Cainteanna ar bun faoi aistriúchán nua ar Fhorógra na Cásca

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta i mbun cainteanna le dreamanna éagsúla faoi aistriúchán nua ar Fhorógra na Poblachta

image

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i mbun cainteanna le dreamanna éagsúla faoi Ghaeilge a chur ar Fhorógra na Poblachta.

Bronnfar an trídhathach agus cóip den Fhorógra ar gach aon scoil sa tír mar chuid de Chomóradh 1916 an bhliain seo chugainn. Dheimhnigh an Roinn Oideachais agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le Tuairisc.ie go ndéanfar gach iarracht aon ábhar a bhaineann leis an gComóradh a dháilfear ar scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil i nGaeilge.

Níl leagan oifigiúil Gaeilge den Fhorógra ann. Rinne Sinn Féin aistriúchán air i mblianta tosaigh an Stáit agus is minic a fheictear an leagan sin ar phóstaer i scoileanna agus áiteanna poiblí eile. Is é an leagan sin a fheictear ar an leac cuimhneacháin i reilig Chnoc an Arbhair, áit ar aistríodh coirp an tSeachtair tar éis a mbáis i gCill Mhaighneann. Dúirt urlabhraí na Roinne Oidhreachta le Tuairisc.ie nach bhfuil cinneadh déanta go fóill cé acu leagan a bhronnfar ar  scoileanna – leagan Shinn Féin nó leagan nua-aistrithe.

“Maidir le scaipeadh an Fhorógra ar scoileanna, tá plé le déanamh maidir leis na mionsonraí a bhaineann leis seo,” a dúirt an t-urlabhraí. Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an Roinn tar éis dul i dteagmháil le roinnt dreamanna faoin gceist ó shin.

Dúirt urlabhraí Shinn Féin go dtacódh an páirtí le haistriúchán ar bith ar an bhForógra a fhad is a thiocfaidh sé le spriocanna an bhunleagain.

“Tacaíonn Sinn Féin le cuspóirí, aidhmeanna agus prionsabail an Fhorógra. Tabharfar tacaíocht d’aon aistriúchán a thagann leis na spriocanna seo,” a dúradh le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Cainteanna ar bun faoi aistriúchán nua ar Fhorógra na Cásca'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Níor cheart aistriúchán a dhéanamh dhó, im thuairimse. Seachas Poblacht na hÉireann ar a bharr, is i mBéarla amháin a eisíodh an Forógra, cé go raibh 500,000 cainteoirí dúchais Ghaeilge sa tír ag an am. Ba cheart é a fhágáil i mBéarla le meabhrú dúinn gur beag spéis a chuir Poblachtánachas sa Ghaeilge riamh mar theanga cumarsáide, ach í a usáid mar shiombal naisiúnach.

    Níl tagairt ar bith don Ghaeilge sa bhForógra, ach an oiread, cé go mba Conraitheoirí cuid dena sínitheoirí, an Piarsach ina measc. (Dá mba é Eoin Mac Néill a bhí á scríobh, an ndéanfaí dearmad ar chás na Gaeilge sa bhForógra?) Tabharfadh san le fios domsa nach raibh mórán suim ag an IRB, an dream a phleanáil an Éirí Amach, sa Ghaeilge, ach ranganna an Chonradh a usáid le Óglaigh a earcú agus le clúdach a dhéanamh ar drilleáil.

    Bhí dul chun cinn mór déanta ag Conradh na Gaeilge suas go dtí sin, ó thaobh aitheantas oifigiúl a fháil ón mBreatain don Ghaeilge sa gcóras oideachais, ach tar éis 1916 bhí an bhéim ag náisiúntóirí ar shaoirse pholaitiúl seachas ar cúrsaí teanga.

    Tá sé thar am dúinn an cheist a chur, an mó dochair ná maitheas a rinne Éirí Amach na Cásca don Ghaeilge?

  • Concubhar Ó Liatháin

    Cén chuma a bheadh ar leagan neamh-Shinn Féineach den bhForogra? Agus mé im eagarthóir ar Lá Nua, cothrom an ama seo i 2006, d’éisíomar forlíonadh ina raibh leagan den bhForógra i nGaeilge. Creidim gurb é Peadar Ó Cearnaigh a rinne an aistriúchán i bhfad siar.
    Is cuimhin liom, áfach, nuair a rinne an tIRA a bhforógra stairiúil i 2005 go raibh siad ag cur a gcuid armlóin ó mhaith, ba i mBéarla a rinneadh an raiteas sin. An t-é a rinne é, Séanna Walsh, cheap Sinn Féin é ina chomhalta ar bhórd Fhoras na Gaeilge. Ní h-íoróin go dtí Sinn Féin agus an Ghaeilge, agus go leor cúiseanna eile a ndéanann siad buaileam sciath ina dtaobh….

  • philip

    Tá an rud aistrithe cheana agus greanta i gcloch ag Cnoc an Arbhair – fág é mar atá sé,
    Chuala mé trácht ar ‘athscríobh na staire’ maith go leor, ach seo an chéad uair domsa trácht ar ‘athaistriú na staire’ a aimsiú.