Cainteanna ballraíochta don AE le plé ag ceannairí an AE sa Bhruiséil

Tá Vicktor Orbán na hUngáire in aghaidh tús a chur le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin

Cainteanna ballraíochta don AE le plé ag ceannairí an AE sa Bhruiséil

Buailfidh ceannairí 27 ballstát an Aontais Eorpaigh le chéile sa Bhruiséil inniu chun plé a dhéanamh ar thús a chur le cainteanna faoi bhallraíocht a thabhairt don Úcráin agus tuilleadh maoinithe a thabhairt don tír atá scriosta ag ionradh na Rúise.

Beidh an cogadh sa Mheánoirthear faoi chaibidil ag na ceannairí chomh maith.

Tá éileamh déanta ag Éirinn, an Spáinn, an Bheilg agus Málta ar shos cogaidh buan agus d’iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach go gceadófaí plé faoin éileamh sin ag an gcruinniú a bheidh ar siúl inniu agus amárach.

Tá ceannaire na hUngáire Viktor Orbán, atá ar an eite dheis, glan in aghaidh tuilleadh maoinithe a thabhairt don Úcráin. Maíonn Orbán go bhfuil an Úcráin cam go smior agus deir sé nach raibh aon toradh fónta ar an tacaíocht atá tugtha ag an AE don Úcráin cheana féin.

Tá Orbán in aghaidh tús a chur le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin chomh maith agus deir a rialtas nach ngéillfidh siad do bhrú ó stáit eile san AE.

D’fhéadfadh seasamh Orbán go leor aighnis a chothú ag cainteanna na seachtaine seo agus beidh an Coimisiún ag súil go mb’fhéidir go mbeadh athrú poirt aige i ndiaidh dóibh scaoileadh leis an €10.2 billiún de mhaoiniú na hUngáire atá calctha toisc nár chloígh an tír sin le caighdeáin maidir le riail an dlí.

Tá tíortha eile san AE ar son tacú leis an Úcráin agus tús a chur le cainteanna ballraíochta.

“Ba mhaith liom a shamhlú go seasfaidh Eorpaigh le chéile,” a dúirt aire gnóthaí eachtracha na Fraince, Catherine Colonna.

“Agus tabharfaimid teachtaireacht shoiléir dár gcomhghleacaí ón Ungáir ionas go dtarlóidh sin.”

Dúirt aire gnóthaí eachtracha na Liotuáine Gabrielius Landsbergis gur “coimhlint idir idé-eolaíochtaí” a bhí san easaontas “coimhlint idir an dream atá ag iarraidh go mbeadh Eoraip láidir againn agus an dream atá ag iarraidh nach mbeadh an tAE ann ar chor ar bith”.

Dúirt aire gnóthaí eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, gur tubaiste a bheadh ann don tír mura dtiocfaí ar réiteach faoi thús a chur le cainteanna ballraíochta.

Léirigh pobalbhreith nua a rinneadh i sé bhallstáit de chuid an AE go bhfuil scoilt i measc an phobail faoi mhéadú an AE.

Ní raibh móramh ann ar son ballraíocht a thabhairt d’aon cheann de na tíortha atá ag iarraidh bheith istigh ach bhí meon níos ‘oscailte’ ag daoine i dtaobh na hÚcráine, an Mholdóiv agus Montainéagró.

Is mian leis an gCoimisiún Eorpach go gcuirfí tús le cainteanna  leis an Úcráin agus leis an Moldóiv faoi bhallraíocht a fháil san aontas.

Ní foláir beannacht na mballstát go léir a fháil don mholadh sula gcuirfear tús le cainteanna ballraíochta.

Moladh sa tuairisc an mhí seo caite chomh maith stádas mar iarrthóir a thabhairt don tSeoirsia, cinneadh a bheidh conspóideach mar gheall go bhfuil go leor den tuairim gur ag dul ar gcúl atá an tír sin ó thaobh an daonlathais.

Dúirt an Coimisiún go gcaithfeadh an Úcráin agus an Mholdóiv dlús a chur leis na leasuithe atá á ndéanamh acu chun critéir bhallraíochta an AE a shásamh.

Deich dtír ar fad a bhfuil iarratas ar bhallraíocht déanta acu – an Úcráin, an Tuirc, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia, an Albáin, an Mholdóiv, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv agus an tSeoirsia.

Thug ballstáit an AE a mbeannacht don Úcráin mar iarrthóir oifigiúil ar bhallraíocht mí an Mheithimh seo caite.

Ní chiallódh cinneadh tús a chur le cainteanna oifigiúla ballraíochta go mbeadh an Úcráin ina ball go luath agus d’fhéadfadh an próiseas leanúint ar aghaidh ar feadh roinnt blianta.

Idir an dá linn, in iarracht ballstáit an amhrais a mhealladh, mhol an Spáinn, a bhfuil uachtaránacht an AE faoi láthair acu, go ngearrfaí an maoiniú breise atá á lorg don Úcráin ó €66 billiún go dtí €40 billiún.

Fág freagra ar 'Cainteanna ballraíochta don AE le plé ag ceannairí an AE sa Bhruiséil'