Caint á tabhairt in OÉG ag Tomi Reichental, údar I Was a Boy in Belsen

Is ar an Domhnach beag seo a thabharfaidh Tomi Reichental, údar an leabhair I Was a Boy in Belsen, caint uaidh ar an méid a chonaic sé ina gharsún agus é á choinneáil i gcampa géibhinn Bergen-Belsen le linn an Dara Cogadh Domhanda

Close-to-Evil-5

Déanfaidh Tomi Reichental, fear a tháining slán as campa géibhinn Bergen-Belsen, caint a thabhairt uaidh faoin méid a d’fhulaing sé sa champa sin le linn an Uileloiscthe. 

In Piestany na Slóvaice a rugadh Tomi Reichental, sa bhliain 1935. Naoi mbliana d’aois a bhí sé nuair a rug saighdiúirí an Gestapo air i 1944, sa Bhratasláiv. Tugadh anonn go Bergen-Belsen é in éineacht lena mháthair, a mháthair chríonna, a dheartháir, a aintín agus a chol ceathair.

Tugadh go dtí campa coinneála Sered sa tSlóvaic ansin iad, áit a raibh an Coirpeach Cogaidh Alois Brunner lonnaithe, fear brúidiúil nár éirigh leis na húdaráis breith air riamh agus a cheaptar a bheith marbh le tamall beag de bhlianta.

Nuair a scaoileadh Tomi Reichental saor in Aibreán na bliana 1945, fuair sé amach gur dúnmharaíodh 35 gaol leis. Cailleadh a sheantuistí, a chuid uncailí, aintíní agus col ceathracha ar fad san Uileloscadh.

Agus é ag tabhairt chun cuimhne an méid a chonaic sé agus an boladh a bhain leis an áit, dúirt Reichental gurbh iad an tíofóideach agus an diftéire ba mhó ba thruaig bháis do dhaoine, ach go raibh na céadta ag fáil bháis leis an ocras agus an fuacht chomh maith.

“Tógadh na coirp amach as radharc agus loisceadh iad. Leis an aimsir, áfach, is amhlaidh a bhí coirp á gcarnadh anuas ar a chéile agus iad le feiceáil os comhair na mbeairicí seo againne. Dúirt na saighdiúirí a shaor sinn go bhfuair siad boladh na gcorp dhá mhíle amach ón gcampa.

“Níorbh fhéidir le gasúr súgradh mar a dhéanfadh gnáthghasúir. Ní dhearnamar aon gháire ná aon ghol. Dá mbeifeá ‘dána’, d’fhéadfaí go mbuailfí thú nó fiú go mbuailfí chun báis thú. Chonaic mé féin ar fad é le mo dhá shúil,” a dúirt Reichental.

D’fhan Reichental ina thost ar feadh an chuid is mó dá shaol faoin uafás a chonaic sé, ach tá malairt tuairime tagtha air le blianta beaga faoin tost sin.

Bergen Belsen sa bhliain 1945
Bergen-Belsen i 1945

“Tá Tomi ar dhuine de na daoine deireanacha a tháinig slán as an Uileloscadh. Braitheann sé, dá réir sin, go bhfuil dualgas air labhairt amach faoin méid a tharla i dtreo is nach ndéanfar dearmad ar íospartaigh agus nach ndéanfar na cionta céanna arís,” a dúirt an tOllamh Ray Murphy ón Ionad Cearta Daonna in Ollscoil na Gaillimhe.

“Meabhraíonn an tUileloscadh dúinn an baol a bhaineann le ciníochas agus éadulaingt, agus tá ceachtanna le foghlaim ón méid a tharla roimhe seo ar féidir iad a chur i bhfeidhm sa lá inniu. Ceann de na ceachtanna is mó a chaithfimid a fhoghlaim ná meas a bheith againn ar éagsúlacht tuairimí agus droim láimhe a thabhairt le leithcheal den uile chineál,” a dúirt Murphy. 

Ba sa bhliain 2004 a thosaigh Reichental ag labhairt go poiblí faoin méid a tharla dó féin agus do na mílte eile in Bergen-Belsen agus cuairt tugtha aige ar scoileanna ar fud na tíre ó shin. Ba é a thoradhsean go ndearnadh clár faisnéise ar RTÉ faoi, dar teideal I Was a Boy in Belsen, atá bunaithe ar shaol Tomi. Tá leabhar scríofa ag Reichental ó shin agus an teideal céanna air.

Ainmníodh scoláireacht as Reichental i Meitheamh na bliana 2015, tráth ar bhain sé an ceithre scór amach. Bronntar an scoláireacht sin ar mhac léinn nó ar iníon léinn a gceaptar í a bheith tuillte acu. Craobh na hÉireann d’Iontaobhas Oideachais an Uileloiscthe a bhronnann an scoláireacht sin ar dhaoine.

Féadfar ceisteanna a chur ar Tomi Reichental tar éis na cainte aige agus beidh cóipeanna den leabhar I Was a Boy in Belsen á síniú aige. Tá saorchead isteach ann ach moltar do dhaoine a bheith ann go luath mar sin féin. 

Is i Seomra na Seimineár san Ionad Cearta Daonna, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a thabharfaidh sé a chaint, Dé Domhnaigh, an 3 Samhain, ag 1pm.

Fág freagra ar 'Caint á tabhairt in OÉG ag Tomi Reichental, údar I Was a Boy in Belsen'

  • sean@hotmail.com

    ‘…. i dtreo is nach ndéanfar dearmad ar íospartaigh agus nach ndéanfar na cionta céanna arís…’ Tá sé sin á chanadh ó shin I leith agus gan aon mhaolú ar an sciúirseáil ná ar an droch-íde ar chlár na cruinne seo, ach gan e a bheith eagraithe chomh paiteanta is a bhí ag na Naitsithe. Is deacair fórsaí an oilc .I. an tÁibhirseoir a chloí.