inniu, foilsíodh cáipéis comhrialtais sa nGearmáin agus an tír gan rialtas ó Mheán Fómhair 2017.

Sa toghchán a bhí ann an mhí sin, is dona a chruthaigh páirtí rialtais an CDU faoi Angela Merkel, páirtí rialtais an CSU (An Bhaváir) faoi Horst Seehofer, agus páirtí sóisialach an SPD faoi Martin Schulz. D’fhág sin agus eile nach raibh móramh ag páirtí ar bith. Is bád gan stiúir atá sa tír is saibhre san Eoraip ó shin.

Tar éis saoire na Nollag, tháinig an crú ar an tairne más ea. Chuir príomhpháirtithe na tíre seachtain san áireamh le cáipéis comhrialtais a dhréachtú. Dá dteipfeadh orthu, is baol go mbeadh toghchán eile ann. Bhí ceannas Angela Merkel ar an bpáirtí agus ar an tír idir dhá cheann na meá. Bhí dordán míshásaimh in aghaidh Horst Seehofer i Munich. Bhí eite chlé an pháirtí shóisialaigh ag cur faobhair ar na sceana le Martin Schulz a chur ar scor.

Seo a leanas cuid de na príomhphointí atá sa gcáipéis comhrialtais reatha. Ar an gcéad amharc, is bua do Martin Schulz atá ann. Tá an dioscúrsa polaitiúil meallta ar chlé aige – de bheagán. Ar an gcéad dul síos, tá an chothromaíocht ranníocaíochtaí don árachas sláinte ann. Ó 1951 go dtí 2005, is as póca na bhfostaithe a thagadh leath an airgid sin, agus is as póca na bhfostóirí a thagadh an leath eile. Ó tháinig an CDU agus Angela Merkel i réim, maitheadh beagán do na fostóirí, agus is ar na fostaithe a thit an crann. Cuirfidh an rialtas nua an tseanchothromaíocht i bhfeidhm arís.

Baineann an dara pointe le cúram na bpáistí bunscoile. Faoi láthair, bíonn leath na bpáistí gan duine a thabharfadh aire dóibh tar éis na scoile. Is é an moladh atá sa gcáipéis gur ar an scoil agus an stát a bheadh cúram na bpáistí go dtí deireadh an lae oibre. Ní raibh a leithéid ann cheana.

Is le cúrsaí pinsin a bhaineann an tríú pointe polasaí sóisialta. Tá athchinntiú sa gcáipéis ar bhunphinsean do chách. Is ionann sin agus a rá nach ndéanfar creimeadh ar phinsean na ndaoine le linn an chomhrialtais seo, má thagann sé ar an bhfód.

Baineann cuid den cháipéis le polasaithe idirnáisiúnta. Luaitear leas na hEorpa go láidir ann. Roimh fhilleadh ar an nGearmáin do Schulz bliain ó shin, bhí blianta móra caite aige ina uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa. Leas na Gearmáine, leas na hEorpa; sin é an port atá ag Angela Merkel le fada chomh maith. Ós cáipéis ghearr atá ann, is beag eolas sonrach faoi na cúrsaí seo ann, ach is ráiteas polasaí atá ann go cinnte.

Gné eile den cháipéis is ea cás na dteifeach. Dhá bhliain ó shin, an uair ba mheasa an ghéarchéim eisimirce as an tSiria, lig Angela Merkel os cionn milliún teifeach thar teorainn na tíre isteach. Tá ceist ann ó shin maidir le muintir na dteifeach sin sa mbaile agus lena gclann. Cé mhéad díobh sin ba cheart a ligeann isteach sa tír? Míle duine in aghaidh na míosa an moladh atá sa gcáipéis.

Is crua an tseachtain díospóireachta a bhí ann do na polaiteoirí agus don fhoireann chúnta agus athbhreithnithe a bhí ar láimh acu. Ach rinne siad beart de réir a mbriathar: ‘Is linne rialtas seasmhach a chur ar fáil do mhuintir na tíre seo,’ arsa Angela Merkel. ‘Tá éacht déanta againn,’ arsa Schulz. Bhí aoibh an gháire ar bhéal Horst Seehofer ainneoin na tuirse. Níl deireadh déanta fós, áfach. De réir mar a gheall Schulz, caithfidh sé an cháipéis comhrialtais a cheadú le baill an pháirtí. Beidh tionól acu ar an 21 Eanáir. Sin é lá na cinniúna.

Fág freagra ar 'Cáipéis comhrialtais foilsithe faoi dheireadh sa Ghearmáin, ach níl deireadh déanta fós'

  • léitheoir

    ‘beart de réir a mbriathair’ ..
    nach ea?