Cáineadh déanta ag Seanadóir ar an Roinn Dlí agus Cirt maidir le cás an Dr Fangzhe Qiu

Dúirt an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee gur léirigh a scéal na baic a chuireann an stát roimh chainteoirí Gaeilge

Cáineadh déanta ag Seanadóir ar an Roinn Dlí agus Cirt maidir le cás an Dr Fangzhe Qiu

Tá litir scríofa ag Seanadóir de chuid Fhianna Fáil chuig an Aire Dlí agus Cirt ag cáineadh an mhoill fada atá ar phróiseas saoránachta fir de bhunadh na Síne toisc go ndearna sé an t-iarratas i nGaeilge.

Mar a tuairiscíodh anseo an tseachtain seo caite cuireadh moill ar bhronnadh saoránacht Éireannach ar an Dr Fangzhe Qiu, Ollamh cúnta sa tSean-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, mar nach raibh cáipéis i nGaeilge ar fáil.

Dúirt an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee gur léirigh scéal an Dr Fanghze Qiu agus a mhná, Lijing Peng “neamhaird” an stáit ar an teanga agus na deacrachtaí a chruthaíonn an stát do chainteoirí Gaeilge.

Chuir an Dr Qiu agus a bhean, Lijing Peng, isteach ar shaoránacht Éireannach anuraidh agus shocraigh siad a gcuid iarratas a dhéanamh i nGaeilge mar gheall ar an meas agus an cion atá acu ar an teanga.

An Dr Fangzhe Qiu. Pictiúr: Chronologicon Hibernicum/Twitter

Sé mhí tar éis dóibh na foirmeacha a lorg agus a sheoladh ar aghaidh, fuarthas scéal ar ais ón Roinn Dlí agus Cirt ag iarraidh orthu na hiarratais a dhéanamh ar líne i mBéarla.

Tá teagmháil déanta ag Lorraine Clifford-Lee Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, faoi scéal agus an Seanadóir ag iarraidh aird a tharraingt ar na constaicí a bhíonn roimh dhaoine a bhíonn ag iarraidh seirbhís i nGaeilge a fháil ón stát.

Tá leithscéal gafa ag an Roinn leis an Dr Qiu agus a bhean ó shin agus é ráite leo go gcuirfear leagan Gaeilge de na foirmeacha ar fáil ag deireadh na míosa seo.

Deir Clifford-Lee go bhfuil “leithcheal” le bheith ag fanacht ar leagan Gaeilge d’fhoirmeacha riachtanacha agus nár cheart glacadh lena leithéid ón stát.

D’iarr an Seanadóir ar an Aire McEntee go gcuirfí leaganacha Gaeilge d’fhoirmeacha iarratais ar fáil ar dtús nó, ar a laghad, go gcuirfí ar fáil iad ag an am céanna a chuirtear na leaganacha Béarla ar fáil.

Tá scéal an Dr Qiu agus an teagmháil a bhí ag an Roinn Dlí agus Cirt leis á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga i láthair na huaire.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ag Seanadóir ar an Roinn Dlí agus Cirt maidir le cás an Dr Fangzhe Qiu'