Cainteoir líofa Gaeilge in Ospidéal Ollscoil Johns Hopkins ina húdar ar thaighde nua faoi éifeacht vacsaíní

Deir an Dr Caoilfhionn Ní Chonghaile gur dea-scéal ‘den chuid is mó’ atá i dtaighde nua gur léir nach raibh an vacsaín ag dul i bhfeidhm ar dhaoine a bhí ag tógáil cógas ar leith do ghalair imdhíonachta áirithe

Cainteoir líofa Gaeilge in Ospidéal Ollscoil Johns Hopkins ina húdar ar thaighde nua faoi éifeacht vacsaíní

Tá staidéar déanta ag cainteoir líofa Gaeilge in Ospidéal Ollscoil Johns Hopkins a léiríonn go bhfuil cosaint níos lú in aghaidh an Covid-19 ag daoine a bhfuil galair réamatacha nó galair mhatánchnámharlaigh orthu, fiú nuair atá an dá shnáthaid den vacsaín faighte acu.

Tá Caoilfhionn Ní Chonghaile ar dhuine de bheirt údar ar thaighde inar cruthaíodh gur lú an chosaint a thugann an vacsaín in aghaidh Covid-19 do dhaoine a bhfuil galair imdhíonachta áirithe orthu agus drugaí áirithe á dtógáil acu.

Is as Maigh Eo do Chaoilfhionn Ní Chonghaile, cainteoir líofa Gaeilge arb as Corca Duibhne dá máthair agus Maigh Eo dá hathair.

Ghlac 400 othar a bhfuil galair imdhíonachta orthu páirt sa staidéar nua a rinneadh san ospidéal cáiliúil in Maryland i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

 Ag labhairt di ar an chlár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an Dr Ní Chonghaile, príomhúdar an taighde agus saineolaí i réimse na réamaiteolaíochta, gur chóir do dhaoine a bhfuil galair imdhíonachta orthu agus a gcuid gaolta a bheith ar an eolas faoi na torthaí.

 “Nuair a fhaigheann an gnáthdhuine an vacsaín, déantar an córas imdhíonachta a ghríosú. Ní raibh a fhios againn an mbeadh an vacsaín éifeachtach i measc othar a bheadh ag tógáint leighis chun bac a chur ar an gcóras imdhíonachta,” a dúirt sí.

 Mar chuid den taighde, rinneadh tástáil fola ar na hothair mí tar éis dóibh an dá shnáthaid den vacsaín in aghaidh Covid-19 a fháil le fáil amach an raibh cumas iontu troid in aghaidh an víris.

Dúirt Ní Chonghaile gur dea-scéal “den chuid is mó” a bhí sa taighde ach gur léir nach raibh an vacsaín ag dul i bhfeidhm ar dhaoine a bhí ag tógáil cógas ar leith do ghalair áirithe, ina measc cógas d’othair a bhfuil lúpas, scléirideirme nó soithíochaíteas orthu.

 “Tá sé fós an-tábhachtach an vacsaín a fháil mar tá sé éifeachtach i measc an chuid is mó de dhaoine ach dosna daoine (eile) sin, tá muid ag rá leo go bhfuil sé tábhachtach fios a bheith acu go bhfuil an seans ann nach bhfuil an vacsaín éifeachtach agus nach bhfuil an chosaint á fáil acu ón vacsaín.

 “Ós rud é go bhfuil na srianta sóisialta scaoilte le déanaí, ba chóir do dhaoine a bheith cúramach agus iad ag meascadh le daoine.”

 Dúirt Ní Chonghaile go raibh sé tábhachtach chomh maith go mbeadh an vacsaín faighte ag daoine a bhíonn timpeall ar othair atá leochaileach agus go bhféadfaí iad a chosaint ar an tslí sin.

 Dúirt Ní Chonghaile go bhfuil taighde eile ar bun acu ag Ospidéal Ollscoil Johns Hopkins faoi láthair le fiosrú an mbeadh an tríú snáthaid den vacsaín in aghaidh Covid-19 éifeachtach i gcás daoine a bhfuil galair imdhíonachta orthu.

 Tógadh an cinneadh sa Fhrainc cheana féin an tríú vacsaín a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil galair imdhíonachta áirithe orthu.

Fág freagra ar 'Cainteoir líofa Gaeilge in Ospidéal Ollscoil Johns Hopkins ina húdar ar thaighde nua faoi éifeacht vacsaíní'